An bhfuil sé Sin i nDáiríre sa GDPR? – Liostaí Lucht Freastail agus Ainmchlibeanna

28th February 2020

Is iomaí duine b'fhéidir a bhfuil míthuiscint orthu nach bhfuil comhdhálacha, ceardlanna agus imeachtaí ábalta sonraí lucht freastail a roinnt de bharr an GDPR. Tá sé ráite le lucht freastail ar cheardlanna, ar chomhdhálacha nó ar imeachtaí nach bhfuil an lucht eagraithe ábalta liosta lucht freastail a roinnt ná ainmchláir ná suaitheantais a tháirgeadh mar go raibh imní ar an lucht eagraithe faoin GDPR.

Is sonraí pearsanta de ghnáth iad na sonraí sin - ainm, teideal poist agus fostóir, ach d'fhéadfadh an imní teacht chun cinn sa chás seo mar gheall ar mhíthuiscint maidir leis an oibleagáid atá ann údar maith a bheith ann sonraí pearsanta duine a úsáid nó a roinnt. Tugtar bunús dlí ar an oibleagáid seo chomh maith, agus éilítear é de réir Airteagal 6 den GDPR.

Míthuiscint choitianta is ea go bhfuil toiliú de dhíth i gcónaí chun sonraí pearsanta duine a roinnt, mar a n-ainm nó a gcuid sonraí teagmhála. Cé go bhfuil sé dea-bhéasach cead a fháil ó dhuine a gcuid sonraí pearsanta a roinnt ar shuaitheantais ainmneacha nó ar liosta lucht freastail agus gur dea-chleachtas é sin a dhéanamh, ní fíor é nach féidir é seo a dhéanamh ach amháin ar bhonn toilithe an rannpháirtí. Sna cásanna sin, d'fhéadfadh lucht eagraithe a bheith ag iarradh a mheas cibé an mbeadh sé níos cuí brath ar bhunús dlí eile seachas ar thoiliú.

Mar shampla, d'fhéadfadh leas dlisteanach a bheith ag eagraí an liosta freastail a roinnt nó ainmchláir a dhéanamh, chun an t-imeacht a reáchtáil ar an mbealach is éifeachtaí agus is táirgiúla mar shampla. Faoin GDPR, d'fhéadfadh leasanna dlisteanacha gníomhú mar údar maith le sonraí pearsanta a úsáid, ach sin sa chás agus sa chás sin amháin nach mó leas a bheidh ag an eagraí ann ná leasa nó cearta an lucht freastail. Ag imeachtaí, mar imeachtaí líonraithe, d'fhéadfadh lucht freastail a bheith ag súil go roinnfí liosta freastail orthu agus d'fhéadfadh siad a mheas go bhfuil suaitheantais ainmneacha áisiúil. Sa chás sin, d'fhéadfadh leas dlisteanach an lucht freastail a bheith ina bhunús dlí lena gcuid sonraí pearsanta a úsáid ar an mbealach sin.

Sula nglactar aon ghníomh, ba cheart d'eagraíochtaí ceist a chur cibé an mbeadh lucht freastail ag súil go n-úsáidfí a gcuid sonraí pearsanta ar an mbealach sin. Más ábhar iontais don lucht freastail é an bealach atáthar ag úsáid sonraí pearsanta, d'fhéadfadh gur fearr smaoineamh arís cibé an bhfuil gá leis an gcur chuige ar leith sin nó an bhfuil an cur chuige ar leith sin cuí, ag glacadh prionsabail na cothroime agus na trédhearcachta san áireamh.

Bealach tábhachtach eile é le haon imní a bhaineann le cosaint sonraí maidir le faisnéis lucht freastail a mhaolú ná go gcinnteoidh an lucht eagraithe go bhfuil siad oscailte agus trédhearcach i ndáil leis an mbealach a bhfuil sé beartaithe acu na sonraí pearsanta a úsáid. Má bhíonn fainic curtha ar lucht freastail roimh ré, mar shampla, go mbeidh suaitheantais le hainmneacha agus sonraí fostóra an lucht freastail orthu le déanamh, ní bhainfear siar as an lucht freastail é agus is féidir leo a iarraidh nach n-úsáidfí a gcuid sonraí pearsanta ar an mbealach sin más mian leo sin a dhéanamh. Ach sin ráite, níor cheart a mheas gur ionann sin agus toiliú a fháil, caithfear sin a fháil trí ghníomh shoiléir, agus d'fhéadfaí sin a tharraingt siar ag am ar bith. Mar sin féin, má tá lucht eagraithe ag brath ar bhunús dlí eile seachas toiliú ba cheart dóibh an lucht freastail nach bhfuil ag iarraidh go n-úsáidfí a gcuid sonraí pearsanta an an mbealach sin a ghlacadh san áireamh chomh maith.

Léigh tuilleadh: An bhfuil sé Sin i nDáiríre sa GDPR?

Léigh tuilleadh: An bunús atá le cosaint sonraí