Cearta Cosanta Sonraí Mo Linbh

Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí ceithre threoir ghearra le chéile do thuismitheoirí maidir leis na cearta cosanta sonraí atá ag leanaí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá na treoracha sin ceaptha chun cabhrú le tuismitheoirí na cearta atá ag a leanaí a thuiscint agus freagra a thabhairt ar cheisteanna ar féidir leo teacht chun cinn sna gnáthchásanna ina bhfuil feidhm ag na cearta sin.

Tosaíocht thábhachtach don Choimisiún is ea sonraí pearsanta leanaí a chosaint, rud atá ar cheann amháin de na cúig sprioc straitéiseacha atá sa Straitéis Rialála 2022-2027 uainn. D’fhoilsigh an Coimisiún an treoir ‘Bunrudaí’ uainn maidir leis na cearta cosanta sonraí atá ag leanaí  freisin, atá ceaptha chun cabhrú le heagraíochtaí an chosaint speisialta a theastaíonn nuair a phróiseálann siad sonraí pearsanta leanaí a sholáthar. Tá na treoracha mar chuid d’obair an Choimisiúin chun éifeacht a thabhairt do na spriocanna atá luaite sna doiciméid sin.

Cearta cosanta sonraí mo linbh – na bunrudaí 

Leagtar amach sa treoir seo roinnt de na saincheisteanna ar féidir leo teacht chun cinn nuair a fhéachann tuismitheoir le cearta cosanta sonraí a fheidhmiú thar ceann a linbh.

Sonraí leanaí agus toiliú tuismitheora 

Féachtar sa treoir seo ar an mbrí atá le ‘haois an toilithe dhigitigh’ agus leagtar amach inti na cásanna inar féidir go mbeidh toiliú tuismitheora ag teastáil le haghaidh sonraí pearsanta a linbh a phróiseáil agus conas is féidir le tuismitheoirí aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin.

Sonraí mo linbh a chosaint 

Tá an treoir seo ceaptha chun cabhrú le tuismitheoirí tuiscint a ghnóthú ar na cearta atá acu i ndáil le sonraí a leanaí agus tugtar comhairle úsáideach inti maidir le conas is féidir leo cearta a leanaí a chosaint.

An bhfuil aon teorainneacha ann ar chearta cosanta sonraí mo linbh?

Leagtar amach sa treoir seo roinnt teorainneacha tábhachtacha ar conas agus cén uair a fhéadfaidh leanaí na cearta cosanta sonraí atá acu a fheidhmiú nó a fhéadfaidh tuismitheoirí na cearta sin a fheidhmiú thar ceann a leanaí. Leagtar amach inti roinnt cásanna coitianta inar féidir leis na teorainneacha sin teacht chun cinn agus moltar inti bealaí inar féidir le tuismitheoirí aghaidh a thabhairt orthu.

Tá súil ag an gCoimisiún go mbeidh na treoracha sin úsáideach do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí agus go mbeidh siad úsáideach freisin d’oideoirí agus d’aon daoine eile a bhfuil spéis acu i sábháilteacht agus folláine leanaí ar líne.

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi aon ní a léifidh tú sna treoracha sin, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig an gCoimisiún nó glao a chur air agus beimid sásta do cheisteanna a fhreagairt. Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoi conas teagmháil a dhéanamh linn a fháil ag: https://www.dataprotection.ie/ga/contact/teagmhail-dheanamh-linn.