Cás-Staidéir Cuntasacht Ghinearálta

 

Líomhain á rá gur fhoilsigh eagraíocht sonraí pearsanta

Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ceist ó dhuine aonair a bhain le cás a raibh an chuma air gur cuireadh a réadmhaoin ar áireamh de thaisme ar fhógra ar fhoilsigh suíomh Gréasáin réadmhaoine é. Chuir an duine aonair in iúl gur fhoilsigh an suíomh Gréasáin réadmhaoine íomhá de réadmhaoin a bhí ar díol agus íomhá de roinnt réadmhaoine comharsanacha eile ar a shuíomh Gréasáin. Ba é úinéir ceann amháin de na réadmhaoine eile sin an duine aonair a rinne teagmháil leis an gCoimisiún. 

Rinne an duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún tríd an ríomhphost ar an gcéad dul síos chun a ábhar imní a chur in iúl. Chuir sé glao teileafóin ar Dheasc Chabhrach an Choimisiúin tamaillín ina dhiaidh sin freisin. Le linn an ghlao ar an Deasc Chabhrach, chuir an duine aonair in iúl don Choimisiún go raibh grianghraf dá theach agus a sheoladh le feiceáil san íomhá. 

Sa fhreagra a tugadh dó ar an bhfaisnéis sin, cuireadh an duine aonair ar an eolas faoi na sé bhunús dhleathacha le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi Airteagal 6 RGCS. Cuireadh é ar an eolas freisin faoin sainmhíniú ar shonraí pearsanta, mar atá leagtha amach in RGCS, is é sin: faisnéis a bhaineann le duine beo atá sainaitheanta nó atá in-sainaitheanta (gairtear ‘ábhar sonraí’ de dhuine den sórt sin). 

Cé go ndúradh leis an duine aonair freisin nárbh ionann íomhá de réadmhaoin, agus íomhá den sórt sin amháin, agus sonraí pearsanta, dúradh leis freisin go bhféadfadh go mbeadh sé i dteideal a iarraidh go léirscriosfaí na sonraí sin ón suíomh Gréasáin réadmhaoine toisc go raibh seoladh na réadmhaoine agus uimhir an tí le feiceáil san íomhá. Mhol an Coimisiún go ndéanfadh an duine aonair, ar an gcéad dul síos, teagmháil i scríbhinn le húinéirí an tsuímh Gréasáin réadmhaoine ina n-iarrfaí go mbainfí a réadmhaoin de na híomhánna foilsithe ar an suíomh Gréasáin. 

Tar éis dó an chomhairle ón gCoimisiún a leanúint, chuaigh an duine aonair i dteagmháil leis an gCoimisiún chun a chur in iúl gur chomhlíon úinéirí an tsuímh Gréasáin réadmhaoine an iarraidh ón duine aonair go pras agus gur bhain sé an íomhá dá réadmhaoin óna shuíomh Gréasáin. 

Key Takeaway

  • Cé go bhfuil an sainmhíniú ar cad is sonraí pearsanta ann an-leathan, ní fhéadfar a áireamh leis íomhánna de réadmhaoin ná de theach i gcás nach bhfuil aon fhaisnéis sainaitheanta eile ag gabháil leo.
  • Cé go mbíonn Deasc Chabhrach teileafóin an Choimisiúin ar fáil do dhaoine den phobal a bhfuil ceisteanna cosanta sonraí acu, molann an Coimisiún go smaoineodh daoine aonair ar dhul i dteagmháil le heagraíochtaí ar an gcéad ásc chun deis a thabhairtdóibh freagairt d’ábhair imní sula ndéantar aon ghearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.