Cás-Staidéir An Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (LED)
Teorannú Cuspóra
Scrúdaigh an DPC gearán mar ar mhaígh duine aonair go raibh sonraí a bailíodh i gcomhthéacs áirithe amháin forfheidhmithe dhlí á úsáid ag an rialaitheoir sonraí céanna do chuspóir eile forfheidhmithe dhlí. Bhain an gearán le hionchúiseamh duine aonair do chionta i réimse na leigheasanna eachaí agus ainmhithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara (RTBM) agus atreorú ar leith ag RTBM líomhaintí mí-iompair ghairmiúil do Chomhairle na dTréidlia (CT) maidir leis an duine céanna.
Tar éis don DPC na ceisteanna a tógadh a scrúdú, d´atreoraigh sé an gearánach d´Alt 71(5) den Acht um Chosaint Sonraí 2018:
Nuair a bhailíonn rialaitheoir sonraí pearsanta do chuspóir sonraithe in Alt 70(1)(a), is féidir leis an rialaitheoir nó rialaitheoir eile na sonraí a phróiseáil do chuspóir a sonraíodh seachas an cuspóir dár bailíodh na sonraí, sa mhéid go bhfuil—
- an rialaitheoir údaraithe chun a leithéid de shonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh a leithéid de chuspóir de réir dhlí an Aontais Eorpaigh nó dlí an Stáit, agus go bhfuil
- an phróiseáil riachtanach agus comhsheasmhach leis an gcuspóir dá bhfuil na sonraí á bpróiseáil .
Maidir le hAlt 70(1)(a) agus “dlí an Stáit”, thug an DPC faoi deara na forálacha a leagtar amach san Acht um Chleachtas Tréidliachta 2005 i dtaca le cur i gcrích fhiosrúchán ag an CT faoi líomhaintí mí-iompair ghairmiúil . Tugann Alt 76 den Acht um Chleachtas Tréidliachta 2005, go háirithe, achoimre gur féidir leis an CT nó aon duine iarratas a dhéanamh ar fhiosrúchán maidir le hoiriúnacht duine chláraithe chun tréidliacht a chleachtadh . Ar an mbonn seo ní dhearna an DPC machnamh faoi reachtaíocht chosanta sonraí chun atreorú ar leith RTBM a dhícheadú maidir le líomhaintí mí-iompair ghairmiúil don CT i dtaca le duine, i gcomhar le himeachtaí ionchúisimh ag RTBM in aghaidh an duine chéanna do chionta i réimse na leigheasanna eachaí agus ainmhithe .