Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Google Ireland Limited
I mí na Samhna 2023, fuair an Coimisiún fógra ó dhuine aonair á líomhain go bhfuair sé cumarsáidí margaíochta gan iarraidh thar an teileafón ó Google Ireland Limited. Fuair an duine aonair lena mbaineann trí ghlao teileafóin ar leith laistigh de thréimhse ceithre huaire an chloig ó ionadaithe díolacháin a bhí ag gníomhú thar ceann Google Ireland Limited. Sheol an Coimisiún imscrúdú ansin, ar lena linn a dheimhnigh Google Ireland Limited gur thug conraitheoir tríú páirtí dá chuid neamhaird ar an iarraidh a rinne an duine aonair roimhe sin chun diúltú do chumarsáidí margaíochta. Ba mar thoradh ar an neamhaird sin a cuireadh roinnt glaonna ar an duine aonair.
D’eisigh an Coimisiún rabhadh chuig Google Ireland Limited roimhe sin i mí Iúil 2023 maidir le glaonna teileafóin gan iarraidh a cuireadh gan toiliú ar an duine aonair céanna. Mar chuid den rabhadh sin, tugadh fógra do Google Ireland Limited go bhféadfaí é a ionchúiseamh dá bhfaigheadh an duine aonair aon ghlaonna teileafóin eile.
Sháraigh Google Ireland Limited na rialacha lena rialaítear glaonna margaíochta teileafóin gan iarraidh, toisc gur lean an chuideachta le glaonna margaíochta teileafóin a chur ar an duine aonair tar éis dó a thoiliú a tharraingt siar go sainráite.
Ag Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 25 Deireadh Fómhair 2024, phléadáil Google Ireland Limited ciontach in dhá chúiseamh i nglaonna margaíochta teileafóin gan iarraidh a chur faoi Rialachán 13 de I.R. Uimh. 336 de 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach), 2011. In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, d’ordaigh Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath don chuideachta ranníocaíocht €1,500 a dhéanamh le Little Flower Penny Dinners, ar carthanas é, agus costais dlí an Choimisiúin a íoc.