Cás-Staidéir Trédhearcacht
Bheith ag brath ar thoiliú maidir le grianghraf linbh a úsáid i bhfoirm ábhair bolscaireachta
Fuaireamar gearán ó thuismitheoir ábhair sonraí ar mionaoiseach a bhí ann. D’fhreastail an tuismitheoir ar fhéile a d’eagraigh an Gníomhaireacht Stáit, in éineacht lena leanbh. Ghlac grianghrafadóir grianghraf den leanbh. An bhliain ina dhiaidh sin, d’úsáid an Gníomhaireacht Stáit an grianghraf sin in ábhar bolscaireachta. An tuiscint a bhí ag tuismitheoir an ábhair sonraí, cé gur ghlac siad leis gur labhair siad leis an ngrianghrafadóir an tráth ar glacadh an grianghraf, go ndéanfaí teagmháil leo sula n-úsáidfí an íomhá.
Lelinn an imscrúdaithe, thug an Gníomhaireacht Stáit le tuiscint gur bhraith siad ar thoiliú de bhun alt 2A(1) (a) de na hAchtanna, mar go bhfuair an grianghrafadóir cead ó bhéal ó thuismitheoir an ábhair sonraí . Mar sin féin, ghlac an Gníomhaireacht Stáit leis freisin nárbh léir do thuismi- theoir an ábhair sonraí go n-úsáidfí an íomhá chun críocha na meán/caidreamh poiblí . Ghlac an Gníomhaireacht Stáit leis freisin nár tugadh a dhóthain faisnéise don tuismi- theoir maidir leis an íomhá a bheith á coinneáil . D’fháiltigh an DPC roimh an méid a chuir Gníomhaireacht Stáit in iúl maidir le hathbhreithniú láithreach a dhéanamh ar a chleachtais agus ar a nósanna imeachta . Mar fhocal scoir, fuair an DPC nach raibh a dhóthain faisnéise tugtha ag an Gníomhaireacht Stáit do thu- ismitheoir an ábhair sonraí le toiliú a thabhairt maidir le próiseáil na híomhá in ábhar bolscaireachta Bhord Bia .