Cás-Staidéir Agóid i gcoinne Próiseáil

 

Próiseáil neamhdhleathach a d’eascair as earráid billeála (An dlí is infheidhme — na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003 (na hAchtanna))

I mí Aibreáin 2018, fuaireamar gearán ó ábhar sonraí a scoir dá bheith ina custaiméir de chuid an rialaitheora sonraí. Dá ainneoin sin, d’aimsigh sí go raibhná sonraí á bpróiseáil fós toisc go raibh sí ag fáil billí ón rialaitheoir sonraí fós. Fuair an gearánach dearbhuithe ó bhéal agus i scríbhinn araon á rá nach raibh uirthi an tsuim sa bhille a íoc.

Mar sin féin, fuair an gearánach teachtaireacht téacs ó chuideachta bailithe fiach ina dhiaidh sin, rud inar iarradh uirthi teagmháil a dhéanamh leis an gcuideachta. Nuair a chuir an gearánach glao ar an gcuideachta bailithe fiach, dhiúltaigh an chuideachta d’fhaisnéis ar bith faoin bhfiach líomhnaithe a thabhairt di go dtí go dtabharfadh sí dóibh sonraí pearsanta lena bhfíorófaí a haitheantas. Dhiúltaigh sí do dhéanamh amhlaidh. Ní ba mhoille an lá sin, fuair an gearánach litir ón gcuideachta bailithe fiach á dheimhniú go raibh an chuideachta ag iarraidh airgead a bhí le híoc aici leis an rialaitheoir sonraí a aisghabháil.

Sainaithníodh an gearán sin mar ghearán a d’fhéadfaí a réiteach go cairdiúil faoi alt 109 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018. D’aontaigh an gearánach agus an rialaitheoir sonraí araon go n-oibreodh siad leis an gCoimisiún chun féachaint leis an ní a réiteach go cairdiúil.

Dheimhnigh Cuideachta A don Choimisiún gur de bharr earráide a léiríodh go raibh iarmhéid cuntais an ghearánaigh le glanadh fós. Luaigh an chuideachta gur baineadh an t-iarmhéid amuigh den chuntas a luaithe a shainaithin an rialaitheoir sonraí an earráid. Dheimhnigh an rialaitheoir sonraí gur thug sé ordú don chuideachta bailithe fiach scor d’aon ghníomhaíochtaí bailithe agus aon sonraí a bhaineann leis an ngearánach a scriosadh.

Cé go raibh an gearánach sásta leis an toradh deiridh, tharraing an Coimisiún aird an rialaitheora sonraí ar an bhfíric gur cuireadh in iúl don ghearánach dhá uair ar a laghad roimhe sin gur réitíodh an ní. Dá ainneoin sin, próiseáladh a sonraí go héagórach toisc gur cuireadh ar aghaidh iad chuig cuideachta bailithe fiach gan aon údar a bheith ann leis an nochtadh sin. Ag aithint a mhainneachtainí dó, ghabh an rialaitheoir sonraí a leithscéal leis an ngearánach, thug sé dearbhuithe áirithe di á rá nach mbeadh éifeacht ar bith ag an ní ar a rátáil chreidmheasa agus thug sé bronntanais do charthanais is rogha léi.

Chun go mbeadh rialaitheoir in ann próiseálaí a fhostú go dleathach chun sonraí pearsanta a phróiseáil, ní mór údar a bheith ann le próiseáil na sonraí pearsanta a dhéanamh ar an gcéad dul síos. Sa chás seo, rinne an rialaitheoir neamhaird d’ábhair imní a tharraing an gearánach anuas roimhe sin nuair a chuir sí in iúl go raibh billí á n-eisiúint chuici fós, cé nach raibh sí ag fáil seirbhísí ón rialaitheoir a thuilleadh, agus gur theip air féachaint ar úsáid leantach a sonraí pearsanta chun críocha billeála in imthosca nach raibh sí ina custaiméir a thuilleadh iontu. Molann an Coimisiún do dhaoine aonair ábhair imní cosanta 26 sonraí a tharraingt anuas go díreach leis an rialaitheoir ar an gcéad dul síos chun go mbeidh sé in ann aghaidh a thabhairt orthu. Mar sin féin, tarlaíonn sé go minic go ndéanann rialaitheoirí sonraí neamhiontas nó neamhaird d’iarrachtaí a dhéanann an t-ábhar sonraí gearáin a tharraingt anuas go díreach go dtí go n-éiríonn an Coimisiún páirteach sa ní. Is ní do-ghlactha é sin.

Mar chuid de na hoibleagáidí cuntasachta atá ar gach eagraíocht, ba cheart di bearta fiúntacha éifeachtúla a bheith i bhfeidhm aici chun déileáil le gearáin chosanta sonraí agus aghaidh a thabhairt orthu i gcás go dtarraingíonn ábhar sonraí anuas iad go díreach, gan aon ghá a bheith ag an ábhar sonraí le dul i muinín idirghabháil ón gCoimisiún.