Cás-Staidéir Teorannú de réir Cuspóra
Próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta fostaí óna chuntas ríomhphoist príobháideach agus ó ríomhphoist phríobháideacha chun críocha araíonachta
Bhí beirt fostaithe ag eagraíocht a sholáthraíonn seirbhísí do bhunscoileanna. Nuair a shroich sé an obair lá amháin, chonaic duine aonair go raibh a chuntas ríomhphoist pearsanta ar oscailt ar ríomhaire comhroinnte. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, foirceannadh fostaíocht an duine aonair sin de bhun imeachtaí araíonachta. Le linn na n-imeachtaí, taispeánadh don duine aonair cóipeanna clóite de roinnt ríomhphost óna chuntas ríomhphoist pearsanta féin. Briseadh an dara duine aonair as a phost freisin. Ba léir gur fhostaigh an eagraíocht tríú páirtí chun na himeachtaí araíonachta a láimhseáil agus gur tugadh cóip de ríomhphoist a sheol an bheirt aonair chuig a chéile don tríú páirtí sin.
Ba é an chúis a tugadh leis an bhfoirceannadh ná go raibh an bheirt fhostaithe ag plé plean gnó a d’fhágfadh go mbeadh siad san iomaíocht lena bhfostóir sa todhchaí. Fuair an fostóir rochtain ar na ríomhphoist, agus chlóigh sé iad. Rinne an bheirt aonair iarrataí rochtana freisin. Tar éis na n-imeachtaí araíonachta, agus tar éis an bheirt a bhriseadh as a bpost, rinne na daoine aonair a ngearáin faoi seach leis an gCoimisiún. Luadh sa dá ghearán gur próiseáladh a sonraí pearsanta ó na malartuithe ríomhphoist eatarthu a aimsíodh sa chuntas ríomhphoist pearsanta a d’fhág duine aonair amháin díobh ar oscailt ar an ríomhaire rochtana comhroinnte. Luadh iontu freisin gur próiseáladh na sonraí sin ansin chun nósanna imeachta araíonachta a sheoladh, ar dá ndeasca a foirceannadh fostaíocht na beirte ball foirne.
Chuir an Coimisiún tús le scrúduithe comhuaineacha ar leith ar na gearáin trí iarraidh ar an eagraíocht a rá cén bunús dleathach a bhí aici do phróiseáil a dhéanamh ar na sonraí pearsanta de chuid na ndaoine aonair a fuarthas ón gcuntas ríomhphoist pearsanta agus ó ríomhphoist phearsanta. Sa fhreagra uaithi, dúirt an eagraíocht gur tharla sé, nuair a bhí sí ag cuardach faisnéis cliaint sa chuntas ríomhphoist, gur thug sí faoi deara gur chuntas ríomhphoist pearsanta é. Thug sí faoi deara freisin go raibh plé ann idir an bheirt fhostaithe maidir le gnólacht a bhunú a bheadh san iomaíocht léi. Mhaígh an eagraíocht gur phróiseáil sí sonraí pearsanta na ndaoine aonair ar mhaithe le leas dlisteanach sa mhéid is go raibh sí ag déanamh iarracht an gnólacht agus a fostaithe eile a chosaint. Mhaígh an eagraíocht freisin gur phróiseáil sí na sonraí pearsanta go dleathach, toisc gur thoiligh na daoine aonair le próiseáil a sonraí pearsanta uile. D’áitigh sí gur tugadh an toiliú sin nuair a tugadh cóip d’fhógra príobháideachta na cuideachta do na daoine aonair, rud inar cuireadh in iúl dóibh go bpróiseálfadh sí a sonraí pearsanta (gach trealamh agus sócmhainn TF san áireamh), agus go raibh an méid sin soiléir ina gconarthaí sínithe fostaíochta.
Maidir leis an spleáchas ar chonarthaí fostaíochta agus ar bheartas agus fógra príobháideachta na cuideachta chun a léiriú gur thug na daoine aonair toiliú don chuideachta a sonraí pearsanta a úsáid, thug an Coimisiún faoi deara nach raibh toiliú le sonraí pearsanta a phróiseáil ó chuntais ríomhphoist phearsanta ina bhunús dleathach bailí sna himthosca seo. Ina theannta sin, chun go mbeidh toiliú bailí, ní mór é a bheith tugtha faoi shaoirse agus ní mór é a bheith sonrach, feasach agus gan athbhrí. An spleáchas ar chonradh fostaíochta a shíniú chun toiliú leis an bpróiseáil a léiriú, ní chomhlíonann sé na critéir is gá chun leas a bhaint as an mbunús dleathach sin don phróiseáil.
Chinn an Coimisiún gur sháraigh an eagraíocht na cearta cosanta sonraí atá ag na daoine aonair faoi Airteagal 5(1)(a), (b) agus (f) RGCS. Is leis na prionsabail seo a leanas a bhaineann na hAirteagail sin: dlíthiúlacht; cothroime agus trédhearcacht; teorannú de réir cuspóra; agus sláine agus rúndacht. Sáraíodh a gcearta cosanta sonraí freisin nuair a fuarthas rochtain ar chuntas ríomhphoist pearsanta an duine aonair agus nuair a amharcadh ar an gcuntas sin, agus é sin contrártha
d’Airteagal 32(1) agus 32(2) RGCS.
Chuir an eagraíocht roinnt beart slándála chun feidhme chun a chinntiú nach dtarlódh teagmhas den sórt seo arís. Áiríodh leis na bearta sin oiliúint a chur ar an bhfoireann ar RGCS agus ar úsáid TF, Idirlín agus ríomhphoist, lenar áiríodh próisis logála isteach ríomhaire.