ról
Fiosrúcháin Náisiúnta a bhaineann leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus leis an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí
Fiosrúcháin Trasteorann
Measúnú agus Forfheidhmiú a Dhéanamh ar Bhearta Ceartaitheacha a eascraíonn as fiosrúcháin
Próifíl

Ceapadh Niall Cavanagh mar Leas-Choimisinéir, Príomhdhlíodóir Rialála sa Choimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn i mí Iúil 2022.

Cháiligh Niall le céim onóracha in Eolaíocht Ríomhaireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, sa bhliain 1991. D’oibrigh sé san earnáil phríobháideach ar feadh an chéad 12 bhliain dá ghairm, ag obair dó i gcuideachtaí idirnáisiúnta teileachumarsáide mar Bhainisteoir Córas, mar Phríomhfhorbróir, mar Anailísí Gnó agus mar Bhainisteoir Clár. Sa bhliain 2001, rollaíodh é mar Innealtóir Cairte le hInstitiúid Innealtóirí na hÉireann (Innealtóireacht Éireann anois) agus bhí sé ina chomhalta d’Institiúid na nAnailísithe Gnó agus na Sainchomhairleoirí idir an bhliain 1998 agus an bhliain 2003.

Glaodh chun Barra na hÉireann é sa bhliain 2005 agus chleacht sé mar Abhcóide go dtí an bhliain 2017. Clúdaíodh idir chásanna sibhialta agus chásanna coiriúla ina chleachtadh ginearálta. Láithrigh sé os comhair cúirteanna ar gach leibhéal, lenar áiríodh an Chúirt Uachtarach agus an Chúirt Achomhairc.

I mí na Nollag 2017, tháinig sé isteach in Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí in Éirinn mar Choimisinéir Cúnta, ag obair dó i ról an Chomhairleora Dlí Shinsearaigh. Sa bhliain 2018, ceapadh é mar cheann ar an Aonad um Fhógraí Sáruithe, Measúnacht, Fiosrúcháin agus Imscrúduithe.

Rinne Niall ionadaíocht don Choimisiún um Chosaint Sonraí mar shaineolaí teicniúil ainmnithe ar Mheastóireacht Schengen ar an tSualainn sa bhliain 2022.

Ina ról reatha, baineann sé leas as a thaithí dlí agus theicniúil agus é ag stiúradh Aonad um Fhiosrúcháin Mhórscála agus Imscrúduithe Mórscála le haghaidh na nithe seo a leanas a sholáthar:

Photo
Image