Cás-Staidéir Trédhearcacht

 

Úsáid a bhaint as sonraí svaidhpchárta fostaí chun críocha araíonachta

Sa chás seo, bhí an gearánach ina fhostaí a bhí ina ábhar in imeachtaí araíonachta ag a fhostóir. Bhain gné de na himeachtaí sin le poncúlacht an ghearánaigh, agus d’fhéach an fostóir le brath ar shonraí svaidhpchárta a fuarthas ó theacht agus imeacht an ghearánaigh san ionad oibre le linn na tréimhse ábhartha. Mar thoradh ar phróiseas achomhairc inmheánaigh, d’aontaigh an fostóir ina dhiaidh sin gan na sonraí a úsáid chun na críche sin agus bhain sé é de thaifead araíonachta an ghearánaigh. Mar sin féin, d’iarr an gearánach ar an DPC leanúint d’imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán.

Bhí imscrúdú an DPC dírithe ar an bprionsabal i dtaobh cosaint sonraí nach mór sonraí a fháil agus a phróiseáil ar bhealach cothrom . Áirítear leis sin oibleagáid i ndáil le faisnéis a thabhairt d’ábhair sonraí, lena n-áirítear anchríoch nó críocha dá bhfuil sé beartaithe iad a phróiseáil .

Sa chás seo, níor chuir an fostóir an gearánach ar an eolas maidir le sonraí svaidhpchárta a úsáid chun críche imeachtaí araíonachta . (Le linn an imscrúdaithe, chuir an fostóir an DPC ar an eolas gurbh é cás an ghearánaigh aon t-aon chás amháin inar bhain sé úsáid as sonraí svaidhpchárta chun críocha araíonachta .) Ar an mbealach céanna, níor chuir an fostóir an gearánach ná fostaithe eile ar an eolas go raibh sé beartaithe sonraí svaidhp- chárta a bhailítear san ionad oibre a úsáid chun críocha poncúlachta .

Theip ar an bhfostóir an gearánach a chur ar an eolas maidir le húsáid a bhaint as sonraí svaidhpchárta chun críocha poncúlachta agus araíonachta . Dá bhrí sin, chinn an DPC nach bhfuair agus nár phróiseáil an fostóir na sonraí sin ar bhealach cothrom .

Sa chás seo, léirítear an tábhacht atá le cothroime agus trédhearcacht i ndáil le cearta cosanta sonraí a chosaint . D’fhéadfadh rialaitheoirí ar nós fostóirí bunús dlí bailí bheith acu chun sonraí pearsanta a phróiseáil, bíodh sin ar fhorais maidir le conradh a chomhlíon- adh, leas dlisteanach nó forais eile . Mar sin féin, ní mór na prionsabail um chosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 5 den GDPR a chomhlíonadh gan bheann ar an mbunús dlí ar a mbraitear .

.