Cás-Staidéir Agóid i gcoinne Próiseáil

 

Próiseáil neamhdhleathach sonraí catagóirí speisialta

Chuir ábhar sonraí gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (DPC) in aghaidh a bhfostóra (an rialaitheoir sonraí) maidir lena gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil faoi Airteagal 9 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Mhínigh an t-ábhar sonraí don DPC go bhfuair siad teastas breoiteachta ón Dochtúir Teaghlaigh (GP) agus mar sin gur thug siad an teastas breoiteachta dá bhfostóir, i gclúdach litreach le seoladh Oifigeach Leighis na heagraíochta. D’oscail comhalta foirne a bhí ag feidhmiú i ról bainisteora an teastas leighis; ní raibh ról mar oifigeach leighis ag an duine seo, áfach. Sula ndearna sé/sí teagmháil leis an DPC rinne an t-ábhar sonraí teagmháil lena bhfostóir chun aghaidh a thabhairt ar na húdair imní a bhí á mbrath acu go raibh sonraí pearsanta a bhí íogair á bpróiseáil go neamhdhleathach; mar sin féin, ní bhfuair siad aon fhreagra maidir lena ngearán.

Mar chuid dá imscrúdú, rinne an DPC teagmháil leis an rialaitheoir sonraí agus rinne mionsonraí maidir le gearán ábhair sonraí a chomhroinnt leo. D’fhreagair an rialaitheoir sonraí an DPC agus mhínigh, de réir Nósanna Imeachta Oibríochta Caighdeánacha na heagraíochta, mar gheall nach raibh aon oifigeach leighis ar dualgas an lá a bhí i gceist, go dtiteann an fhreagracht agus an t-údarás ó thaobh saoire a cheadú, breoiteachta nó eile, go huathoibríoch ar an mbainisteoir ar an lá, arbh é/í a phróiseáil an teastas leighis.

Níor ghlac an t-ábhar sonraí leis an míniú a chuir an rialaitheoir sonraí ar fáil agus chuir go láidir i gcoinne go ndéanfaidh duine nach oifigeach leighis ainmnithe a bhí i gceist próiseáil ar an teastas leighis.

Trína imscrúdú, chinn an DPC, faoi Airteagail 6(1)(b),(c), (f) agus 9(2)(b) den RGCS go raibh boinn dlisteanacha ag an rialaitheoir sonraí, sonraí pearsanta íogaire an ábhair sonraí a phróiseáil faoin GDPR agus mar sin nár tharla aon phróiseáil neamhdhleathach. Níor breithníodh go raibh aon ghníomh eile riachtanach i gcoinne an rialaitheora sonraí maidir le gearán an ábhair sonraí.