Scéim Foilseacháin um SF

Faisnéis faoin DPC

Cúlra

Faoi dlí an Aontais Eorpach (AE), tá sé de cheart bunúsach ag gach duine sonraí a bhaineann leis nó léi a chosaint. Is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) an t-údarás maoirseachta náisiúnta in Éirinn atá freagrach as an ceart seo a chaomhnú. Go háirithe, is é an DPC an t-údarás maoirseachta Éireannach chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Chomh maith leis seo, tá cumhachtaí agus feidhmeanna ag an DPC i dtaca le creataí rialála eile, lena n-áirítear Rialacháin na hÉireann maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach (2011) agus an Treoir ón Aontas Eorpach maidir le Cosaint Sonraí i réimse Forfheidhmiú an Dlí. Tá cumhachta reachtúla, dualgais agus feidhmeanna an DPC mar a bunaíodh de réir an Acht um Chosaint Sonraí 2018, a thugann tuilleadh éifeacht don GDPR, agus a thugann éifeacht don Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Forfheidhmiú an Dlí chomh maith.

Ár Misean

Cearta cosanta sonraí a chosaint le comhlíonadh a chur chun cinn trí threoir, trí mhaoirseacht agus trí forfheidhmiú.

Príomhchreatlacha Reachtaíochta faoi Chosaint Sonraí a bhfuil feidhim leo ón 25 Bealtaine 2018

Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) rialaithe ag roinnt creataí rialála a rialaíonn cosaint sonraí in Éirinn agus san AE. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag an nasc seo faoi reachtaíocht a rialaíonn cosaint sonraí.

Struchtúr Eagrúcháin agus Beathaisnéisí an Choiste Bainistíochta Sinsearach

Tá faisnéis ar shuíomh an DPC maidir le coiste bainistíochta sinsearach agus struchtúr eagrúcháin an Choimisiúin. Tá naisc le beathaisnéisí an choiste bainistíochta sinsearach ar an leathanach gréasáin seo chomh maith.

Cad a Dhéanaimid

Cuireadh coimisiún nua, An Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC), ar bhun ag an Acht um Chosaint Sonraí 2018, a ndearnadh dlí de ar an 25 Bealtaine 2018. Is é an Coimisiún nua an t-údarás maoirseachta náisiúnta neamhspleách in Éirinn a bhfuil an fhreagracht air as seasamh le ceart bunúsach an duine aonair go gcosnaítear a sonraí pearsanta. Tá cumhachtaí, feidhmeanna agus dualgais an DPC bunaithe ar an Acht um Chosaint Sonraí 2018, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, chomh maith leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2003 a thugann, inter alia, éifeacht do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 108.

Trí úsáid a bhaint as a chumhachtaí reachtúla, déanann an Coimisiún um Chosaint Sonraí:

  • scrúdú ar ghearáin a fhaightear ó dhaoine aonair maidir le sáruithe féideartha an dlí cosanta sonraí;
  • fiosrúcháin agus imscrúduithe maidir le sáruithe na reachtaíochta cosanta sonraí agus déanann sé gníomh forfheidhmiúcháin más gá’
  • feasacht i measc daoine den phobal a chur chun cinn maidir leis na cearta atá acu go gcosnaítear a gcuid faisnéise faoin dlí cosanta sonraí;
  • feasacht níos mó agus géilliúlacht leis an reachtaíocht cosanta sonraí a chur chun cinn i measc rialaitheoirí agus próiseálaithe sonraí trí threoir ardchaighdeáin a fhoilsiú;
  • dul i dteagmháil le heagraíochtaí na hearnála poiblí agus príobháidí ar bhonn réamhghníomhach;
  • comhairle a chur ar fáil do heagraíochtaí chun cabhrú le rioscaí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a shainaithint, agus treoir maidir le modhanna deachleachtais a chur ar fáil chun na rioscaí sin a mhaolú;
  • obair i gcomhar le húdaráis cosanta sonraí eile (lena n-áirítear comhroinnt faisnéise ábhartha), agus feidhmíonn sé mar Phríomhúdaráis Mhaoirseachta ag leibhéal an AE d’eagraíochtaí a bhfuil a bpríomhshuíomh AE acu in Éirinn.

Tá eolas breise ar fáil faoin ár ráiteas misin agus ár n-obair idirnáisiúnta.

Ráiteas Straitéise

Ina Straitéis don tréimhse 2022-2027, leagann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fís uaillmhianach amach do na cúig bliana sin, ar tréimhse í a gcreidimid a bheidh ríthábhachtach i dtaobh forbairt dlí, rialacháin agus cultúr cosanta sonraí.

Ráiteas Straitéise

 

Tuarascálacha Bliantúla

Tá ár dTuarascáil Bliantúil is déanaí, a chumhdaíonn an tréimhse ón 01 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2022, ar fáil ar line.

Tuarascálacha Bliantúla Roimhe Seo ón gCoimisinéir Cosonta Sonraí

Tuarascálacha Bliantúla Roimhe Seo ón gCoimisinéir Cosanta Sonraí mar a bhunaítear faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 roimh achtú an GDPR agus an Acht um Chosaint Sonraí 2018 ar fáil ar line.

Struchtúir Pá/Grádaithe

Is Stáitseirbhísigh iad foireann an Choimisiúin um Chosaint Sonraí agus íoctar iad de réir scálaí pá na Státseirbhíse. Féach ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le haghaidh tuilleadh eolais maidir le pá na Státseirbhíse.

Suíomhanna agus Teagmháil

Faisnéis faoi conas teagmháil a dhéanamh leis an DPC.

Cairt Chustaiméirí

Cairt um Sheirbhís do Chustaiméirí

Seirbhísí a chuirtear ar fail nó chun cuir ar fail don phobail

Féach ar cad a dhéanaimid le haghaidh faisnéis ar na seirbhísí a chuireann an DPC ar fail don phobail.

Chun faisnéis a fháil ar chomhairliúcháin an DPC cliceáil anseo le do thoil.

Is féidir treoir do dhaoine aonair maidir lena gcearta faoin GDPR a fháil anseo.

Is féidir Dualgais Eagraíochtaí a fháil anseo.

Conas is féidir rochtain a fháil ar sheirbhísí

Déan teagmháil leis an DPC

Rochtain do dhaoine a theastaíonn cúnamh faoi leith uathu

Déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí

Na Meáin agus For-Rochtain

Iarratais meáin

Cuireadh cainte

Ráitis Airgeadais

2019

25 Bealtaine - 31 Nollaig 2018

1 Eanáir - 24 Bealtaine 2018

2017

2016

2015

Loga Nochta um SF

Loga Nochta um SF

Conas Iarratas faoi Shaoráil Faisnéise a dhéanamh

Conas Iarratas faoi Shaoráil Faisnéise a dhéanamh 

Soláthar

Treoirlínte Soláthair an DPC Iúil 2023

Is cliant é an Coimisiún um Chosaint Sonraí den Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP), a fhaigheann formhór ár n-earraí agus seirbhísí. Foilsíonn an OGP a fógraí réamh-thairisceana, fógraí tairisceana agus fógraí bronnadh ar www.eTenders.gov.ie.

Ar an 12 Iúil 2023, níl aon RFT beo ag an DPC ar an suíomh gréasáin eTenders.