Cás-Staidéir Agóid i gcoinne Próiseáil
Píosa scannánaíochta de sheirbhís sochraide bheith á próiseáil ag eaglais pharóiste (An Dlí is Infheidhme — GDPR & an tAcht um Chosaint Sonraí 2018)
Rinne duine aonair gearán in aghaidh eaglais pharóiste maidir le sonraí pearsanta an duine aonair bheith á bpróiseáil mar thoradh ar sheirbhís sochraide duine muinteartha ar fhreastail an duine aonair uirthi bheith á beoshruthú agus á taifeadadh. Rinne an duine aonair gearán freisin maidir le heaspa trédhearcachta faoin taifeadadh bheith á dhéanamh.
Rinne an duine aonair gearán leis an DPC faoi freagra na heaglaise paróiste ar a ábhar imní maidir le húsáid a bhaint as beoshruthú agus taifeadadh do sheirbhísí sochraide. Le linn don DPC an gearán a iniúchadh, chuathas i dteagmháil leis an eaglais pharóiste d’fhonn an bonn dleathach a bhí leis an bpróiseáil a dhearbhú agus soiléiriú a fháil maidir leis an bhfreagra a tugadh i leith an ghearáin maidir le sonraí. Chuir an eaglais pharóiste in iúl don DPC gur úsáideadh beoshruthú do sheirbhísí sochraide le linn shrianta Covid-19 agus go ndéanann an eaglais taifeadadh ar sheirbhísí sochraide nuair a iarrann daoine muinteartha é, rud a tharla sa ghearán seo, nuair nach féidir le duine bheith i láthair ag an tsochraid de ghnáth. Chuir an eaglais pharóiste in iúl don DPC go n-úsáidtear ceamara amháin in áit shocraithe chun na taifeadtaí seo a dhéanamh agus iad a bheoshruthú. Baineann an eaglais pharóiste na taifeadtaí seo dá láithreán gréasáin i ndiaidh 30 lá. Ghabh an eaglais pharóiste leithscéal leis an duine aonair as ucht bheith ina cúis le haon mhíshuaimhneas agus as loiceadh ar an duine aonair a chur ar an eolas faoin tréimhse coinneála 30 lá amháin. Cuireann an eaglais pharóiste an lucht freastail ar an eolas ag tús seirbhísí go mbeidh beoshruthú á dhéanamh orthu agus tá comharthaí leis an eolas sin curtha in airde ag doirse na heaglaise. Chuir an eaglais pharóiste athruithe i bhfeidhm mar thoradh ar an ngearán seo, lena n-airítear an lucht freastail a chur ar an eolas le linn seirbhíse go bhfuil sí á beoshruthú, faisnéis maidir le beoshruthú agus taifeadadh a chur san áireamh i nuacht- litreacha an pharóiste agus ar an láithreán gréasáin, gan freagra a thabhairt ach amháin ar iarratais ar thaifeadtaí i scríbhinn agus pasfhocal chun taifeadtaí a chosaint amach anseo.
Scríobh an DPC chuig an duine aonair agus cuireadh comhairle air go raibh leas dlisteanach ag an eaglais pharóiste agus ag daoine nach raibh in ann freastal ar sheirbhís sochraide breathnú ar an tseirbhís trí bheoshruthú nó trí thaifeadadh faoi alt 109(5)(c) den Acht 2018. Chomh maith leis sin, luaigh an DPC an tréimhse coinneála 30 lá don phíosa scannánaíochta, radharc socraithe agus teoranta an cheamara agus na hathruithe a chuir an eaglais pharóiste isteach mar thoradh ar an ngearán seo, lena n-áirítear an riachtanas iarratas a dhéanamh i scríbhinn chun taifeadadh a dhéanamh agus pasfhocal chun na taifeadtaí sin a chosaint. Chuir an DPC comhairle ar an duine aonair gur thug an eaglais pharóiste freagra réasúnach maidir le cúinsí an ghearáin seo agus thug sé chun suntais gur iarr duine muinteartha eile leis an té a fuair bás go ndéanfaí an taifeadadh. Ina ainneoin sin, mhol an DPC faoi alt 109(5) (f) den Acht 2018 go nuashonródh an eaglais pharóiste a beartas príobháideachais ar a láithreán gréasáin le tuilleadh faisnéis maidir le beoshruthú agus taifeadadh a dhéanamh ar sheirbhísí sochraide.