Foilsíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí an Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2023

29th Mí Bealtaine 2024

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí an Tuarascáil Bhliantúil uaidh don bhliain 2023 inniu.

Áirítear na nithe seo leis na príomhnithe is díol spéise sa Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2023:

  • D’eisigh an Coimisiún 19 gcinneadh chríochnaitheacha lenar forchuireadh fíneálacha riaracháin dar luach iomlán €1.55 billiún, mar aon le roinnt iomarduithe agus orduithe comhlíonta, lenar áiríodh iad seo a leanas:
    • I mí na Bealtaine 2023, d’fhógair an Coimisiún gur cuireadh i gcrích fiosrúchán RGCS ar Meta Platforms Ireland Limited maidir le hAistrithe Sonraí ón Aontas Eorpach chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá. Leis an gcinneadh, forchuireadh fíneáil €1.2 billiún ar Meta Ireland agus ordaíodh dó a oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir leis an reachtaíocht.
    • I mí Mheán Fómhair 2023, d’eisigh an Coimisiún an cinneadh críochnaitheach uaidh maidir lena fhiosrúchán ar TikTok Technology Limited. Scrúdaíodh san fhiosrúchán seo an dóigh a raibh sonraí pearsanta a bhaineann le leanaí á bpróiseáil ag TikTok. Leis an gcinneadh, ordaíodh do TikTok a phróiseáil a chur i gcomhréir leis an reachtaíocht agus forchuireadh fíneálacha dar luach iomlán €345 mhilliún.
  • Sa bhliain 2023, deimhníodh i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath na cinntí a rinne an Coimisiún chun fíneálacha riaracháin a fhorchur ar chúig eagraíocht dhifriúla. Bhí na fíneálacha sin sa raon idir €15,000 agus €750,000. Bailíodh gach ceann de na fíneálacha sin agus aistríodh iad chuig an státchiste lárnach in Éirinn.
    • I mí Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún an cinneadh críochnaitheach uaidh maidir lena fhiosrúchán ar Bhanc na hÉireann. Bhain an fiosrúchán seo le sraith sáruithe sonraí ar aip 365 Bhanc na hÉireann. Áiríodh leis na cumhachtaí ceartaitheacha a feidhmíodh sa chinneadh seo iomardú, fíneáil €750,000, agus ordú chun próiseáil a chur i gcomhréir leis an reachtaíocht.
    • I mí Eanáir 2023, d’eisigh an Coimisiún an cinneadh críochnaitheach uaidh maidir lena fhiosrúchán ar Centric Health. Tosaíodh an fiosrúchán tar éis ionsaí bogearraí éirice, rud a rinne difear do na sonraí de chuid breis agus 70,000 othar a sealbhaíodh ar an gcóras riaracháin othar atá i bhfeidhm ag Centric. Rinneadh difear buan do thart ar 2,500 othar toisc gur scriosadh a sonraí gan aon chóip chúltaca a bheith ar fáil. Leis an gcinneadh, tugadh iomardú do Centric agus forchuireadh fíneálacha dar luach iomlán €460,000.
  • Fuair an Coimisiún 11,200 cás nua ó dhaoine aonair sa bhliain 2023, rud atá cothrom le méadú 20% ar an bhfigiúr don bhliain 2022. Chuir an Coimisiún 11,147 gcás i gcrích sa bhliain 2023.
    • De na cásanna uile a fuarthas sa bhliain 2023, cuireadh 2,600 ceann ar aghaidh chuig an bpróiseas láimhseála gearán, agus déileáladh le 8,600 ceann díobh go measartha tapa.
    • Réitigh an Coimisiún 3,218 ngearán tríd an bpróiseas foirmiúil láimhseála gearán (lena n-áirítear gearáin a fuarthas roimh an mbliain 2023).
  • Fuair an Coimisiún 156 ghearán trasteorann bhailí (mar Phríomhúdarás Maoirseachta san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch). Is curtha i gcrích atá 82.5% de na gearáin trasteorann uile a fuarthas ó bhí an bhliain 2018 ann agus ar ina leith atá an Coimisiún mar Phríomhúdarás Maoirseachta.
  • B’ionann agus 6,991 fhógra an líon iomlán fógraí bailí faoi sháruithe a fuarthas sa bhliain 2023, rud atá cothrom le méadú 20% ar an bhfigiúr don bhliain 2022. Cuireadh 92% de na fógraí a fuarthas sa bhliain 2023 i gcrích faoi dheireadh na bliana.
  • Sholáthair an Coimisiún ionchur agus barúlacha i leith breis agus 37 bpíosa reachtaíochta beartaithe, lenar áiríodh comhairliúchán reachtúil ar na Cóid Chleachtais a tugadh isteach faoin Acht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022, rud lena dtabharfar bunús dlí soiléir d’Údaráis Áitiúla chun úsáid a bhaint as gléasanna taifeadta amhail TCI agus Ceamaraí Colainne le haghaidh cionta bruscair agus cionta bainistíochta dramhaíola a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.
  • D’éirigh leis an gCoimisiún ceithre thionscadal sceidealaithe ardáin Idirlín a bhfuil impleachtaí acu do chearta agus saoirsí daoine aonair a chur siar nó a leasú.
  • Cuireadh 237 n-imscrúdú margaíochta dírí leictreonaí san iomlán i gcrích sa bhliain 2023, agus d’ionchúisigh an Coimisiún ceithre chuideachta i leith cumarsáidí margaíochta gan iarraidh a sheoladh gan toiliú. Rinne an Chúirt ciontuithe sna cúisimh uile agus d’fhorchuir sí fíneálacha arbh fhiú €2,000 san iomlán iad.
  • Lean an Coimisiún de bheith ina bhall gníomhach de Ghrúpa Rialálaithe Digiteacha na hÉireann, mar aon le ComReg, leis an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí agus le Coimisiún na Meán (Údarás Craolacháin na hÉireann roimhe seo) mar chuid d’obair na hÉireann chun cur chun feidhme a dhéanamh ar fhorbairtí digiteacha reachtacha a thit amach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le déanaí.

 

Dúirt an Dr Des Hogan, Cathaoirleach, agus Coimisinéir Cosanta Sonraí:

“In éineacht le Dale Sunderland, an comh-Choimisinéir eile, ba mhaith liom an deis seo a thapú chun aitheantas a thabhairt le buíochas don mhaoirseacht a rinne an Coimisinéir Helen Dixon ar an gCoimisiún le deich mbliana anuas. Bhí an Coimisinéir Dixon ar an aon Choimisinéir Cosanta Sonraí amháin le linn a tionachta, a tháinig chun deiridh go luath sa bhliain 2024. A bhuí lena ceannaireacht, agus le tiomantas agus obair dhochloíte bhaill foirne an Choimisiúin, táimid ag teacht i gceannas ar rialálaí atá ceannoscailte agus a bhfuil meas air, ar rialálaí é a bhfuil sé mar luachanna aige cearta an duine aonair a sheasamh trí rialáil chothrom chomhréireach a dhéanamh.”

 

Rinne an Coimisinéir Dale Sunderland machnamh ar bhliain a bhí ina bliain shuntasach:

“Bliain ghnóthach i ndáil le cearta sonraí pearsanta a chosaint ba ea an bhliain 2023. Le linn na bliana, tháinig méadú suntasach ar an líon gearán ar dhéileáil an Coimisiún um Chosaint Sonraí leo, agus eisíodh an líon is mó fíneálacha riamh agus forchuireadh an líon is mó orduithe ceartúcháin riamh tar éis fiosrúcháin trasteorann agus náisiúnta. Ar fud na bliana 2023, d’fhéach an Coimisiún le seasamh leis an gceart atá ag daoine aonair chun cosaint a sonraí pearsanta. Thacaigh Oifigigh Chosanta Sonraí agus baill foirne agus foirne cosanta sonraí in eagraíochtaí ar fud na n-earnálacha poiblí, príobháideacha agus deonacha go mór leis an obair sin, agus iad ag imirt ról ríthábhachtach maidir le cearta cosanta sonraí a chur chun cinn agus ag gníomhú mar chara riachtanach do na heagraíochtaí sin tríd an gcomhrá comhlíonta a choinneáil chun tosaigh.”

 

Nótaí d'eagarthóirí

I gcás fiosrúcháin trasteorann, gníomhaíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí mar Phríomhúdarás Maoirseachta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”), agus oibríonn sé i gcomhar lena chomh-Údaráis Mhaoirseachta san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chun cinntí fiosrúcháin a chur i gcrích de réir an tsásra comhair atá leagtha amach in Airteagail 60 go 65 RGCS. Leagtar amach in Airteagal 60 RGCS nós imeachta atá deartha chun cabhrú le cinntí a chur i gcrích trí chomhdhearcadh idir an Príomhúdarás Maoirseachta agus na hÚdaráis Mhaoirseachta lena mBaineann (“CSAnna”).  Tríd an sásra sin, cumasaítear do CSAnna a dtuairimí ar an ní a chomhroinnt leis an bPríomhúdarás Maoirseachta.  I gcás go gcuirtear na tuairimí sin in iúl i bhfoirm agóide ábhartha réasúnaithe, a mhalartaítear mar fhreagra ar dhréachtchinneadh ón bPríomhúdarás Maoirseachta, ní mór don Phríomhúdarás Maoirseachta aird a thabhairt ar na hagóidí sin tríd an dréachtchinneadh uaidh a leasú. Mura ndéanann sé é sin, ní mór dó na hagóidí a tharchur chuig an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí lena gcinneadh aige de bhun an phróisis Réitigh Díospóide atá leagtha amach in Airteagal 65 RGCS.

Is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí an t-údarás náisiúnta neamhspleách in Éirinn atá freagrach as seasamh leis an gceart bunúsach atá ag daoine san Aontas Eorpach go dtabharfaí cosaint dá sonraí pearsanta. Dá réir sin, is é an Coimisiún an t-údarás maoirseachta in Éirinn a gcuirtear de chúram air faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (Rialachán (AE) 2016/679).

 

Tá Tuarascáil Bhliantúil 2023 an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ar fáil anois.