Fáiltíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí roimh na torthaí ar ionchúisimh i leith cionta margaíochta

27th Mí Bealtaine 2024

D’fháiltigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí roimh an toradh a bhí ar dhá bhabhta d’imeachtaí ionchúisimh a tionscnaíodh inniu i gCúirteanna Dúiche Bhaile Átha Cliath. Thionscain an Coimisiún na cásanna in aghaidh dhá chuideachta agus, sa dá chás, d’eisigh an Coimisiún rabhaidh cheana féin chucu de bhun gearáin a rinneadh roimhe sin leis an Oifig. 

Linevana Limited ag trádáil dó mar Cassidy Travel and Classic Resorts

Ag Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, os comhair an Bhreithimh Onóraigh A. Halpin, phléadáil Linevana Limited, ag trádáil dó mar Cassidy Travel and Classic Resorts, ciontach in dhá chúiseamh i ríomhphoist mhargaíochta gan iarraidh a sheoladh chuig custaiméir, tar éis di fógra a thabhairt don chuideachta nach raibh sí ag iarraidh ríomhphoist den sórt sin a fháil.

In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, d’iarr an Chúirt ar an gcuideachta ranníocaíocht €700 a dhéanamh le Little Flower Penny Dinners. D’aontaigh an chuideachta costais an Choimisiúin a íoc ina n-iomláine freisin, agus iad cothrom le €700.

D’eisigh an Coimisiún rabhadh chuig an gcosantóir roimhe sin i mí na Bealtaine 2023. Tháinig sé sin sna sála ar imscrúdú a rinneadh ar ghearán a fuarthas ó dhuine den phobal maidir le ríomhphost margaíochta a seoladh chuig seoladh ríomhphoist an ghearánaigh gan toiliú.

Pulsegym Limited, ag trádáil dó mar Energie Fitness Dublin 8

Ag Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, os comhair an Bhreithimh Onóraigh Halpin, phléadáil Pulsegym Limited, ag trádáil dó mar Energie Fitness Dublin 8, ciontach i gcúiseamh amháin i dteachtaireachtaí margaíochta SMS gan iarraidh a sheoladh chuig custaiméir, tar éis di fógra a thabhairt don chuideachta nach raibh sí ag iarraidh teachtaireachtaí den sórt sin a fháil.

In ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh, d’iarr an Chúirt ar an gcuideachta ranníocaíocht €700 a dhéanamh le Little Flower Penny Dinners. D’aontaigh an chuideachta costais an Choimisiúin a íoc ina n-iomláine freisin, agus iad cothrom le €670.

D’eisigh an Coimisiún rabhadh chuig an gcosantóir roimhe sin i mí Iúil 2023. Tháinig sé sin sna sála ar imscrúdú a rinneadh ar ghearán a fuarthas ó dhuine den phobal maidir le teachtaireachtaí margaíochta SMS a seoladh chuig uimhir theileafóin an ghearánaigh gan toiliú.

 

Dúirt an Dr Des Hogan, Cathaoirleach agus Coimisinéir Cosanta Sonraí, “d’éirigh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí dhá chuideachta a ionchúiseamh inniu i gcumarsáidí margaíochta gan iarraidh a sheoladh gan toiliú. Mar atá le feiceáil sna himeachtaí seo, déanann an Coimisiún faireachán gníomhach ar sháruithe líomhnaithe agus forfheidhmíonn sé sáruithe a shuitear leis an dlí.

Ba cheart dóibh sin a ghabhann do ghníomhaíochtaí margaíochta leictreonaí na hiarmhairtí a thabhairt ar aird, ar iarmhairtí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn dá sáródh siad na rialacháin. Sula dtosaíonn siad feachtais mhargaíochta leictreonaí, tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh cuideachtaí tástáil láidir agus seiceálacha láidre i gcomhar lena soláthraithe seirbhíse, chun a chinntiú go bhfuil toiliú bailí cothrom le dáta acu ó na daoine aonair ar a liostaí margaíochta agus go bhfuil a sásraí um rogha an diúltaithe lánfheidhmiúil.”