Cás-Staidéir An Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (LED)

 

Iarraidh Rochtana faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí – Cearta agus Srianta

Faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, a trasuíodh i ndlí na hÉireann le Codanna 5 agus 6 (ailt 69 go 104) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (an tAcht), féadfar srianta a chur ar an gceart atá ag duine aonair rochtain a fháil ar thaifid ina bhfuil sonraí pearsanta.  

D’iarr duine aonair na sonraí pearsanta uile a bhí á bpróiseáil ag an nGarda Síochána faoi féin.  Sa fhreagra uaidh don duine aonair, sholáthair an Garda Síochána roinnt doiciméadachta ina raibh sonraí pearsanta. Sa fhreagra sin, thug an Garda Síochána le fios go raibh doiciméid áirithe á n-eisiúint i bhformáid fholaithe agus go raibh doiciméid eile á gcoimeád siar ina n-iomláine.  Ba iad na  díolúintí a raibh an Garda Síochána ag brath orthu ná ailt 91(7) agus 94(3)(a) den  Acht.  Tagraítear in alt 91(7) do shonraí ina bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann le duine aonair eile agus lena ndéanfaí, nó lena bhféadfaí, céannacht an duine
aonair a nochtadh. Baineann alt 94(3)(a) le sonraí lena ndéanfaí dochar do chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó do phionóis choiriúla a fhorghníomhú. 

Toisc nach raibh an duine aonair sásta leis an bhfreagra a fuair sé ón nGarda Síochána, rinne sé gearán leis an gCoimisiún. Tar éis an gearán a fháil, shainaithin an Coimisiún gur leis an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, agus ní le RGCS, a bhain an gearán. Mar chuid den scrúdú a rinne an Coimisiún ar an ngearán, d’iarr sé ar an nGarda Síochána tuilleadh mionsonraí a thabhairt faoina spleáchas ar dhíolúintí chun sonraí pearsanta a choimeád siar mar fhreagra ar an iarraidh rochtana. Tar éis dó na mionsonraí breise a iarradh a fháil ón nGarda Síochána, d’iarr an Coimisiún amharc ar na sonraí pearsanta uile a folaíodh agus a coimeádadh siar, agus d’fhreastail sé ar oifig an Gharda Síochána chun déanamh amhlaidh. 

Tugadh cuairt ar an láthair, ar lena linn a scrúdaigh an Coimisiún na doiciméid a bhí i gceist. Le linn na cuairte sin, rinne an Coimisiún caidreamh leis an nGarda Síochána chun soiléiriú a lorg ar na díolúintí a bhí á gcur i bhfeidhm i leith na ndoiciméad a bhí á bhfolú agus a bhí á gcoimeád siar ina n-iomláine. Tar éis an chaidrimh sin, sainaithníodh sonraí pearsanta breise lena n-eisiúint. Mar thoradh ar an gcuairt sin, fuair an duine aonair a shonraí pearsanta, agus ghnóthaigh an Garda Síochána tuiscint níos fearr ar conas is féidir na díolúintí a chur i bhfeidhm.

Key Takeaway

  • Trí amharc ar an doiciméadacht ag oifigí an Gharda Síochána, bhí an Coimisiún in ann caidreamh díreach a dhéanamh leis an nGarda Síochána maidir leis an leas a bhí á bhaint aige as díolúintí.  Agus é ag cur ceangal ar an nGarda Síochána a bheith níos críochnúla le linn dó measúnú a dhéanamh ar dhíolúintí den sórt sin, chuir an Coimisiún ar chumas an duine aonair rochtain a fháil ar shonraí pearsanta breise – cé go raibh siad folaithe go dlisteanach – de réir Acht 2018.