Cás-Staidéir Cuntasacht Ghinearálta
Gearán á rá gur iarr gníomhaireacht ligin méid iomarcach sonraí pearsanta
Thaisc duine aonair gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) tar éis dó amharc ar réadmhaoin ar cíos. Sa ghearán uaidh, líomhain sé gur iarr an ghníomhaireacht ligin méid iomarcach sonraí pearsanta uaidh le linn an phróisis iarratais.
Dar leis an duine aonair, ós rud é nár éirigh leis an iarratas uaidh ar an réadmhaoin a fháil ar cíos, chuir sé iarraidh léirscriosta faoi bhráid na gníomhaireachta ligin faoi Airteagal 17 RGCS le haghaidh a shonraí pearsanta a scriosadh. Sa fhreagra uaithi don duine aonair, chuir an ghníomhaireacht ligin in iúl gur scrios sí na sonraí pearsanta uile agus dheimhnigh sí nár chomhroinn sí sonraí pearsanta le haon tríú páirtithe. Cé go raibh an duine aonair sásta leis an bhfreagra a fuair sé ón ngníomhaire ligin, bhí imní air fós faoin méid sonraí pearsanta a iarradh ar an gcéad dul síos. Ar an mbonn sin, chuir sé gearán isteach chuig an gCoimisiún.
Mar chuid den phróiseas láimhseála gearán, rinne an Coimisiún teagmháil leis an ngníomhaireacht ligin chun soiléire a iarraidh maidir leis na cineálacha difriúla sonraí pearsanta a bhí sé ag iarraidh mar chuid den phróiseas iarratais. Dheimhnigh an eagraíocht gur iarr sí cóipeanna d’aitheantas, cruthúnas seolta reatha, cruthúnas fostaíochta, teistiméireachtaí ó thiarnaí talún roimhe, ráitis bhainc dhá mhí agus uimhir PSP. Luaigh an ghníomhaireacht ligin gur theastaigh an fhaisnéis sin uaithi chun a chinntiú gurb ionann an t-iarratasóir agus an duine a mhaíonn sé a bheith ann agus chun a chinntiú go bhfuil sé ar acmhainn an iarratasóra an cíos a íoc.
Scrúdaigh an Coimisiún an gearán, agus chinn sé nár chomhlíon an eagraíocht prionsabal an íoslaghdaithe sonraí faoi Airteagal 5(1)(c) RGCS, ina luaitear an méid seo a leanas maidir le sonraí pearsanta: “beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil”. Chinn an Coimisiún gurbh iomarcach do chéim tosaigh an phróisis iarratais a bhí an méid sonraí pearsanta a iarradh ón duine aonair mar thionónta ionchasach.