Cás-Staidéir Cuntasacht Ghinearálta

 

Iarraidh ceartúcháin a chomhlíonadh go páirteach

Ceithre bliana tar éis imscrúdú a chur i gcrích, d’iarr duine aonair go gceartófaí gnéithe den Tuarascáil inmheánach maidir leis an imscrúdú. Cuireadh an Tuarascáil le chéile tar éis imscrúdú neamhspleách inar cuireadh an duine aonair faoi agallamh mar fhinné. Ní raibh an duine aonair ina ábhar don imscrúdú. 

Chuir an duine aonair an iarraidh ceartúcháin faoi bhráid an rialaitheora sonraí, arbh é fostóir an duine aonair sa Tionscal Oideachais é. Mar chuid den iarraidh uaidh, luaigh an duine aonair go raibh na sonraí pearsanta míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach i roinnt áiteanna den Tuarascáil agus d’iarr sé go gceartófaí na sonraí sin de réir Airteagal 16 RGCS. Sa fhreagra uaidh don duine aonair, luaigh an soláthraí oideachais nach bhféadfadh sé an Tuarascáil a cheartú ach go bhféadfadh sé srian a chur le rochtain ar an Tuarascáil. Ós rud é go raibh an duine aonair míshásta leis an bhfreagra sin, chuir sé gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún). 

Ní dearbhchearta iad cearta cosanta sonraí, agus ní bheidh rialaitheoirí sonraí in ann iarrataí ó ábhair sonraí a chomhlíonadh i gcásanna áirithe. Sa chás seo, scrúdaigh an Coimisiún cé acu a bhí nó nach raibh an ceart ag an soláthraí oideachais nuair a dhiúltaigh sé don iarraidh ceartúcháin ar dtús. 

Mar chuid den phróiseas sin, dheimhnigh an soláthraí oideachais don Choimisiún gur tharla sé, mar gheall ar an méid ama a chuaigh thart ó cruthaíodh an Tuarascáil, gur scriosadh nótaí an imscrúdaitheora. D’fhág sé sin nach raibh sé in ann na míchruinnis líomhnaithe a sheiceáil. Mar gheall air sin, dúirt an soláthraí oideachais go bhféadfadh sé ráiteas forlíontach a chur leis an Tuarascáil faoi Airteagal 16 RGCS, lena bhforáiltear do chásanna ina bhfuil sonraí pearsanta neamhiomlán. Dá ndéanfaí amhlaidh, tharraingeofaí sa ráiteas forlíontach aird ar easaontas an duine aonair agus thaifeadfaí seasamh an duine aonair ann. 

Mar chuid den phróiseas réitigh chairdiúil, cuireadh an togra ón rialaitheoir faoi bhráid an duine aonair lena bhreithniú. Dhiúltaigh an duine aonair don togra toisc go raibh sé den tuairim go raibh an Tuarascáil neamhiomlán toisc nár tagraíodh inti don fhianaise ar fad a thug sé agus toisc, sna cásanna sin inar tagraíodh don fhianaise uaidh, gur bhraith sé gur tógadh as comhthéacs í. Sa fhreagra uaidh, d’éiligh an duine aonair go n-athscríobhfaí an Tuarascáil chun go gcuirfí a fhianaise ar fad ar áireamh inti. Cheadódh sé an Tuarascáil athscríofa ansin agus dhéanfadh sé í a shíniú agus a dhátú i láthair bheirt fhinnéithe neamhspleácha dá rogha. D’iarr sé leithscéal scríofa iomlán freisin, rud a dhéanfadh an duine aonair é a cheadú, a shíniú agus a dhátú arís i láthair bheirt fhinnéithe neamhspleácha dá rogha. Chuirfí an leithscéal sin ar aghaidh chuig gach ball ábhartha a bhí fostaithe ag an soláthraí oideachais thar thréimhse shonraithe naoi mbliana. 

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil sé mar ról ag an gCoimisiún obair an imscrúdaitheora neamhspleách a athmheasúnú ná a athdhéanamh ná an bonn a bhaint den tuairim ghairmiúil a bhí ag saineolaí. Ní thagann an méid sin faoin gceart go ndéanfaí ceartúcháin faoi Airteagal 16 RGCS ach oiread. Thug an t-imscrúdaitheoir neamhspleách an measúnú gairmiúil uaidh ar an bhfianaise ar fad a bailíodh le linn an imscrúdaithe, agus bhí lánrogha ghairmiúil aige a chinneadhcén t-ábhar a bhí ábhartha dá chur ar áireamh sa Tuarascáil. Ba é cuspóir nafianaise ón duine aonair eolas a thabhairt don imscrúdaitheoir neamhspleách ionas go bhféadfadh sé an t-imscrúdú uaidh a chur i gcrích agus tuarascáil a dhréachtú ar bhonn an mheasúnaithe uaidh. An fíoras nach n-aontaíonn an duine aonair leis an measúnú, níor fhág sé go bhfuil an Tuarascáil míchruinn nó neamhiomlán.

Sa fhreagra uaidh, luaigh an soláthraí oideachais gurbh amhlaidh, ós rud é nárbh údar na Tuarascála é, nach bhféadfadh sé leasú a dhéanamh ar a bhfuil sa Tuarascáil. Mar mhodh chun an gearán seo a réiteach, áfach, dúirt sé go bhféadfadh sé sonraí pearsanta míchruinne ar shainaithin an duine aonair iad a cheartú trí ráiteas forlíontach a dhéanamh. Dúirt sé freisin go bhféadfadh sé an Tuarascáil a scriosadh, rud lena scoirfí de shonraí pearsanta an duine aonair a phróiseáil. Níor ghlac an duine aonair leis an tairiscint sin ach oiread. 

D’ainneoin gur dhiúltaigh an duine aonair don tairiscint ón soláthraí oideachais an Tuarascáil a léirscriosadh, chinn an Coimisiún go bhféadfaí an Tuarascáil a léirscriosadh más rud é nár ghá don soláthraí oideachais a thuilleadh í a choinneáil. De rogha air sin, ba cheart don soláthraí oideachais na míchruinnis a bhfuil fianaise orthu a cheartú agus an ráiteas forlíontach a chur leis chun cuntas níos cruinne a thabhairt ar na himeachtaí. 

Key Takeaway

  • Amhail i gcás na gceart cosanta sonraí uile, ní dearbhcheart é an ceart go ndéanfaí ceartúcháin. Ní mór an ceart a scrúdú ar bhonn cás ar chás, ag brath ar chineál na sonraí pearsanta dá bhfuil ceartúchán á lorg, ar na críocha ar chucu a bailíodh na sonraí pearsanta, agus ar imthosca an cháis. Dá réir sin, maidir le gach cás a thagann os a chomhair i ndáil le diúltú d’iarraidh ceartúcháin, ní mór don Choimisiún é a mheasúnú ar bhonn a fhiúntais féin. Tríd is tríd, ní fhéadfar ach sonraí pearsanta ina bhfuil fíoras a cheartú. Maidir le sonraí pearsanta atá tugtha i dtuairimí, is cuma cé acu is tuairimí pearsanta nó tuairimí gairmiúla iad, ní thiocfaidh siad faoin gceart go ndéanfaí ceartúcháin de ghnáth.