Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Ionchúiseamh Vodafone Ireland Limited

I mí na Bealtaine 2018, fuaireamar gearán ó dhuine a luaigh go raibh sé ag fáil glaonna neamhiarrtha ó fhoireann margaíochta Vodafone ar bhonn rialta. Mhaígh sé gur thug Vodafone glao air ar dtús an 10 Bealtaine 2018, ar lena linn a dúirt sé nach raibh suim aige sa tairiscint ón gcuideachta. Ón uair sin i leith, áfach, thosaigh an chuideachta ag tabhairt glaonna air gach lá. Rinne sé neamhiontas den chumarsáid ar fad.

Le linn ár n-imscrúdaithe, dheimhníomar, bunaithe ar thaifeadadh den ghlao teileafóin margaíochta an 10 Bealtaine 2018, gur inis an gearánach don ghníomhaire a thug an glao nach raibh suim aige i seirbhís leathan- bhanda Vodafone. D’inis Vodafone dúinn gurbh é an gníomh ba cheart a bheith déanta ag an ngníomhaire ná an uimhir theileafóin a bhaint den fheachtas margaíochta ach cód cuí a úsáid agus é ag dúnadh an ghlao. Mar thoradh ar earráid dhaonna, dúnadh an glao teileafóin le cód mícheart le haghaidh glao ar ais. D’fhág sé sin gur coinníodh uimhir theileafóin an ghearánaigh ar comhad, rud ba chúis leis na glaonna breise.

Fuaireamar gearán ar leith ó chustaiméir de chuid Vodafone i mí Iúil 2018. Luaigh sé go bhfuair sé glao teileafóin margaíochta neamhiarrtha ó Vodafone i mí an Mheithimh 2018, cé gur roghnaigh sé le linn glao teileafóin margaíochta neamhiarrtha roimhe a tugadh air i mí na Bealtaine 2018 gan glaonna teileafóin margaíochta a fháil. Seoladh deimhniú ina leith sin chuige trí ríomhphost tamall beag ina dhiaidh sin.

Mar fhreagra ar ár gceisteanna, thagair Vodafone do thuarascáil sáraithe sonraí a chuir sé faoi bhráid an Choimisiúin an 21 Meitheamh 2018 . Sa tuarascáil sin, cuireadh in iúl don Choimisiún gur go hearráideach a seoladh cumarsáidí margaíochta chuig roinnt custaiméirí a roghnaigh idir an 18 Bealtaine agus an 11 Meitheamh 2018 gan cumarsáidí margaíochta a fháil. Míníodh inti gur tháinig an earráid sin chun cinn mar thoradh ar dheacrachtaí a bhí ann le hathruithe córais a chur chun feidhme mar chuid de chlár na cuideachta um an Rialachán Ginearálta a chomhlíonadh. Ba é an toradh a bhí air sin ná nár léadh go soiléir ar gach ceann de chórais Vodafone na sainroghanna margaíochta a athraíodh tamall beag roimhe sin. Dá réir sin, cuireadh na custaiméirí lenar bhain ar áireamh i bhfeachtais mhargaíochta.

Chinn an Coimisiún go n-ionchúiseodh sé Vodafone i dtaca leis an dá chás. I gCúirt Dúiche Limistéar Chathair Bhaile Átha Cliath an 22 Deireadh Fómhair 2018, thaifead an chuideachta pléadálacha ciontacha in dhá chúis a bhain le sáruithe ar Rialachán 13(6)(a) de I.R. Uimh. 336 de 2011 i leith glaonna teileafóin neamhiarrtha a bheith á dtabhairt ar theileafóin phóca na beirte gearánach gan a dtoiliú a fháil. Chiontaigh an chúirt Vodafone sa dá chúis agus ghearr sí fíneálacha €1,000 air i leith an dá chúis ar leith (fíneáil iomlán €2,000). D’aontaigh Vodafone go n-íocfadh sí as costais ionchúisimh an Choimisiúin.