Cás-Staidéir An Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (LED)

 

Srianta Sonraí

Fuair an DPC gearán ó dhuine aonair a mhaígh go raibh sé ina íospartach i gcoir. D’iarr an duine aonair go ndéanfadh An Garda Síochána (AGS) a shonraí pearsanta íogair a phróiseáil de réir a théarmaí áirithe, is é sin, d’iarr sé go gcuirfí cóip iomlán de thorthaí leighis na dtástálacha fóiréinseacha arna dtabhairt faoi ag Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann (FSI) ar fáil dó ar an toirt i ndiaidh do AGS na torthaí a fháil. Ina dhiaidh sin, d’iarr sé go ndéanfaí an pacáiste samplaí a scaradh, leis an iarratas seo á leasú ina dhiaidh sin do anailís ó fhiala ar leith a bheith á n-iarraidh.

Thug an DPC faoi deara gurbh é an t-ábhar sonraí céanna a chuir tús leis an bpróiseas ar fad chun anailís de shamplaí fóiréinseacha a lorg, i ndiaidh na coire líomhnaithe . D’fhonn leanúint ar aghaidh leis na tástálacha fóiréinseacha, éilíodh ar an duine aonair foirm a chomhlánú dar teideal ‘Consent for Release of Stored Forensic and a Legal Report to the Custody of An Garda Síochána’ . Chinn an DPC go mbeadh aon sonraí pearsanta a phróiseáil AGS sa chomhthéacs atá leagtha amach ag teacht faoin Treoir maidir le Forfheidh- miú an Dlí (AE) 2016/680 faoi mar a thrasuitear í isteach san Acht um Chosaint Sonraí .

Chomhairligh AGS don DPC maidir le cásanna ina gcuireann duine aonair a sonraí pearsanta faoi bhráid AGS agus FSI lena dtástáil tuilleadh, go gcuirtear aon phróiseáil bhreise ó AGS agus FSI i gcrích d’fhonn cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú .

Mar sin, rialaítear tuairisc arna eisiúint ag Eolaíocht Fhóiréinseach Éirinn le forálacha Alt 94 den Acht, ina leagtar amach srianta maidir le rochtain a d’fhéadfadh ri- alaitheoir sonraí a chur i bhfeidhm, lena n-airítear srianadh chun dul i gcion ar imscrúdú a sheachaint . I ndiaidh don DPC na ceisteanna a ardaíodh a scrúdú, nach ndéantar foráil sa Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (AE) 2016/680 faoi mar a thrasuitear i gCodanna 5 agus 6 den Acht do dhaoine aonair na coinníollacha faoina dtoilíonn ábhair sonraí a sonraí pearsanta bheith á bpróiseáil ag údarás forfheidhmithe a leagan síos .

Maidir le samplaí fóiréinseacha a phróiseáil i gcomhthéacs an dlí a fhorfheidhmiú, bhí an DPC sásta go raibh an phróiseáil ar shonraí íogaire i gcomhréir le hailt 71 agus 73(1)(b) (i) den Acht . Thug an DPC faoi deara shainigh an fhoirm ‘Consent for Release of Stored Forensic and a Legal Report to the Custody of An Garda Síochána’ faighteoirí na sonraí ar fad a bhí beartaithe, mar aon leis an bhfíoras go bhféadfaí torthaí na dtástálacha saotharlainne agus an tuairisc dlí a scaoileadh chuig na cúirteanna lena n-úsáid i bhfianaise. Mhol an DPC go gcuirfí Fógra um Chosaint Sonraí san áireamh san fhoirm, chun cur ar chumas ábhar sonraí faisnéis mhionsonraithe a fháil maidir leis an gcreat reachtach agus nósanna imeachta a rialaíonn coinníol- lacha na próiseála i ndáil le samplaí fóiréinseacha agus imscrúduithe AGS .