Cás-Staidéir Trédhearcacht
Píosaí scannáin TCI a bheith á soláthar ag teach tábhairne d’fhostóir
Fuaireamar gearán in aghaidh teach tábhairne i lár na cathrach á líomhain go ndearna sé sonraí pearsanta an ghearánaigh, mar a bhí i bpíosaí scannáin TCI, a nochtadh dá fhostóir gan a eolas ná a thoiliú agus nach raibh comharthaí cuí TCI in airde aige lenar tugadh fógra don phobal go raibh ábhar TCI á thaifeadadh.
Le linn ár n-imscrúdaithe, fuaireamar amach gur óstáil eagraíocht is fostóir imeacht sóisialta dá foireann sa teach tábhairne ar an oíche a bhí i gceist . Bhí an gearánach ina fhostaí de chuid na heagraíochta sin agus d’fhreastail sé ar an imeacht sóisialta sa teach tábhairne . Bhí teagmhas ann idir an gearánach agus fostaí eile le linn an imeachta shóisialta agus líomhnaíodh go raibh ionsaí tromchúiseach ann. Cuireadh fios ar an nGarda Síochána teacht chun an áitribh ar an oíche a bhí i gceist . Thuairiscigh an bainisteoir agus an príomhfhreastalaí ag an am an teagmhas do stáisiún áitiúil an Gharda Síochána arís an lá dár gcionn .
Fuaireamar amach gur tháinig an fostóir ar an eolas faoin teagmhas agus go ndearna sé teagmháil leis an teach tábhairne chun na tuairiscí a fuair sé a fhíorú . Ar deireadh, lig bainisteoir an tí thábhairne d’oifigeach acmhainní daonna ón bhfostóir amharc ar na píosaí scannáin TCI ar an áitreabh. Tar éis dó amharc orthu, mheas an t-oifigeach acmhainní daonna gur theagmhas tromchúiseach é an teagmhas agus d’iarr sé cóip de na píosaí scannáin ionas go bhféadfadh an fostóir an tsaincheist a phlé leis an ngearánach. Lig an bainisteoir don oifigeach acmhainní daonna cóip de na píosaí scannáin a thaifeadadh ar a fhón póca toisc nár éirigh leis na píosaí scannáin a íoslódáil .
Bhreithnigh an Coimisiún cé acu a bhí nó nach raibh bunús dlí ann, faoi fhoras ‘leasanna dlisteanacha’ an rialaitheora sonraí nó aon tríú páirtí faoi alt 2A(1)(d) de na hAchtanna, lena gceadófaí don teach tábhairne sonraí pearsanta an ghearánaigh a phróiseáil trí phíosaí scannáin TCI a sholáthar don fhostóir . Faoin bhforáil sin, is ceadmhach próiseáil a dhéanamh i gcás gur gá déanamh amhlaidh ‘chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir sonraí nó ag tríú páirtí nó páirtithe a bhfuil na sonraí á nochtadh dóibh, seachas i gcás nach mbeidh údar ann leis an bpróiseáil in aon chás ar leith de bhrí go ndéanfaí dochar do chearta bunúsacha nó saoirsí bunúsacha an ábhair shonraí’ .
Le linn dó anailís a dhéanamh ar an gcás seo, bhí aird ag an gCoimisiún ar an mbreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais i gcás phóilíní slándála réigiún Ríge . Sa chás sin, bhreithnigh an Chúirt Bhreithiúnais cur i bhfeidhm Airteagal 22 7(f) den Treoir um Chosaint Sonraí (95/46/CE), ar a bhfuil alt 2A(1)(d) bunaithe, agus shainaithin sí trí choinníoll nach mór a chomhlíonadh sa phróiseáil chun údar a thabhairt léi, is iad sin:
- Ní mór go mbeidh leas dlisteanach ann a thabharfaidh údar leis an bpróiseáil;
- Ní mór go mbeidh próiseáil na sonraí pearsanta riachtanach chun an leas dlisteanach a réadú; agus
- Ní mór go mbeidh forlámhas ag an leas sin ar chearta agus leasanna an ábhair shonraí .
Fuair an Coimisiún amach le linn a imscrúdaithe gurb amhlaidh, ag eascairt as an teagmhas a bhí i gceist, gur líomhnaíodh go ndearna an gearánach ionsaí tromchúi- seach ar chomhghleacaí dá chuid agus gur sholáthair an teach tábhairne cóip de na píosaí scannáin TCI d’fhostóir an ghearánaigh ionas go bhféadfadh an fostóir imscrúdú cuí a dhéanamh ar an teagmhas agus ar na líomhaintí . Ós rud é gur tharla an timpiste le linn imeacht sóisialta de chuid an fhostóra, thug an Coimisiún aird ar an mbaol go bhféadfadh an fostóir bheith faoi dhliteanas i leith aon díobhálacha a d’fhulaing aon fhostaí le linn an teagmhais . Dá réir sin, próiseáladh na píosaí scannáin TCI ar mhaithe leis an oibleagáid a bhí ar an bhfostóir sláinte agus sábháil- teacht a chuid fostaithe a chosaint . Ós rud é gur chuir an Chúirt Bhreithiúnais in iúl roimhe seo gur leas dlisteanach é an tsláinte a chosaint, ba dheimhin leis an gCoimisiún go raibh leas dlisteanach ann in údar a thabhairt leis an bpróiseáil . Chinn an Coimisiún freisin go raibh nochtadh na bpíosaí scannáin TCI sa chás seo riachtanach do na leasanna dlisteanacha a bhí á saothrú ag an bhfostóir ionas go bhféadfadh sé na líomhaintí go ndearna an gearánach éagóir a imscrúdú agus a bhailíochtú . Chinn an Coimisiún, ar aon dul leis na tuairimí ón Abhcóide Ginearálta Bobek i gcás phóilíní slándála réigiún Ríge, go bhfuil sé tábhachtach nach n-úsáidtear cosaint sonraí chun críocha bactha i gcásanna ina bhfuil méid beag sonraí pearsanta i gceist . Sna himthosca sin, chinn an Coimisiún nach mbeadh sé réasúnach a bheith ag súil leis go ndiúltódh an teach tábhairne don iarraidh ón fhostóir amharc ar na píosaí scannáin TCI agus cóip díobh a thógáil i gcomhthéacs líomhaintí faoi ionsaí tromchúiseach ar a áitreabh, go háirithe toisc go raibh na sonraí pearsanta teoranta don teagmhas a bhí i gceist agus nár nochtadh ar shlí eile iad . Maidir le leas an fhostóra a chothromú in aghaidh chearta agus leasanna an ghearánaigh, bhí aird phríomha ag an gCoimisiún ar chomhthéacs na próiseála, áit a bhfuair an teach tábhairne iarraidh go n-amharcfaí ar theagmhas tromchúiseach ar a áitreabh agus go soláthrófaí cóip de na píosaí scannáin den teagmhas, rud ar mheas an teach tábhairne go raibh sé sách tromchúi- seach lena thuairisciú don Gharda Síochána . Dá ndiúltófaí don iarraidh, d’fhéadfadh go gcuirfí bac ar imscrúdú iomlán a dhéanamh ar ionsaí tromchúiseach líomhnaithe agus ar chumas an fhostóra sláinte agus leas a chuid fostaithe a chosaint . Dá réir sin, chinn an Coimisiún gur ghá don teach tábhairne na píosaí scannáin TCI a phróiseáil trí iad a sholáthar don fhostóir agus gur bheart réasúnach a raibh údar leis é sin . Chinn sé freisin go raibh forlámhas ag leas dlisteanach an fhostóra ar chearta agus saoirsí an ghearánaigh, go háirithe toisc nach raibh aon sonraí pearsanta íogaire i gceist leis an bpróiseáil agus nach ndearnadh aon phróiseáil iomarcach .
Maidir leis na fíricí, ba dheimhin leis an gCoimisiún go raibh comharthaí leordhóthanacha in airde ag an teach tábhairne ag an am lenar cuireadh pátrúin san airdeall go raibh TCI in úsáid chun baill foirne agus custaiméirí a chosaint agus chun an choireacht a chosc. Cheal fianaise a fháil uaidh ar a mhalairt, ba dheimhin leis freisin go bhfuair an gearánach fógra go raibh TCI in úsáid ag an am a bhí i gceist .
I gcás a lán gearán a láimhseálann an Coimisiún, creideann ábhair shonraí, agus dul amú orthu, go bhfuil próiseáil a sonraí pearsanta neamhdhleathach i gcás nár thoiligh siad leis an bpróiseáil sin . Mar sin féin, is ann do roinnt bunús dlí, seachas toiliú, lena dtugtar údar le próiseáil, ag brath ar na himthosca ar leith lena mbaineann . Maidir leis an údar le leasanna dlisteanacha, fiosróidh an Coimisiún go dian cé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn imthosca na próiseála na gnéithe, dar leis an gCúirt Bhreithiúnais, nach mór a bheith ann ionas go bhféadfaidh rialai- theoirí a bheith ag brath ar an mbunús dlí sin . Mar an gcéanna, i gcás go sásaíonn na himthosca an tairseach a theastaíonn don údar sin, cuireann an Coimisiún béim ar an bhfíric gurb amhlaidh, de réir na dtuairimí ón Abhcóide Ginearálta Bobek ón gCúirt Bhreithiúnais, nár cheart ceanglais chosanta sonraí pearsanta a úsáid chun bac a chur ar fhíorleasanna dlisteanacha sna sonraí lena mbaineann .