Aistrithe Sonraí Pearsanta ó Éirinn chuig an Ríocht Aontaithe i gcás Breatimeacht ‘Gan Mhargadh’

D’fhéadfadh go mbeidh tionchar tromchúiseach ag an Breatimeacht, go háirithe i gcás Breatimeacht ‘Gan Mhargadh’, ar na hoibleagáidí cosanta sonraí atá ag rialaitheoirí Éireannaigh a aistríonn sonraí pearsanta chuig an Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann san áireamh).

I gcás Breatimeacht ‘Gan Mhargadh’, ní bheidh an RA mar bhall den AE a thuilleadh; ina ionad sin, déanfar ‘tríú tír’ di (féach Caibidil 5 den GDPR le haghaidh tuilleadh faisnéise ar aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha). Ciallaíonn sé seo go gcaithfear le haistriú sonraí pearsanta ó Éire go dtí an RA mar a chaithfear le haistrithe sonraí pearsanta chuig tíortha cosúil leis an Astráil, an India nó an Bhrasaíl. Mar sin, chun cloí le rialacha an Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR), beidh ar chomhlacht Éireannach atá ag iarraidh sonraí pearsanta a aistriú chuig an RA cosaintí ar leith a chur i bhfeidhm.

Is iad Clásail Conarthacha Caighdeánacha (SCCanna) (féach Airteagal 46 den GDPR) beart amháin dá leithéid chun cosaint sonraí pearsanta a aistrítear ó Éirinn chuig an RA a chinntiú. Sná Clásail Conarthacha Caighdeánacha tá sraitheanna (gnáthsraitheanna nó sraitheanna teimpléad) téarmaí agus coinníollacha. Tugann gach páirtí sa chonradh gealltanais atá ina gceangal conartha chun sonraí pearsanta a chosaint i gcomhthéacs iad a aistriú ó Éirinn chuig an RA i gcás Breatimeacht ‘Gan Mhargadh’.

Inár nóta treorach ar Aistrithe Sonraí Pearsanta ó Éirinn chuig an RA i gCás Breatimeacht ‘Gan Mhargadh’ tá treoir ar SCCanna agus liosta nach bhfuil uileghabhálach de bealaí ina bhféadfaí go bhfuil d’eagraíocht ag aistriú sonraí cheana féin chuig comhlacht lonnaithe san RA.