Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach
Ionchúiseamh Just-Eat Ireland Limited
Fuaireamar gearán ó dhuine i mí na Samhna 2018 maidir le ríomhphoist margaíochta dírí gan iarraidh ó Just-Eat Ireland Limited. Dhíchláraigh an gearánach ó ríomhphoist margaíochta dírí na cuideachta ach fuair ríomhphost margaíochta dírí gan iarraidh cúpla lá ina dhiaidh sin. I rith ár n-imscrúdaithe ar an ngearán sin, chuir an chuideachta in iúl dúinn nár éirigh le hiarracht an ghearánaigh díchlárú mar gheall ar fhadhb theicniúil lena hardán ríomhphoist. Bhí tionchar ag an bhfadhb sin ar 391 chustaiméir in Éirinn.
De bharr gur thug an DPC rabhadh do Just-Eat Ireland Limited in 2013 de bhun gearáin i ndáil le ríomhphoist margaíochta dírí gan iarraidh, chinneamar imeachtaí ionchúisimh a thionscnamh.
I gCúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath an 29 Iúil 2019, phléadáil Just-Eat Ireland Limited ciontach i gcúis amháin i ndáil le ríomhphost margaíochta dírí gan iarraidh a sheoladh. In áit ciontaithe agus fíneála, chuir an chúirt alt 1(1) den Probation of Offenders Act i bhfeidhm ar an mbonn go mbronnfadh an chuideachta €600 ar an gcarthanas, Peter McVerry Trust.