Cás-Staidéir Agóid i gcoinne Próiseáil

 

Próiseáil is gá a dhéanamh chun conradh a chomhlíonadh

Bhí an gearánach seo páirteach i dtimpiste i gcarrchlós den fhoirgneamh ina raibh siad ag obair. Rinne bainisteoir an charrchlóis gearán le fostóir an ghearánaigh agus fuair fostóir an ghearánaigh íomhánna ón scannánaíocht CCTV den teagmhas ina dhiaidh sin. Tionscnaíodh imeachtaí araíonachta i gcoinne an ghearánaigh mar gheall ar an teagmhas sa charrchlós. Bhreathnaigh bainisteoir an ghearánaigh agus comhghleacaithe an ghearánaigh ar na híomhánna ón CCTV i gcomhthéacs na n-imeachtaí araíonachta.

Ba é fostóir an ghearánaigh an rialaitheoir sonraí i ndáil leis an ngearán, mar gheall gur rialaigh sé ábhar agus úsáid sonraí pearsanta an ghearánaigh chun críche fostaíocht an ghearánaigh a bhainistiú agus na himeachtaí araíonachta a stiúradh. Íomhánna den ghearánach a bhí sna sonraí pearsanta mar gheall gur bhain siad leis an ngearánach mar dhuine aonair agus gurbh fhéidir an gearánach a shainaithint iontu.

Mar fhreagra ar an ngearán, d’áitigh an rialaitheoir sonraí go raibh bunús dlí le sonraí pearsanta an ghearánaigh a phróiseáil faoin reachtaíocht de bharr gur úsáideadh na híomhánna CCTV chun cód cleachtais an fhostaí a fhorfheidhmiú, a bhí mar chuid de chonradh fostaíochta an ghearánaigh. Sloinneadh freisin, mar gheall ar chineál tromchúiseach an teagmhais a raibh an gearánach páirteach ann, go mba ghá don rialaitheoir sonraí imscrúdú a dhéanamh ar an teagmhas i gcomhréir le beartas araíonachta na cuideachta, a ndearnadh tagairt dó i gconradh fostaíochta an ghearánaigh. D’áitigh an rialaitheoir sonraí freisin go raibh na híomhánna ón CCTV teoranta don teagmhas i gceist agus nár bhreathnaigh ach líon teoranta de na daoine a bhí rannpháirteach sa phróiseas araíonachta orthu.

Thug an DPC ar aird go gceadaítear, faoin reachtaíocht um chosaint sonraí, sonraí pearsanta duine a phróiseáil i gcás gur ghá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí (an duine a bhfuil a shonraí pearsanta á bpróiseáil) a chomhlíonadh. Thug an DPC ar aird gur fhéach an rialaitheoir sonraí anseo lena áitiú go mba ghá na híomhánna ón CCTV a úsáid chun conradh fostaíochta an ghearánaigh a chomhlíonadh. Mar sin féin, ba é tuairim an DPC nár ‘ghá’ don rialaitheoir sonraí pearsanta an ghearánaigh a bhí sna híomhánna ón CCTV a phróiseáil chun an conradh sin a chomhlíonadh. Le go n-éireodh leis an áitiú sin, bheadh ar an rialaitheoir sonraí a thaispeáint nárbh fhéidir leis conradh fostaíochta an ghearánaigh a chomhlíonadh gan sonraí pearsanta an ghearánaigh a phróiseáil. De bharr gur theip ar an rialaitheoir sonraí an DPC a shásamh gurbh amhlaidh an cás, breithníodh gur sháraigh an rialaitheoir sonraí an reachtaíocht um chosaint sonraí.

Thug an DPC ar aird freisin, gur ann do phrionsabail dlí áirithe nach mór do rialaitheoir sonraí cloí leo, sa bhreis ar an gceanglas go mbeadh bunús dlí le próiseáil, agus próiseáil sonraí pearsanta á dhéanamh aige. Tharraing sé aird ar an bhfíoras go gcaithfidh an phróiseáil a bheith leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil. Thug an DPC áitiú an rialaitheora sonraí go raibh na híomhánna ón CCTV teoranta don teagmhas i gceist agus nár bhreathnaigh ach líon teoranta de na daoine a bhí rannpháirteach sa phróiseas araíonachta orthu ar aird. Mar sin féin, bhí an DPC den tuairim gur theip ar an rialaitheoir sonraí a thaispeáint cén fáth go mba ghá na híomhánna ón CCTV a úsáid. Ar an mbunús sin, rinne an rialaitheoir sonraí sárú breise ar an reachtaíocht.

Key Takeaway

  • Faoi Airteagal 6 den GDPR, ní féidir sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin sa chás go bhfuil bunús dlí leis. Is bunús dlí amháin den sórt sin é Airteagal 6(1)(b), ina ndéantar foráil go bhfuil próiseáil dleathach más gá agus a mhéid is gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí a chomhlíonadh. Caithfidh rialaitheoirí sonraí a bheith ar an eolas, áfach, nach leormhaith a thaispeáint go bhfuil bunús conarthach le próiseáil na sonraí pearsanta agus sin amháin; ceanglaítear faoi Airteagail 5(1)(c) agus 6(1)(b) ar rialaitheoirí sonraí a bheith in ann a thaispeáint go bhfuil an phróiseáil i gceist teoranta don mhéid “is gá” chun an conradh a chomhlíonadh.