Rianú Feithiclí Fostaithe

Tá fostaithe i dteideal a bheith ag dúil, ar bhonn réasúnach, le príobháideacht sa láthair oibre faoi mar atá deimhnithe in Airteagal 8 de Choinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine agus i gcásdlí le déanaí sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECHR). Tá ardriosca ag baint le húsáid rianú infheithicle ag fostóir ('an rialaitheoir') go sáróidh sé cearta príobháideachta agus cosanta sonraí an fhostaí.

Rialaítear tríd Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018 ('an tAcht') mar is féidir sonraí pearsanta a phróiseáil. I gcomhthéacs rianú infheithicle, is tábhachtach a chuimhneamh gur ionann sonraí suímh agus sonraí pearsanta faoin GDPR aon am a mbaineann siad le duine atá in-sainaitheanta.

Is tábhachtach, mar sin de, a shonrú nach é amháin go bhfuil fostóir atá ag úsáid rianú feithicle ag bailiú sonraí faoin bhfeithicil ach, lena chois sin, sonraí pearsanta an fhostaí aonair atá ag úsáid na feithicle sin, amhail sonraí suímh nó b'fhéidir sonraí iompraíochta faoin bhfostaí. Ionas go mbíonn rianú infheithicle dlíthiúil faoin GDPR, ní mór don fhostóir riachtanais dhochta a chomhlíonadh.

Níor chóir rianú feithicle a úsáid chun monatóireacht ghinearálta a dhéanamh ar bhaill foirne. D'fhéadfaí an teicneolaíocht seo a úsáid chun suíomh na bhfeithiclí a rianú nó a mhonatóiriú mar a úsáidtear iad i gcomhthéacs fostaíochta, ach is tábhachtach a shonrú nár chóir d'fhostóirí breathnú ar rianú feithiclí mar mhodh chun iompraíocht nó suíomh tiománaithe nó baill eile foirne a rianú ná a mhonatóiriú.

Rianú Feithiclí Fostaithe