Cás-Staidéir Agóid i gcoinne Próiseáil
Foilsiú neamhúdaraithe grianghraif (Réiteach Cairdiúil)
Fuair an DPC gearán ó dhuine aonair a bhain le foilsiú a ngrianghraif in alt a bhí mar chuid de nuachtlitir ionaid oibre gan a dtoiliú a bheith faighte. Chuir an rialaitheoir sonraí, arbh é fostóir earnála poiblí an duine aonair é, in iúl don duine gur chóir go mbeadh toiliú faighte aige chun an grianghraf a úsáid i nuachtlitir an ionaid oibre, ós rud é nárbh é seo an cuspóir a bhfuarthas an grianghraf lena aghaidh. Chuir an rialaitheoir sonraí in iúl don duine aonair freisin go raibh sárú sonraí tar éis tarlú sa chás seo.
Aithníodh an gearán seo mar cheann a bhfuil seans ann go bhféadfaí é a réiteach go cairdiúil faoi Alt 109 den Acht um Chosaint Sonraí 2018; d´aontaigh an gearánach agus an rialaitheoir sonraí araon go n-oibreodh siad leis an DPC chun iarracht a dhéanamh an cheist a réiteach go cairdiúil. Chuaigh an rialaitheoir sonraí i dteagmháil leis an DPC faoin gceist, agus chomhairligh sé go raibh imscrúdú inmheánach curtha i gcrích aige agus dheimhnigh sé gurbh fhíor gur tharla sárú sonraí agus gur chóir toiliú a bheith faighte chun grianghraf an duine aonair a úsáid i nuachtlitir an ionaid oibre. Ní raibh foilsiú i nuachtlitir i measc na gcuspóirí dá bhfuarthas an grianghraf sa chéad dul síos. Ghabh an fostóir a leithscéal leis an duine aonair . Níor mheas an gearánach, áfach, gur réiteach cuí é seo don ghearán a bhí idir lámha.
Chuir an DPC moltaí ar fáil go ndéanfaí bileog eolais faoi chúrsaí toilithe a dháileadh don fhoireann sula mbainfí úsáid as grianghrafadóireacht, ábhar fuaime agus/nó físeáin, agus go ndéanfaí foirm thoilithe do ghrianghrafadóireacht, ábhar fuaime agus físeáin a chomhlánú agus a shíniú sula bhfaighfí íomhánna nó taifeadtaí; chuir an rialaitheoir an chomhairle seo i bhfeidhm ina dhiaidh sin.
Dearbhaíonn Airteagal 5(1)(b) den GDPR go “ndéanfar sonraí pearsanta a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá neamhréir leis na críocha sin (‘teorannú de réir cuspóra’). Bhí an DPC sásta go ndearna an rialaitheoir sonraí tuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta an duine aonair gan a dtoiliú (ná bunús eile dlí) chun a leithéid a dhéanamh nuair a d´fhoilsigh sé grianghraf an fhostaí i nuachtlitir an ionaid oibre. D´eisigh an DPC litir thoraidh a chuir an méid sin in iúl don ghearánach. Bhí an DPC sásta leis na bearta eagraíochtúla a tugadh isteach ina dhiaidh sin agus mar sin de níor ghá don rialaitheoir aon bhearta breise a dhéanamh sa chás seo.