Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le measúnú creidmheasa bainc
Sa ghearán seo, rinne an gearánach iarratas chuig banc faoi reachtaíocht um chosaint sonraí le go gcuirfí cóip ar fáil don ghearánach de na sonraí pearsanta ar fad a choinnigh an banc maidir leis. Mhaígh an gearánach, go sonrach, gur theip ar an mbanc aon anailísí inmheánacha a sholáthar dó inar úsáideadh sonraí pearsanta an ghearánaigh chun teacht ar an méid creidmheasa a thabharfadh an banc dó.
Dheimhnigh an Oifig seo gur aithníodh an banc ar an rialaitheoir sonraí ábhartha i ndáil leis an ngearán, ós rud é gur rialaigh sé sonraí pearsanta a chuir an gearánach ar fáil don bhanc le linn iarratas a dhéanamh ar iasacht. Bhí na sonraí a bhí i gceist ina sonraí pearsanta a bhain leis an ngearánach (a chuimsigh, i measc nithe eile, foirm iarratais ar iasacht chomhlánaithe agus doiciméid tacaíochta) toisc go bhféadfaí an gearánach a aithint iontu agus gur bhain na sonraí leis an ngearánach mar dhuine aonair. Dá bhrí sin, bhí an oifig seo sásta gur chóir imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán seo lena chinneadh an raibh sárú ar an reachtaíocht um chosaint sonraí i gceist nó nach raibh.
Le linn imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán seo, chuaigh an Oifig seo i dteagmháil leis an mbanc i ndáil le cineál ar bith na sonraí pearsanta a d’fhéadfadh an gearánach bheith ina dteideal. Bhí an banc den tuairim nach raibh an gearánach i dteideal shonraí a anailíse inmheánaí agus algartaim ná aon tairseacha cinnteoireachta inmheánacha ar ar bhunaigh sé a chinneadh i leith iasachtú toisc, i dtuairim an bhainc, nach raibh an fhaisnéis seo ina sonraí pearsanta, agus, chomh maith leis sin, go raibh an fhaisnéis íogair don mhargadh agus ina maoin int- leachtúil de chuid an bhainc. Go háirithe, níor chuir an banc mionsonraí ar fáil don ghearánach maidir le scór creidmheasa an ghearánaigh ná an t-áireamh a rinne an banc ar ghlanioncam indiúscartha an ghearánaigh atá mar chuid dá chritéir mheasúnaithe ar chreidmheas.
Bhreithnigh an Oifig seo na míniúcháin a thug an banc agus ghlac an Oifig an tuairim go raibh figiúr glanioncaim indiúscartha agus raon creidmheasa an ghearánaigh araon ina sonraí pearsanta a bhain leis an ngearánach toisc go bhféadfaí an gearánach a aithint ó na sonraí agus gur bhain siad leis an ngearánach mar dhuine aonair . Chomh maith leis sin, ós rud é nár aithin an banc eisceacht ábhartha faoin reachtaíocht um chosaint sonraí ar trí sin a bhféadfadh sé na sonraí seo a choimeád siar ón ngearánach, mheas an Oifig gur theip ar an mbanc cloí le hiarratas an ghearánaigh maidir le teacht a bheith aige ar a chuid sonraí. Mar sin féin, d’aontaigh an Oifig seo nach raibh na samhlacha scórála creidmheasa a d’úsáid an banc ina phróiseas measúnaithe ar chreidmheas ina sonraí pearsanta a bhain leis an ngearánach, agus, dá réir sin, nach raibh an gearánach i dteideal cóip den fhaisnéis seo a fháil.
Ar deireadh, bhreithnigh an oifig seo gur sháraigh an banc a chuid oibleagáidí tuilleadh faoin reachtaíocht um chosaint sonraí toisc nár thug sé freagra ar an iarratas a rinne an gearánach laistigh den teorainn ama reachtúil is infheidhme.
Faoi Airteagal 15 den GDPR, tá sé de cheart ag ábhair sonraí deimhniú a fháil ó rialaitheoirí sonraí cé acu atá sonraí pearsanta a bhaineann leo á bpróiseáil nó nach bhfuil, agus i gcás ina bhfuil, teacht a bheith acu ar na sonraí pearsanta sin. Ní bhaineann an ceart seo ach le sonraí pearsanta an ábhair sonraí, arb é is ciall leis sin aon fhaisnéis a bhaineann leis an ábhar sonraí sin ina n-aithnítear an t-ábhar sonraí nó ina bhfuil an t-ábhar sonraí inaitheanta. Ní mór do rialaitheoir sonraí freagra a thabhairt ar iarratas ar rochtain ó ábhar sonraí gan mhoill mhíchuí agus laistigh de mhí amháin ar an iarratas a fháil i gcás ar bith. Mar sin féin, tá an ceart ar rochtain ar shonraí pearsanta faoi réir líon eisceachtaí faoin GDPR agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 (go háirithe, ailt 59 go 61), ar nós cás ina ndéanfaí dochar do chearta agus saoirsí daoine eile an t-iarratas ar rochtain a chomhlíonadh.