Cás-Staidéir Ilghnéitheach
Cuntas Ríomhphoist Pearsanta a Úsáid ag an Obair
Le linn athbhreithniú iniúchóireachta inmheánaí a dhéanamh, tháinig eagraíocht san earnáil dheonach ar an eolas gur chuir iarfhostaí ríomhphoist agus ceangaltáin ar aghaidh óna chuntas ríomhphoist oibre chuig a chuntas ríomhphoist príobháideach agus é fostaithe ag an eagraíocht. Bhí sonraí pearsanta sna ríomhphoist sin, lenar áiríodh sonraí sláinte catagóire speisialta faoi Airteagal 9 RGCS a bhain le roinnt daoine aonair soghonta.
Rinne an Coimisiún caidreamh leis an eagraíocht chun bunchúis an tsáraithe seo a shuí agus chun a fháil amach cé na bearta a bhí i bhfeidhm ag an eagraíocht chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí lena mbaineann a chosaint. Rinne an eagraíocht imscrúdú ansin, agus thug an t-iarfhostaí a fhocal di gur scriosadh na sonraí pearsanta a bhí i gceist, nár comhroinneadh iad riamh le haon tríú páirtithe, agus gur bhain sé úsáid as a chuntas ríomhphoist pearsanta ar mhaithe le caoithiúlacht in imthosca áirithe.
Chuaigh Oifigeach Cosanta Sonraí na heagraíochta i dteagmháil le Ceann TF na heagraíochta freisin chun a fháil amach an bhféadfaí aon bhearta teicniúla a chur chun feidhme chun laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlódh rud den sórt seo arís. Cuireadh na hábhair sonraí uile lena mbaineann ar an eolas faoin ní seo, agus dúradh leo go mbeadh an tOifigeach Cosanta Sonraí ar fáil dóibh chun cabhrú leo dá mbeadh aon fhiosruithe acu.
Tar éis caidreamh a dhéanamh leis an gCoimisiún, chuir an eagraíocht roinnt réiteach chun feidhme, idir réitigh theicniúla agus réitigh eagraíochtúla, chun a shocrú nach dtiocfadh an tsaincheist seo chun cinn arís. Sheol an eagraíocht feachtas feasachta freisin chun a mheabhrú do gach ball foirne, do gach oibrí deonach agus don Bhord Stiúrthóirí ar fad go bhfuil freagracht orthu sonraí pearsanta a choinneáil sábháilte agus príobháideach agus a chinntiú go gcomhlíontar Beartas Cosanta Sonraí na heagraíochta.