Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Iarrataí ar rochtain agus ábhar atá faoi phribhléid dhlíthiúil
Bhain an gearán seo le freagra neamhiomlán a bhí tugtha, a dúradh, ar iarrataí ar rochtain ó ábhar sonraí. Ba é cúlra an ghearáin seo gur chuir an gearánaí iarraidh rochtana faoi bhráid iontaobhaithe scéime pinsin (na “hIontaobhaithe”). Mar chuid dá bhfreagra ar an iarraidh ar rochtain, thagair na hIontaobhaithe do dhréachtlitir a bhain leis an ngearánaí; níor cuireadh an dréachtlitir seo ar fáil don ghearánaí, áfach.
Dearbhaíodh gurbh iad na hIontaobhaithe an rialaitheoir sonraí toisc go raibh smacht acu ar an ábhar agus ar úsáid shonraí pearsanta an ghearánaí chun críocha phinsean an ghearánaí. Is éard a bhí sna sonraí a bhain le hábhar ná (i measc nithe eile) faisnéis a bhain le fostaíocht agus pinsean an ghearánaí agus ba shonraí pearsanta iad toisc gur bhain siad leis an ngearánaí mar dhuine aonair agus go bhféadfaí an gearánaí a aithint uathu.
D’fhéach an rialaitheoir sonraí lena mhaíomh go raibh pribhléid dhlíthiúil ag an dréachtlitir agus, dá bhrí sin, nár ceanglaíodh ar an rialaitheoir sonraí í a chur ar fáil don ghearánaí. Lorg an Coimisinéir um Chosaint Sonraí tuilleadh eolais ón rialaitheoir sonraí maidir leis an maíomh gur bhain pribhléid leis an dréachtlitir. Mar fhreagra air sin, níor thug an rialaitheoir sonraí soiléireacht ar an mbunús a bhí leis an dearbhú go raibh pribhléid dhlíthiúil ag an dréachtlitir, ach thoiligh sé, áfach, na sonraí a chur ar fáil don ghearánaí.
Socraíodh, dá bhrí sin, gur theip ar an rialaitheoir sonraí a chruthú go raibh sé i dteideal brath ar an díolúine i ndáil le sonraí atá faoi phribhléid dhlíthiúil. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh an litir curtha ar fáil don ghearánaí, mar fhreagra ar iarraidh rochtana an ghearánaí, laistigh den tréimhse ama atá leagtha amach sa reachtaíocht.
Faoi Airteagal 15 den GDPR, tá sé de cheart ag ábhar sonraí rochtain a fháil ó rialaitheoir sonraí ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, atá á bpróiseáil Ní mór don rialaitheoir sonraí freagra a thabhairt ar iarratas ar rochtain ón ábhar sonraí gan rómhoill agus pé scéal é laistigh de mhí amháin ó bhí an t-iarratas faighte. Mar sin féin, níl feidhm ag an gceart rochtana ar shonraí pearsanta duine nuair a bhíonn sonraí pearsanta a bpróiseáil chun comhairle dlí a lorg, a fháil nó a thabhairt nó i gcás sonraí pearsanta a bhféadfaí pribhléid a dhearbhú ina leith chun críche imeachtaí dlíthiúla nó le linn imeachtaí dlíthiúla. Nuair a fhéachann rialaitheoir sonraí le pribhléid a dhearbhú i dtaca le faisnéis atá á lorg ag an té lena mbaineann sonraí, cuirfidh an DPC de cheangal ar an rialaitheoir sonraí, agus scrúdú a dhéanamh ar ghearán toisc a dhiúltaithe, faisnéis shuntasach a chur ar fáil, lena n-áirítear míniú ar an mbonn ar a bhfuil pribhléid á dhearbhú ag an rialaitheoir sonraí, ionas gur féidir bailíocht na pribhléide a mheas i gceart.