Meitheal Oibre Airteagal 29
Bunaíonn Airteagal 29 den Threoir an AE "Meitheal Oibre ar Chosaint Daoine Aonair maidir le próiseáil Sonraí Pearsanta". Tugtar de ghnáth an teideal " Meitheal Oibre Airteagal 29 " air. Is baill den Meitheal Oibre ionadaí ó údarás na cosanta sonraí de gach Ballstát san AE (lena n-áirítear An Coimisinéir Éireannach um Cosanta Sonraí), an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus Coimisiún an AE. Tá an Meitheal Oibre neamhspleách agus gníomhaíonn sé i gcáil chomhairleach. Oibríonn sé le h'aidhm na rialacha cosanta sonraí a chur i bfeidhm go cothromach ar fud an AE, agus foilsíonn síad tuairimí agus moltaí ar ábhair éagsúla um chosaint sonraí. Chomhairlíonn sé freisin Coimisiún an AE maidir le leordhóthanacht na caighdeáin um chosaint sonraí i dtíortha neamh-AE.
Is féidir liosta iomlán de na doiciméid atá foilsithe ag an Meitheal Oibre Airteagal 29 a fháil ar láithreán gréasáin Coimisiún an AE.
» Permanent Link