Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann
Gearán Trasteorann maidir le hIarraidh Díliostaithe
Fuair an Coimisiún gearán tríd an sásra maidir le hIonaid Ilfhreastail i ndáil le hiarraidh díliostaithe a rinneadh chuig cuideachta ilnáisiúnta teicneolaíochta mhór (Rialaitheoir Sonraí) faoin “gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad” de bhun Airteagal 17 RGCS.
Féach Tuilleadh EolaisGearán Trasteorann maidir le hIarraidh Rochtana chuig Ardán Mór Meán Sóisialta
Fuair an Coimisiún gearán tríd an sásra maidir le hIonaid Ilfhreastail i ndáil le hiarraidh rochtana a rinneadh chuig ardán mór meán sóisialta (Rialaitheoir Sonraí) de bhun Airteagal 15 RGCS.
Féach Tuilleadh EolaisIarraidh ar Dhíliostú de bhun Airteagal 17 RGCS
Trí mheicníocht an tSiopa Ilfhreastail (OSS), fuair an Coimisiún gearán maidir le hiarraidh ar ‘Cheart go nDéanfaí Ligean i nDearmad’ a cuireadh isteach chuig cuideachta teicneolaíochta ilnáisiúnta mhór de bhun Airteagal 17 RGCS. D’iarr an duine aonair go ndíliostófaí trí aimsitheoir aonfhoirmeacha acmhainne (URL) a tugadh mar thorthaí ar inneall cuardaigh an Rialaitheora Sonraí nuair a cuardaíodh ainm an duine aonair. Bhain na URLanna i gceist le gnólacht atá díchláraithe anois de chuid an duine aonair. Bhíothas in ann uimhir theileafóin phearsanta agus seoladh cónaithe an duine aonair a fheiceáil trí na URLanna i gceist (ós rud é gur oibrigh an duine aonair a ghnólacht roimhe ag an seoladh céanna).
Féach Tuilleadh EolaisRéitíodh go Cairdiúil Gearán Trasteorann a bhain le hIarraidh ar Chuideachta Airgeadais ar Líne ar an gCeart go nDéanfaí Léirscriosadh
Bhain an gearán seo le hiarraidh léirscriosta a rinne duine aonair sa Ghearmáin ar chuideachta airgeadais ar líne atá lonnaithe in Éirinn de bhun Airteagal 17 RGCS. Thaisc an duine aonair an gearán uaidh ar dtús trí Údarás Cosanta Sonraí na Réine Thuaidh-Westphalia, a tharchuir an gearán ansin chuig an gCoimisiún mar Phríomhúdarás Maoirseachta.
Féach Tuilleadh EolaisRún Cairdiúil ar Ghearán Trasteorann maidir le hIarratas Cirt chun Scriosta
Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair maidir le láimhseáil iarratas scriosta faoi Airteagal 17 RGCS.
Féach Tuilleadh EolaisFeidhmiú Nós Imeachta Airteagail 60 I nGearáin Trasteorann: Groupon
Fuair an DPC gearán i Mí Iúil 2018 ó údarás cosanta sonraí na Polainne ar son gearánaigh Pholannaigh in aghaidh Groupon International Limited (“Groupon”). Bhain an gearán leis na riachtanais a bhí i bhfeidhm ag Groupon ag an am sin chun céannacht daoine aonair a dheimhniú a rinne iarratais chosanta sonraí don chomhlacht. Sa chás seo, mhaígh an gearánach go raibh cleachtas Groupon, is é sin ceangal a chur orthu a gcéannacht a dheimhniú trí chur isteach leictreonach chóip chárta náisiúnta aitheantais, i gcomhthéacs iarratais a bhí déanta acu chun sonraí pearsanta a scriosadh de bhun Airteagail 17 den GDPR, ina shárú ar phrionsabal an íoslaghdaithe shonraí faoi mar a leagtar sin amach in Airteagal 5(1) (c) den GDPR, i gcúinsí nuair nár ghá doiciméad aitheantais a sholáthar agus cuntas Groupon á chruthú. Ina theannta sin, mhaígh an gearánach gur shárú ar a gceart ar scriosadh faoi Alt 17 a bhí i dteip Groupon ina dhiaidh sin gníomhú maidir leis an iarratas scriosta (i gcúinsí nuair a chuir an duine in aghaidh cóip dá gcárta náisiúnta aitheantais a sholáthar).
Féach Tuilleadh EolaisGearán trasteorann a réitíodh trí nós imeachta comhoibrithe AE
Cúlra I mí Feabhra 2021, thaisc ábhar sonraí gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí de bhun Airteagal 77 GDPR. Bhain an gearán le rialaitheoir sonraí atá lonnaithe in Éirinn. Measadh gurbh é an Coimisiún an t-údarás inniúil chun críche Airteagal 56(1) GDPR.
Féach Tuilleadh EolaisIarraidh léirscriosta ó ábhar sonraí Gréagach chuig Tinder, rud ar láimhseáil an Coimisiún é mar Phríomhúdarás Maoirseachta
Baineann an cás-staidéar seo le gearán a fuair an Coimisiún tríd an sásra maidir le hIonaid Ilfhreastail, a cruthaíodh leis an Rialachán Ginearálta, ó dhuine aonair maidir le hiarraidh léirscriosta a rinne sé chuig MTCH Technology Services Limited (Tinder). Mar fhaisnéis chúlra, chuir Tinder cuntas an duine aonair ar fionraí. Tar éis na fionraí sin, chuir an duine aonair iarraidh faoi bhráid Tinder faoi Airteagal 17 RGCS, á iarraidh go léirscriosfaí na sonraí pearsanta uile a sealbhaíodh i ndáil leis. Nuair a rinne sé teagmháil le Tinder, chuir an duine aonair in iúl freisin gur fadhb é nach féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le hoifigeach cosanta sonraí Tinder. Toisc nach raibh an duine aonair sásta leis an bhfreagra a fuair sé ó Tinder, rinne sé gearán le hÚdarás Maoirseachta na Gréige.
Féach Tuilleadh EolaisLáimhseáil ghearáin duine Éireannaigh is ábhar do na sonraí in aghaidh Cardmarket, atá lonnaithe sa Ghearmáin, ag úsáid mheicníocht Ionaid Ilfhreastail an GDPR.
Fuair an DPC gearán ó dhuine aonair Éireannach in aghaidh Cardmarket, ardán Gearmánach r-thráchtála agus trádála. Fuair an duine r-phost ó Cardmarket, ag cur in iúl dó go rabhthas tar éis é a haiceáil agus gur féidir gur sceitheadh cuid dá chuid eolais phearsanta úsáideora. Chuir an duine aonair an DPC ar a airdeall agus chuir sé gearán faoina bhráid maidir leis an sárú.
Féach Tuilleadh EolaisNeamhfhreagra Airteagail 60 ar Iarratas Rochtana ag Ryanair
Sa chás seo, chuir an gearánach a ngearán faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Fhaisnéise (ICO) sa RA i dtús báire, agus fuair an DPC an gearán ina dhiaidh sin, ar 2 Márta 2019. Bhain an gearán le teip a líomhnaítear go ndearna Ryanair DAC (Ryanair) maidir le hiarratas duine ar a shonraí a cuireadh faoina bhráid ag an ngearánach ar 26 Meán Fómhair 2018 de réir Airteagail 15 den GDPR. Sholáthair an ICO cóip den fhoirm ghearáin don DPC a cuireadh faoi bhráid an ICO ag an ngearánach, cóip den admháil, agus dáta 26 Meán Fómhair 2018 air, a fuair an gearánach ón rialaitheoir sonraí nuair a chuir sé an t-iarratas rochtana isteach, agus cóip den ríomhphost a chuir an gearánach don rialaitheoir sonraí ina dhiaidh sin ag iarraidh nuashonraithe maidir lena n-iarratas.
Féach Tuilleadh Eolais
Réiteach Cairdiúil i nGearáin Trasteorann: Facebook Ireland
Fuair an DPC gearán ilghnéitheach i Mí Aibreáin 2019 a bhain le hiarratais rochtana (faoi Airteagal 15 den GDPR), coigeartú (faoi Airteagal 16 den GDPR) agus scriosadh (faoi Airteagal 17 den GDPR) a bhí déanta ag an ngearánach le Facebook Ireland Limited (“Facebook”). Rinneadh an gearán go díreach don DPC, ó ábhar sonraí atá lonnaithe sa RA. Tar éis measúnaithe sa DPC, measadh gur ghearán trasteorann a bhí sa ghearán, ós rud é gur bhain sé le polasaithe ginearálta oibríochtúla Facebook agus, mar go bhfuil Facebook ar fáil ar fud an AE, measadh gur chineál próiseála í an phróiseáil a ndearnadh an gearán fúithi ná ceann “…a bhfuil éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil sin ar ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach aici orthu” (de réir shainmhíniú na próiseála trasteorann faoi Airteagal 4(23) den GDPR).
Féach Tuilleadh EolaisRéiteach Cairdiúil i nGearáin Trasteorann: MTCH
Fuair an DPC gearán i Mí Mheithimh 2020, trí mheán a chuid foirmeacha gréasáin ghearáin, in aghaidh MTCH Technology Services Limited (Tinder). Cé go ndearnadh an gearán go díreach don DPC, ó chónaitheoir Éireannach, tar éis measúnaithe measadh é a bheith ina ghearán trasteorann ós rud é gur bhain sé le polasaithe ginearálta oibriochtúla Tinder agus, ós rud é go bhfuil Tinder ar fáil ar fud an AE, measadh gur chineál próiseála í an phróiseáil a ndearnad gearán fúithi “...... a bhfuil éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil sin ar ábhair shonraí i níos mó ná Ballstát amháin nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach aici orthu” (de réir shainmhíniú na próiseála trasteorann faoi Airteagal 4(23) den GDPR.)
Féach Tuilleadh EolaisRéiteach cairdiúil maidir le gearáin trasteorann — Yahoo EMEA Limited
Fuair an DPC gearán i mí Márta 2021 ó údarás cosanta sonraí Bavaria thar ceann gearánach as Bavaria i gcoinne Yahoo EMEA Limited. Faoin meicníocht Ionad Ilfhreastail (OSS) a cruthaíodh leis an GDPR, is de réir shuíomh phríomhcheannáras na cuideachta san AE a shocrófar an t-údarás AE a fheidhmeoidh ina Phríomhúdarás Maoirseachta (LSA) i ndáil le gearáin a fhaightear. Nuair a dhéantar an príomhúdarás a cheapadh, feidhmíonn an t-údarás a fuair an gearán ina údarás maoirseachta lena mbaineann (CSA). Is é an CSA an t-idirghabhálaí idir an LSA agus an duine aonair. Sa chás seo, is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí an LSA, os rud é go bhfuil príomh-cheannáras na cuideachta lena mbaineann an gearán lonnaithe in Éirinn.
Féach Tuilleadh EolaisRéiteach cairdiúil maidir le gearáin trasteorann: iarraidh ar rochtain a rinneadh le Airbnb
Fuair an DPC gearán i Meán Fómhair na bliana 2020 a bhain le hiarraidh ar rochtain (faoi Airteagal 15 den GDPR), a bhí déanta ag an ngearánach le Airbnb Ireland UC (“Airbnb”). Rinne duine aonair atá lonnaithe i Málta gearán go díreach leis an DPC. Nuair a rinne an DPC an gearán a mheas, measadh gur gearán trasteorann a bhí i gceist mar gur bhain sé le polasaithe oibriúcháin ginearálta Airbnb, agus mar sin, ós rud é go bhfuil Airbnb ar fáil ar fud an AE, measadh, i leith an ghearáin a ndearnadh maidir leis an bpróiseáil, go raibh “éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil sin ar ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach aici orthu” (de réir an tsainmhínithe ar phróiseáil trasteorann faoi Airteagal 4(23) den GDPR).
Féach Tuilleadh EolaisRéiteach cairdiúil maidir le gearáin trasteorann: Google (YouTube)
Fuair an DPC gearán i Meán Fómhair 2020, trína fhoirm ghréasáin do ghearáin, i gcoinne Google Ireland Limited (YouTube). Rinne tuismitheoir an gearán thar ceann a linbh, gearán a bhain le cainéal/cuntas YouTube. Bhí an leanbh deich mbliana d’aois nuair a socraíodh suas an cainéal/ cuntas, tráth nár thuig an leanbh na hiarmhairtí a bhain le físeáin a phostáil ar líne.
Féach Tuilleadh EolaisTikTok agus comhoibriú le húdaráis cosanta sonraí AE eile
Le linn na bliana 2021, fuair an DPC iarrataí GDPR Airteagal 61 ar chúnamh frithpháirteach ó údaráis cosanta sonraí na hÍsiltíre agus na Fraince. I ngach aon cheann de na hiarrataí sin, iarradh ar an DPC tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar roinnt ábhair imní maidir leis an bpróiseáil a dhéanann TikTok ar shonraí pearsanta a úsáideoirí, go háirithe úsáideoirí linbh.
Féach Tuilleadh Eolais