Cás-Staidéir Gearáin Trasteorann
Réiteach cairdiúil maidir le gearáin trasteorann — Yahoo EMEA Limited
Fuair an DPC gearán i mí Márta 2021 ó údarás cosanta sonraí Bavaria thar ceann gearánach as Bavaria i gcoinne Yahoo EMEA Limited. Faoin meicníocht Ionad Ilfhreastail (OSS) a cruthaíodh leis an GDPR, is de réir shuíomh phríomhcheannáras na cuideachta san AE a shocrófar an t-údarás AE a fheidhmeoidh ina Phríomhúdarás Maoirseachta (LSA) i ndáil le gearáin a fhaightear. Nuair a dhéantar an príomhúdarás a cheapadh, feidhmíonn an t-údarás a fuair an gearán ina údarás maoirseachta lena mbaineann (CSA). Is é an CSA an t-idirghabhálaí idir an LSA agus an duine aonair. Sa chás seo, is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí an LSA, os rud é go bhfuil príomh-cheannáras na cuideachta lena mbaineann an gearán lonnaithe in Éirinn.
Ní raibh rochtain ag an ngearánach ar a ríomhphost a thuilleadh tar éis dó nuashonrú a dhéanamh ar a ríomhaire . Luaigh an gearánach go ndearna sé teagmháil le Yahoo d’fhonn rochtain a fháil air arís agus iarradh air faisnéis a thabhairt a bhain leis an gcuntas d’fhonn a fhíordheimhniú gur leisean an cuntas . Dheimhnigh an gearánach gur chuir sé an fhaisnéis sin ar fáil . Dúirt Yahoo leis an ngearánach nach bhféadfadh sé a aitheantas a dhearbhú leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil dó . Níor léir don ghearánach cén fhaisnéis a chuir sé ar fáil nach raibh ceart agus dá bhrí sin lean sé air agus na freagraí céanna á dtabhairt aige ar na ceisteanna slándála . Mar gheall nach raibh Yahoo in ann a fhíordheimhniú gur leis an ngearánach an cuntas, mhol sé go gcruthódh an gearánach cuntas ríomhphoist nua . Ní raibh an gearánach sásta leis an réiteach sin agus dá bhrí sin rinne sé gearán leis an údarás maoirseachta áitiúil, a chuir an gearán ar aghaidh chuig an DPC ina cháil mar Phríomhúdarás Maoir- seachta do Yahoo .
Sainaithníodh an gearán seo mar ghearán a d’fhéadfaí a réiteach go cairdiúil faoi Alt 109 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, agus d’aontaigh an duine aonair agus an Rialaitheoir Sonraí araon go n-oibreoidís leis an DPC chun iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach cairdiúil ar an gceist .
Rinne an DPC teagmháil le Yahoo ar an gceist, agus ghlac Yahoo cur chuige réamhghníomhach agus luaigh láithreach go raibh fonn air teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an ngearánach chun féachaint leis an bhfadhb a réiteach a luaithe agus is féidir . Dhearbhaigh Yahoo leis an DPC go gairid ina dhiaidh sin go raibh teagmháil déanta ag an bhfoireann seirbhísí d’úsáideoirí leis an ngearánach, a chuir faisnéis mhalartach ar fáil a chuir ar chumas Yahoo aitheantas an ghearánaigh a dheimhniú agus rochtain ar a chuntas a thabhairt dó arís ina dhiaidh sin .
Léirítear leis an gcás seo gur féidir réiteach gasta a bhaint amach go minic d’ábhair sonraí de thoradh teagmháil dhíreach bhreise a bheith idir páirtithe le linn an phróisis réitigh chairdiúil . Chomh maith leis sin, léirítear leis gur féidir ceisteanna a réiteach agus próiseas láimhseála mór fada a sheachaint go minic má ghlacann rialaitheoirí sonraí cur chuige réamhghníomhach ag luathchéimeanna an ghearáin .