Cás-Staidéir Agóid i gcoinne Próiseáil
Gearán déanta i gcoinne Club Gailf
Rinne duine aonair gearán leis an gCoimisiún maidir leis an dóigh ar bhain an rialaitheoir sonraí úsáid as píosaí scannáin TCI chun imscrúdú a dhéanamh ar theagmhas ina raibh an duine aonair páirteach. D’eagraigh an duine aonair imeacht i saoráid fóillíochta (an rialaitheoir sonraí) agus chuir sé comharthaí ar taispeáint i ndáil le nósanna imeachta Covid-19 chun cúnamh a thabhairt do na daoine a bheadh i láthair. Ag deireadh an imeachta, rinne an duine aonair comhartha eile i ndáil le nósanna imeachta Covid-19 a bhaint gan chuimhneamh nuair a bhí sé ag fáil réidh leis na comharthaí a shuiteáil sé don imeacht. Tar éis gearán a fháil ó dhuine aonair eile, rinne an rialaitheoir sonraí athbhreithniú ar na píosaí scannáin TCI chun a fháil amach cé a bhain an comhartha. Bhí an duine aonair den tuairim nár phróiseáil an rialaitheoir sonraí a shonraí pearsanta ar bhealach comhréireach ná trédhearcach agus nár chomhlíon sé na hoibleagáidí atá air mar rialaitheoir sonraí i ndáil leis an dóigh ar imscrúdaigh sé an teagmhas. Dá réir sin, rinne an duine aonair gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún.
Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an rialaitheoir sonraí chun an gearán a scrúdú. Dhírigh sé ar mhainneachtain líomhnaithe an rialaitheora sonraí a chinntiú go gcomhlíonfaí na prionsabail a bhaineann le sonraí pearsanta an duine aonair a phróiseáil de réir Airteagail 5(1)(a), 5(1)(b) agus 13 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“GDPR”). D’inis an Coimisiún do na páirtithe gurb é cur chuige an Choimisiúin ar an gcéad ásc deis a thabhairt do na páirtithe féin féachaint le teacht ar réiteach cairdiúil ar an ngearán de réir alt 109(3) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (“Acht 2018”). Tháinig na páirtithe ar réiteach cairdiúil . Rinne an rialaitheoir sonraí iniúchadh ar a chóras TCI agus rinne sé rochtain ar phíosaí scannáin TCI a theorannú do bhaill foirne ainmnithe. Ghabh an duine aonair buíochas leis an gCoimisiún as an ngearán uaidh a láimhseáil ar bhealach gairmiúil cuidiúil. Luaigh sé freisin go raibh drogall air an gearán a chur isteach ar dtús toisc go raibh sé ar an eolas faoin líon gearán a ndéileálann an Coimisiún leo agus faoi na srianta a chuireann siad sin ar acmhainní. Cuireadh in iúl dó, áfach, gurbh ionann an aird a tugadh ar an ngearán uaidh agus an aird a thugtar ar na mór-shaincheisteanna a ndéileálann an Coimisiún leo. Tá muinín ag an duine aonair nach dtiocfaidh an tsaincheist chun cinn arís eile, a bhuí le rannpháirtíocht an Choimisiúin. Bhí an t-ábhar sonraí ag iarraidh buíochas a ghabháil leis an gCoimisiún agus aitheantas a thabhairt don dóigh éifeachtúil ar dhéileáil sé leis an ní.