Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé RGCS a úsáid chun a shocrú go ndéanfaí mo thaifid liachta a leasú nó a léirscriosadh?
Is minic a fhaigheann an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) gearáin ó dhaoine aonair a d’iarr go ndéanfaí an fhaisnéis atá ina dtaifid liachta a athrú nó a léirscriosadh tar éis don Rialaitheoir Sonraí (an eagraíocht atá ag próiseáil na sonraí) diúltú don iarraidh nó do na hiarrataí uathu. Go deimhin, is amhlaidh a thugtar do dhaoine aonair leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) an ceart go ndéanfaí ceartúcháin ar shonraí pearsanta míchruinne agus an ceart go ndéanfaí léirscriosadh orthu in imthosca sonracha. Ní dearbhcheart atá i gceachtar de na cearta sin, áfach, agus, mar a léireoimid thíos, is annamh a bhíonn feidhm acu maidir le sonraí pearsanta amhail tuairimí liachta, nótaí diagnóise agus nótaí cóireála cliniciúla.
An bhféadfaidh mé a iarraidh go n-athrófaí (go gceartófaí) mo thaifid liachta?
Le hAirteagal 16 RGCS, tugtar do dhaoine aonair an ceart chun a shocrú go gceartófaí sonraí pearsanta “míchruinne” nó go gcomhlánófaí sonraí pearsanta neamhiomlána. Bíonn sé éasca an riail sin a chur i bhfeidhm i gcás go mbaineann sí le faisnéis scoite amhail do dháta breithe. Is cineál seasmhach sonraí iad sonraí pearsanta den sórt sin, agus is féidir iad a fhíorú agus a cheartú go héasca má iontráiltear de bhotún iad. Níl sé chomh simplí céanna faisnéis eile, amhail nótaí cliniciúla nó tuairim nó diagnóis, a mheas a bheith míchruinn, áfach.
Sampla de sin is ea tuairimí liachta nó diagnóis roimhe atá i do thaifid liachta. Féadfaidh go dtiocfaidh athrú ar do dhiagnóis nó go n-athbhreithneofar í le himeacht ama, ach ní fhágfaidh sé sin go bhfuil do dhiagnóis bhunaidh míchruinn ó thaobh na bhfíoras de agus go bhféadfar í a cheartú. Ceann amháin de na cúiseanna leis sin is ea gurb ionann diagnóis agus léargas ar an staid ag am ar leith; is léiriú í ar thuairim ghairmiúil an dochtúra nó an altra ag an am sin agus tá sí bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don dochtúir nó don altra ag an am. Fiú amháin i gcás go dtiocfaidh athrú ar an bhfaisnéis bhunúsach tráth níos déanaí, agus tuairim nó diagnóis eile á tabhairt dá bharr sin, ní thiocfaidh aon athrú ar an “léargas”. Mar thoradh air sin, tá sé fós cruinn ó thaobh na bhfíoras de an tuairim nó an diagnóis a tugadh a thaifeadadh, mar aon le cad a bhí sa tuairim nó sa diagnóis sin. Ní bheadh sonraí den sórt sin “míchruinn” toisc go léirítear iontu go cruinn ó thaobh na bhfíoras de gur tugadh tuairim nó diagnóis agus cad a bhí sa tuairim nó sa diagnóis ag an am. In imthosca den sórt sin, ní dóigh go mbeidh feidhm ag an gceart go ndéanfaí ceartúcháin i gcás nach bhfuil na sonraí lena mbaineann “míchruinn”.
I gcásanna eile, ní dóigh go mbeifear in ann tuairim nó diagnóis liachta a cheartú toisc go dtugtar inti comhthéacs tábhachtach d’aon chinntí cóireála liachta arna ndéanamh ag do sholáthraithe cúram sláinte ina dhiaidh sin. Féadfaidh go míneofar i dtuairim nó diagnóis roimhe cén fáth ar ordaíodh cógais áirithe nó ar glacadh pleananna áirithe cóireála. Ní hé amháin go gceanglaítear na taifid sin a choinneáil mar ábhar dlí, ach freastalaíonn coinneáil na dtaifead ar leas an phobail freisin trína chinntiú go bhfuil taifead iontaofa ag an duine aonair agus ag an ngairmí cóireála ar an méid a thit amach.
Más rud é nach bhféadfar do thaifead liachta a cheartú, féadfaidh go fóill go mbeifear in ann ráiteas forlíontach a cheangal le do thaifead liachta á leagan amach cé na sonraí a mheasann tú a bheith míchruinn nó neamhiomlán. Le hAirteagal 16 RGCS, tugtar do dhaoine aonair an ceart chun a shocrú go ndéanfaí “sonraí neamhiomlána a chomhlánú, lena n-áirítear de bhíthin soláthair ráitis fhorlíontaigh”, agus modhanna na próiseála á gcur san áireamh. Cé nach dóigh go n-athbhreithneoidh soláthraithe liachta diagnóis a tugadh san am atá thart, féadfaidh tú a iarraidh go gcuirfeadh an soláthraí liachta ráiteas forlíontach leis an taifead chun an taifead a chomhlánú i gcás go bhfuil sonraí pearsanta “neamhiomlán”.
Tabhair faoi deara nach mbeidh an Coimisiún in ann a chinneadh in aon chás cé acu a bhí nó nach raibh do dhiagnóis liachta ceart. Ní eagraíocht cúram sláinte é an Coimisiún, agus níl aige an t-údarás ná an saineolas is gá chun a bhreithiúnas féin a chur in ionad bhreithiúnas do sholáthraí cúram liachta. Mar sin, ní dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le cruinneas aon diagnóise liachta choíche.
Ba mhaith liom a shocrú go gceartófaí mo thaifid liachta. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Le hAirteagal 16 RGCS, tugtar do dhaoine aonair an ceart chun a shocrú go gceartófaí sonraí pearsanta “míchruinne”. I gcás go bhfuil na sonraí pearsanta atá i do thaifid liachta “míchruinn” mar fhíoras, féadfaidh tú a iarraidh ar rialaitheoir sonraí na míchruinnis fhíorasacha atá i do thaifid liachta a cheartú. Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an rialaitheoir sonraí á leagan amach cé na sonraí pearsanta a mheasann tú a bheith míchruinn ó thaobh na bhfíoras de agus cén fáth a bhfuil na sonraí sin míchruinn ó thaobh na bhfíoras de (agus aon fhianaise lena léirítear na míchruinnis fhíorasacha á dtabhairt agat) agus ní mór duit a iarraidh ar an rialaitheoir sonraí na sonraí atá i gceist a cheartú.
Mar an gcéanna, tugtar le hAirteagal 16 RGCS do dhaoine aonair an ceart chun a shocrú go ndéanfaí sonraí pearsanta “neamhiomlána” a chomhlánú, agus modhanna na próiseála á gcur san áireamh. I gcás go bhfuil na sonraí pearsanta atá i do thaifid liachta “neamhiomlán”, féadfaidh tú a iarraidh ar rialaitheoir sonraí ráiteas forlíontach a chur leis na taifid chun iad a chomhlánú. Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an rialaitheoir sonraí á leagan amach cé na sonraí pearsanta a mheasann tú a bheith “neamhiomlán” agus cén fáth a bhfuil na sonraí sin neamhiomlán (agus aon fhianaise lena léirítear go bhfuil siad neamhiomlán á dtabhairt agat). Ní mór duit a leagan amach cén fhaisnéis a measann tú gur cheart í a chur leis an taifead chun do shonraí pearsanta a chomhlánú agus ní mór duit a iarraidh ar an rialaitheoir sonraí na sonraí sin a chomhlánú.
An bhféadfaidh mé a iarraidh ar lia-chleachtóir/ospidéal mo thaifid liachta a scriosadh?
Is leagtha amach in Airteagal 17 RGCS atá an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, rud ar a dtugtar freisin an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad. Cosúil leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin, ní ceart uathoibríoch nó dearbhcheart atá sa cheart go ndéanfaí léirscriosadh agus níl feidhm aige ach amháin in imthosca áirithe. I gcás duine aonair atá ag iarraidh go léirscriosfaí a s(h)onraí pearsanta, chun go mbeidh sé/sí in ann a léiriú go bhfuil feidhm ag an gceart go ndéanfaí léirscriosadh maidir leis na sonraí pearsanta atá i gceist, ní mór dó/di a leagan amach ar dtús cén fáth a measann sé/sí go bhfuil feidhm ag ceann amháin de na sé chritéar atá liostaithe in Airteagal 17(1). Is iad seo a leanas na sé chritéar sin:
- Níl do shonraí pearsanta riachtanach a thuilleadh i ndáil leis an gcríoch ar chuici a bailíodh iad nó a próiseáladh iad.
- Tarraingíonn tú do thoiliú leis an bpróiseáil siar, i gcás go bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú, agus níl aon bhunús dleathach eile ann le haghaidh na sonraí a phróiseáil. (Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil toiliú ar an aon bhunús dleathach amháin a bhféadfaidh rialaitheoir sonraí brath air le haghaidh sonraí pearsanta a phróiseáil).
- Déanann tú agóid i gcoinne na próiseála agus ní ann d’fhorais dhlisteanacha sháraitheacha le leanúint ar aghaidh leis an bpróiseáil.
- Rinneadh próiseáil neamhdhleathach ar do shonraí pearsanta.
- Is gá do shonraí pearsanta a léirscriosadh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh.
- Bailíodh do shonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise (e.g., na meáin shóisialta) a thairiscint do leanbh.
Maidir le seantaifid liachta nó tuairimí nó diagnóis roimhe nach gcomhaontaíonn tú leo, ní fhágann an fíoras go bhfuil siad sean, agus an fíoras sin amháin, nach bhfuil siad riachtanach a thuilleadh. Tugtar i dtaifid liachta fianaise dhoiciméadach maidir le cúram othar a sholáthar, agus féadfaidh gurb ábhartha go fóill a bheidh an fíoras gur tugadh tuairim nó diagnóis, fiú amháin i gcás go gcinnfear tráth níos déanaí go raibh an tuairim nó an diagnóis sin mícheart.
Fiú amháin i gcás go bhfuil tú in ann a léiriú go bhfuil feidhm ag ceann amháin de chritéir Airteagal 17(1), féadfaidh nach mbeidh tú i dteideal a shocrú go léirscriosfaí do shonraí pearsanta go fóill. In Airteagal 17(3) RGCS, tá eisceachtaí ann ón gceart go ndéanfaí léirscriosadh. Leis na heisceachtaí sin, ceadaítear don rialaitheoir sonraí do shonraí pearsanta a choinneáil. Is leagtha amach in Airteagal 17(3) atá eisceachtaí sonracha a bhaineann le próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta atá i dtaifid liachta. Is minic a bhraitheann soláthraithe liachta ar na heisceachtaí atá in Airteagal 17(3)(b), (c), agus (e) chun diúltú d’iarraidh léirscriosta. Is iad seo a leanas na heisceachtaí sonracha sin:
b) - Tá gá le do shonraí chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh.
c) - Tá gá le do shonraí ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí.
e) - Tá gá le do shonraí chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.
Ós rud é go bhfuil raon feidhme measartha leathan ag na heisceachtaí sin, is dóigh go mbeidh feidhm acu go han-mhinic maidir le sonraí pearsanta atá i dtaifid liachta.
Mar shampla, soláthraítear le hAirteagal 9(2)(h) RGCS bunús dleathach le haghaidh do shonraí sláinte a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:
- leigheas coisctheach nó ceirde,
- diagnóis liachta,
- cúram sláinte nó sóisialta nó cóireáil sláinte nó shóisialta,
- bainistiú córas sláinte, agus
- conradh le gairmí sláinte.
Leagtar amach in Airteagal 17(3)(c) eisceacht shonrach ón gceart go ndéanfaí léirscriosadh in imthosca ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun aon cheann de na críocha thuas. Is leathan atá na bunúis dhleathacha sin freisin, agus ceadófar leo do sholáthraí do shonraí a choinneáil i bhformhór na n-imthosca ina bpróiseálfar iad chun ceann amháin de na críocha thuas, toisc go mbeidh feidhm ag eisceacht ina leith.
Tá sé tábhachtach freisin a thuiscint go bhfuil soláthraithe liachta agus sláinte faoi réir oibleagáidí dlíthiúla, lena gceanglaítear orthu do thaifid a choinneáil ar feadh tréimhsí fada. Féadfaidh go mairfidh tréimhsí den sórt sin roinnt mhaith blianta agus go gcoinneofar do thaifid tar éis do bháis. Tá na ceanglais sin leagtha amach sa dlí, i dtreoirlínte lena rialaítear na gairmeacha sláinte, agus i mbeartais choinneála doiciméad do sholáthraithe aonair agus d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Chomh maith leis sin, féadfaidh go mbeidh soláthraí sláinte i dteideal do thaifid a choinneáil ar chúiseanna a bhaineann le “leas an phobail i réimse na sláinte poiblí”. Áirítear leis sin imthosca inar féidir leis an soláthraí a léiriú go bhfuil do thaifid á gcoinneáil chun a chinntiú go gcomhlíonann an cúram a sholáthraítear ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta. Áirítear leis freisin cásanna ina bhfuil sé riachtanach do shonraí pearsanta a choinneáil chun an dlí is infheidhme maidir le nithe sláinte poiblí a chomhlíonadh.
Ar deireadh, féadfaidh go mbeidh soláthraí sláinte i dteideal do thaifid a choinneáil in imthosca áirithe chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint. Féadfaidh go mbeidh an eisceacht sin ábhartha i gcás go mbeidh díospóid dhlíthiúil leanúnach agat leis an soláthraí cúram sláinte nó i gcás go mbeidh an soláthraí cúram sláinte in ann a mheas nó a réamh-mheas le réasún go bhféadfaidh go dtiocfaidh díospóid den sórt sin chun cinn.
Ba mhaith liom a shocrú go léirscriosfaí mo thaifid liachta. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Mar atá leagtha amach cheana féin, tá an ceart agat a shocrú go léirscriosfaí do shonraí pearsanta i gcás go bhfuil feidhm ag ceann amháin de na sé chritéar atá liostaithe in Airteagal 17(1). Is iad seo a leanas na sé chritéar sin:
- Níl do shonraí pearsanta riachtanach a thuilleadh i ndáil leis an gcríoch ar chuici a bailíodh iad nó a próiseáladh iad.
- Tarraingíonn tú do thoiliú leis an bpróiseáil siar, i gcás go bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú, agus níl aon bhunús dleathach eile ann le haghaidh na sonraí a phróiseáil. (Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil toiliú ar an aon bhunús dleathach amháin a bhféadfaidh rialaitheoir sonraí brath air le haghaidh sonraí pearsanta a phróiseáil).
- Déanann tú agóid i gcoinne na próiseála agus ní ann d’fhorais dhlisteanacha sháraitheacha le leanúint ar aghaidh leis an bpróiseáil.
- Rinneadh próiseáil neamhdhleathach ar do shonraí pearsanta.
- Is gá do shonraí pearsanta a léirscriosadh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh.
- Bailíodh do shonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise (e.g., na meáin shóisialta) a thairiscint do leanbh.
I gcás go bhfuil feidhm ag ceann amháin de na critéir sin maidir le do shonraí pearsanta, féadfaidh tú a iarraidh ar rialaitheoir sonraí na sonraí pearsanta sin atá i do thaifid liachta a léirscriosadh. Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an rialaitheoir sonraí á leagan amach cé na sonraí pearsanta a bhfuil tú ag iarraidh go léirscriosfaí iad agus cén ceann de na critéir thuas a bhfuil feidhm aige maidir leis na sonraí pearsanta (agus aon fhianaise lena léirítear go bhfuil feidhm ag an gcritéar sin á dtabhairt agat) agus ní mór duit a iarraidh ar an rialaitheoir sonraí na sonraí atá i gceist a léirscriosadh.
Ní féidir liom a shocrú go ndéanfaí mo thaifid a cheartú nó a léirscriosadh. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Molann an Coimisiún gurbh é an chéad rud ba cheart duit a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann lena bhfuil i do thaifid liachta ná teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí liachta a bhfuil rialú aige ar na sonraí sin. Mura mbaineann an tsaincheist le míchruinneas fíorasach scoite (do dháta breithe, mar shampla) a cheartú, féadfaidh an soláthraí diúltú do thaifead a scriosadh nó a leasú. Féadfaidh go mbeidh an soláthraí toilteanach ráiteas forlíontach a cheangal, áfach. Mar shampla, féadfaidh go luafar i ráiteas forlíontach nach gcomhaontaíonn tú le diagnóis, nó féadfaidh go dtarraingeofar aird ann ar dhiagnóis athraithe trí thagairt a dhéanamh do thaifid níos déanaí.
Más rud é go mbeidh tú fós míshásta leis an bhfreagra a fuair tú ón rialaitheoir sonraí, féadfaidh tú gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún. Ar mhaithe le do ghearán a chur ar aghaidh ar an mbealach is éifeachtúla is féidir, teastóidh an fhaisnéis seo a leanas ón gCoimisiún chun do ghearán a mheasúnú:
- An iarraidh bhunaidh a rinne tú chuig an rialaitheoir sonraí (lena n-áirítear dáta agus stampa ama, i gcás go bhfuil siad ar fáil)
- Do réasúnaíocht maidir le cén fáth a bhfuil feidhm ag an gceart ábhartha.
- I gcás iarraidh ceartúcháin, cé na sonraí atá míchruinn/neamhiomlán ó thaobh na bhfíoras de.
- I gcás iarraidh léirscriosta, cén ceann de na sé chritéar a bhfuil feidhm aige.
- Cóipeanna d’aon chomhfhreagras a fuarthas ón rialaitheoir sonraí, nó a malartaíodh leis/léi, maidir le d’iarraidh.
- Mura gcomhaontaíonn tú le seasamh an rialaitheora sonraí nó leis na heisceachtaí a cuireadh i bhfeidhm, leag amach cén fáth nach gcomhaontaíonn tú leis an seasamh nó leis na heisceachtaí sin.