Cosaint Sonraí agus Scéimeanna maidir le CCTV Pobalbhunaithe

Sna míonna tar éis teacht i bhfeidhm an RGCS, léiríodh imní maidir le tionchar na reachtaíochta sin ar cur i bhfeidhm scéimeanna CCTV pobalbhunaithe. Téama coiteann sna hailt sin ab ea an tuiscint go raibh deacrachtaí maidir le cosaint sonraí ag tarlú de bharr na scéimeanna úra sin a bhí beartaithe agus nach rabhtar ábalta dul ar aghaidh leo. Tugann an treoir seo a leanas soiléiriú ar sheasamh an Choimisiúin um Chosaint Sonraí i dtaca le cur i bhfeidhm an dlí maidir le cosaint sonraí ar na scéimeanna CCTV pobalbhunaithe.

Cosaint Sonraí agus Scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe: Treoirnóta Iomlán