Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Léirithe rúnda tuairime agus iarrataí ar rochtain ón té lena mbaineann

Rinne an gearánaí seo iarratas chuig a fhostóir chun rochtain a fháil ar ábhar. Mhaígh an gearánaí, áfach, gur fhág a fhostóir cumarsáidí áirithe ar lár óna fhreagra, gur choinnigh sé siar sonraí go héagórach ar an mbonn gur tuairim a bhí ann a tugadh faoi rún agus nár fhreagair sé an t-iarratas laistigh den tréimhse ama riachtanach mar atá leagtha amach sa reachtaíocht.

Ba é fostóir an ghearánaí an rialaitheoir sonraí toisc go raibh smacht aige ar an ábhar agus ar úsáid sonraí pearsanta an ghearánaí ar mhaithe le bainistiú a dhéanamh ar fhostaíocht an ghearánaí. Is éard a bhí sna sonraí a bhaineann le hábhar ná comhad AD an ghearánaí agus sonraí a bhain le riarachán fhostaíocht an ghearánaí. Sonraí pearsanta a bhí sna sonraí toisc go bhféadfaí an gearánaí a aithint uathu agus gur bhain na sonraí leis an ngearánaí mar dhuine aonair.

Nuair a bhí scrúdú á dhéanamh ar an ngearán, d’aithin an rialaitheoir sonraí doiciméid bhreise ina raibh sonraí pearsanta an ghearánaí agus chuir siad iad seo ar fáil don ghearánaí. I ndáil leis an doiciméad ar dhearbhaigh an rialaitheoir sonraí ina thaobh gur tuairim a bhí ann tugadh faoi rún, le linn imscrúdú an ghearáin seo, léirigh an duine a thug an tuairim a bhí faoi chaibidil go raibh sé sásta go scaoilfí an doiciméad lena chur faoi bhráid an ghearánaí, agus dá bharr sin chuir an rialaitheoir sonraí an doiciméid ar fáil don ghearánaí.

Tugann an reachtaíocht um chosaint sonraí ceart rochtana ar a shonraí pearsanta don té lena mbaineann na sonraí agus, chomh maith leis sin, ní mór an rochtain sin a thabhairt laistigh de thréimhse ama áirithe. Tar éis do an gearán a fhiosrú, ní raibh an DPC sásta go ndearna an rialaitheoir sonraí na cuardaithe cuí agus gur thug sé don ghearánaí na sonraí pearsanta ar fad, a raibh an gearánaí ina dteideal de réir an dlí. Ba cheart go mbeadh na doiciméid a chuir an rialaitheoir sonraí ar fáil don té atá i gceist leis na sonraí le linn an scrúdaithe ar an ngearán seo, tugtha dó laistigh den tréimhse ama a bhfuil foráil dó sa reachtaíocht.

Faoi Airteagal 15 den GDPR, tá sé de cheart ag an té lena mbaineann na sonraí, rochtain a fháil ó rialaitheoir sonraí ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, agus atá á bpróiseáil. Ní mór don rialaitheoir sonraí freagra a thabhairt ar iarratas ar rochtain ón té atá i gceist leis na sonraí gan an iomarca moille agus pé scéal é laistigh de mhí amháin ón am a raibh an t-iarratas faighte. Mar sin féin, foráiltear le halt 60 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 nach gclúdaíonn an ceart rochtana ar shonraí sonraí faoin té atá i gceist leis na sonraí, in ar nocht duine eile tuairim faoi rún, nó ar an tuiscint go bhféachfaí air mar ábhar faoi rún, do dhuine a bhfuil ceart dlisteanach aige nó aici an fhaisnéis sin a fháil.