Cás-Staidéir Agóid i gcoinne Próiseáil

 

Próiseáil chothrom sonraí pearsanta (An Dlí is Infheidhme — an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018)

D’eisigh ábhar sonraí gearán chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) i gcoinne a fhostóra (“rialaitheoir sonraí”) maidir le próiseáil a shonraí pearsanta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“GDPR”). Mhínigh an t-ábhar sonraí don Choimisiún gur tugadh do thríú páirtí (fostóir ionchasach) mionsonraí faoi ní rúnda mar chuid de theistiméireacht. Sula ndearna sé teagmháil leis an gCoimisiún, rinne an t-ábhar sonraí teagmháil leis an rialaitheoir sonraí chun aghaidh a thabhairt ar na húdair imní a bhí aige toisc go raibh sé den tuairim gur próiseáladh a shonraí pearsanta go neamhdhleathach. Ní bhfuair sé freagra sásúil ar an ngearán uaidh, áfach.

Tugann an Coimisiún dá aire gurb é a bhíonn i gceist le teistiméireacht faoi bhall foirne ó fhostóir reatha/ iarfhostóir a sholáthar do thríú páirtí, amhail fostóir ionchasach, de ghnáth ná sonraí pearsanta a nochtadh . Luaigh an t-ábhar sonraí gur nocht an rialaitheoir sonraí ní rúnda sa teistiméireacht a tugadh don fhostóir ionchasach.

Mar chuid dá scrúdú, rinne an Coimisiún idirchaid- reamh leis an rialaitheoir sonraí agus chomhroinn sé na mionsonraí faoi ghearán an ábhair sonraí. Thug an rialaitheoir sonraí freagra don Choimisiún agus mhínigh sé go bhfuil sé ag brath ar thoiliú agus ar leas dlisteanach i ndáil leis an ní rúnda a nochtadh. Luaigh an rialaitheoir sonraí gurbh amhlaidh, le linn dó cearta an ábhair sonraí a chothromú i gcoinne leasanna an tríú páirtí (agus leasanna na ndaoine sin a dtugann an tríú páirtí cúram dóibh), a chinn sé go bhfuil dualgas cúraim air a chinntiú go bhfaigheadh faighteoir na teistiméireachta (an fostóir ionchasach) teistiméireacht a bheadh fíor, cruinn, cothrom agus ábhartha don ról a ndearna an t-ábhar sonraí iarratas air.

Ba dheimhin leis an rialaitheoir sonraí gur próiseáladh na sonraí ar bhealach cothrom trédhearcach. Luaigh sé freisin gurbh amhlaidh, de bharr chineál na fostaíochta, a bhí dualgas cúraim air do na daoine a dtacaíonn siad leo, mar atá na baill foirne, agus freisin d’fhostóirí ionchasacha a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta don chatagóir chéanna cliant.

Tá sé tábhachtach a bhreithniú cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh stádas an rialaitheora sonraí nó na hoibleagáidí dlíthiúla nó conartha is infheidhme (nó dearbhuithe eile a tugadh tráth an bhailithe) a bheith mar chúis le hionchais réasúnacha go mbeadh rúndacht níos déine ann nó go mbeadh srianta níos déine ar thuilleadh úsáide ann. Chuir an Coimisiún san áireamh cé acu a bhí nó nach raibh an rialaitheoir sonraí in ann an toradh céanna a bhaint amach gan na mionsonraí rúnda a nochtadh don fhostóir ionchasach. Maidir leis na ráitis a tugadh sa teistiméireacht, bhí siad bunaithe ar fhíorais a d’fhéadfaí a chruthú agus a bhí riachtanach chun leasanna dlisteanacha chliaint an rialaitheora sonraí agus an dualgas cúraim do chliaint an rialaitheora sonraí a bhaint amach.

D’ainneoin an dualgais rúin, agus in imthosca inar ainmnigh an t-ábhar sonraí an rialaitheoir sonraí chun an teistiméireacht a sholáthar, á thoiliú le comhroinnt shonraí pearsanta ábhartha an ábhair sonraí le fostóir ionchasach dá bhrí sin, is deimhin leis an gCoimisiún go bhfuil leas dlisteanach an fhostóra ionchasaigh agus mórleas an phobail ina n-údar le nochtadh an ní rúnda.

Tar éis dó an ní a scrúdú go críochnúil, chuir an Coimisiún in iúl don ábhar sonraí, faoi alt 109(5)(c) d’Acht 2018, gur réasúnach atá an míniú a chuir an rialaitheoir sonraí ar aghaidh in imthosca an ghearáin seo agus nár tharla aon phróiseáil neamhdhleathach. Dá réir sin, measadh nár ghá aon ghníomh eile a dhéanamh i gcoinne an rialaitheora sonraí de bhun an ghearáin ón ábhar sonraí.