Loga Nochta um Shaoráil Faisnéise 2022

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

 

Iarrataí Saorála Faisnéise a Fuarthas agus a Cuireadh i gCrích ar Fhaisnéis Neamhphearsanta le linn 2022

 

De bhun Sceideal 1, Cuid 1 den Acht um Shaoráill Faisnéise 2014, tá an DPC faoi réir an Achta maidir le taifid a bhaineann le riaracháin ginearálta an Choimisiúin amháin. Tagraíonn an téarma “riarachán ginearálta” le taifid a bhaineann le bainistíocht an DPC mar eagraíocht, ar nós taifid a bhaineann le pearsanra, ceisteanna pá, earcaíocht, cuntais, teicneolaíocht faisnéise, cóiríocht, eagraíocht inmheánach, agus gnásanna oifige. Ní comhlacht um SF é an DPC ó thaobh taifid a bhaineann lena fheidhmeanna mar údarás maoirseachta um chosaint sonraí.

 

Sa loga nochta thíos, leagtar amach sonraí iarrataí neamhphearsanta ar rochtain ar fhaisnéis a réitigh an DPC de réir an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Níl sonraí iarrataí ar fhaisnéis atá lasmuigh de raon an Achta um SF 2014 san áireamh sa loga nochta.

 

 

Dáta na hIarrata

 

Catagóir Iarrthóra

 

Achoimre ar an Iarraidh

 

A Bhreith a Tugadh

 

Dáta an Fhreagra

                 

7/12/2021

 

Iriseoir

 

Miondealú ar shraith costas maidir le seirbhísí sheachtracha cumarsáide a d’úsáid an DPC in 2018, 2019, 2020 & 2021.

 

Géilleadh don iarraidh

 

07/01/2022

                 

13/12/2021

 

Iriseoir

 

Taifid maidir le comhdhéanamh an phainéil agallaimh agus sonraí an phoist a bhí mar bhun le ceapadh an Coimisinéara reatha um Chosaint Sonraí

 

Géilleadh don iarraidh

 

20/01/2022

                 

12/01/2022

 

Grúpa Sainleasa

 

Miondealú ar chostais an tionscadail Córais Bainistíochta Cáis

 

Géilleadh don iarraidh go páirteach

 

09/02/2022

                 

15/02/2022

 

Grúpa Sainleasa

 

An staid ag a bhfuil Céim 2 den Chóras Bainistíochta Cáis

 

Géilleadh don iarraidh go páirteach

 

24/02/2022

                 

01/08/2022

 

Iriseoir

 

Cóip de Chlár Rioscaí an DPC

 

Géilleadh don iarraidh

 

30/08/2022

                 

09/08/2022

 

Duine Aonair

 

Cóip de Sceideal Coinneála an DPC

 

Géilleadh don iarraidh

 

06/09/2022

                 

23/09/2022

 

Duine Aonair

 

Cóip an Taifid de Ghníomhaíochtaí Próiseála (ROPA) de chuid an DPC

 

Géilleadh don iarraidh

 

21/10/2022

                 

30/09/2022

 

Iriseoir

 

Cóip de chomhfhreagras idir an DPC agus an Roinn Dlí i dtaca le leithdháileadh buiséid an DPC le haghaidh 2023 agus cóip d’aighneacht réamh-bhuiséid a d’ullmhaigh an DPC le cur isteach roimh Buiséad 2023

 

Géilleadh don iarraidh

 

28/10/2022

                 

22/11/2022

 

Duine Aonair

 

Cóipeanna de Chlár agus Miontuairiscí cruinnithe an Choiste um Iniúchóireacht agus Riosca a tharla go dtí seo in 2022, Clár Rioscaí an DPC, Athbhreithniú Rialaithe Inmheánach 2021 an DPC

 

Géilleadh don iarraidh go páirteach

 

14/12/2022

                 

29/11/2022

 

Iriseoir

 

Miondealú ar thuarastail foirne de réir bandaí tuarastail sonraithe agus inscne

 

Géilleadh don iarraidh

 

23/12/2022