Creat Príobháideachais Sonraí an Aontais Eorpaigh-na Stát Aontaithe

“Cumhdaítear le Creat Príobháideachais Sonraí an Aontais Eorpaigh-na Stát Aontaithe dhá ghné d’aistriú sonraí idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe. 

Ar an gcéad dul síos, is sásra féindeimhniúcháin do chuideachtaí sna Stáit Aontaithe é, áit ar mheas an Coimisiún Eorpach go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta ag baint le haistrithe sonraí pearsanta ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chuig cuideachtaí sna Stáit Aontaithe atá deimhnithe faoin gCreat Príobháideachais Sonraí. Mar thoradh air sin, féadfar sonraí pearsanta a aistriú faoi shaoirse chuig cuideachtaí atá deimhnithe ag na Stáit Aontaithe, gan aon ghá le tuilleadh coimircí a chur i bhfeidhm ná le haon údarú a fháil. 

Ar an dara dul síos, soláthraítear leis sásra sásaimh do dhaoine aonair san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch i ndáil le sáruithe líomhnaithe ar dhlí na Stát Aontaithe i leith a gcuid sonraí arna mbailiú ag údaráis na Stát Aontaithe atá inniúil ar shlándáil náisiúnta. 

Foráiltear leis an gCreat Príobháideachais Sonraí do shásraí sásaimh in imthosca áirithe, agus tá an doiciméadacht chuí tugtha thíos.

 

Sásra sásaimh i ndáil le Slándáil Náisiúnta

 

 

Sásra sásaimh i ndáil le Cuideachtaí Tráchtála

Má bhíonn aon cheisteanna nó aon ábhair imní agat faoin dóigh a bpróiseálann cuideachta atá deimhnithe faoin gCreat Príobháideachais Sonraí do shonraí pearsanta, moltar duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an gcuideachta sin, mar chéad chéim. Más rud é nach réiteoidh an chuideachta d’ábhar imní nó go mbeidh cúiseanna agat gan d’ábhar imní a chur in iúl go díreach don chuideachta, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le haon údarás náisiúnta cosanta sonraí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (údarás náisiúnta cosanta sonraí) agus, go háirithe, an ceann sa tír ina gcónaíonn tú nó ina n-oibríonn tú nó ónar aistríodh do shonraí pearsanta chuig na Stáit Aontaithe.  Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach na Ceisteanna Coitianta agus an fhoirm eiseamláireach ghearáin thíos.