Cás-Staidéir Léirscriosadh

 

Tuismitheoir a bheith ag déanamh iarraidh léirscriosta do leanbh is aosach anois

Rinne carthanas teagmháil leis an gCoimisiún chun comhairle a iarraidh maidir le fiosrú a fuair sé ó thuismitheoir. Bhí an tuismitheoir ag fiafraí an bhféadfadh sé a iarraidh go léirscriosfaí sonraí pearsanta a linbh. Chuaigh na sonraí a bhí i gceist siar roinnt blianta nuair a bhí an leanbh ina mhionaoiseach. Is aosach é anois, áfach, agus bhí an tuismitheoir, a bhí mar chaomhnóir aige ag an am, ag iarraidh a fháil amach an bhféadfadh sé a iarraidh go fóill go léirscriosfaí na sonraí.

Mhínigh an Coimisiún don charthanas go bhfuil leanbh sainmhínithe faoi alt 29 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, mar dhuine aonair atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Ós rud é go bhfuil an duine aonair os cionn 18 mbliana d’aois anois, meastar gur aosach é. Mar sin, tá cumas dlíthiúil iomlán aige a chearta cosanta sonraí féin a fheidhmiú, lena n-áirítear an ceart chun a iarraidh go léirscriosfaí a  shonraí pearsanta.

Cé nach raibh an tuismitheoir in ann a iarraidh go díreach a thuilleadh go léirscriosfaí na sonraí thar ceann an duine aonair lena mbaineann, shoiléirigh an Coimisiún go bhféadfadh an duine aonair lena mbaineann a roghnú litir údaráis a thabhairt dá thuismitheoir. D’fhéadfaí an rogha sin a chur in iúl don duine aonair lena mbaineann agus dá thuismitheoir araon. Le litir údaráis den sórt sin, cheadófaí don tuismitheoir gníomhú thar a cheann maidir leis an iarraidh léirscriosta sonraí a dhéanamh. Mheabhraigh an Coimisiún don charthanas go bhfuil sé de fhreagracht air a fhíorú agus a chinntiú go bhfuil aon iarraidh den
sórt sin bailí sna himthosca.

Ghabh an carthanas buíochas leis an gCoimisiún as an bhfreagra uaidh, agus dheimhnigh sé go gcomhroinnfeadh sé an fhaisnéis leis an duine aonair a rinne teagmháil leis ar dtús. A bhuí leis an treoir sin, cabhraíodh lena chinntiú go raibh tuiscint shoiléir ann ar chearta an duine aonair agus ar ról an charthanais araon, agus aitheantas á thabhairt an tráth céanna ar na castachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hiarrataí a láimhseáil ó thuismitheoirí le leanaí aosacha.

Key Takeaway

  • San idirghníomhú seo, tarraingíodh aird ar an ról atá ag an gCoimisiún maidir le déileáil le fiosruithe beachta a bhaineann le cé a fhéadfaidh sonraí pearsanta a rochtain, leis an bhfreagracht atá ar an duine aonair a c(h)earta féin faoi RGCS a fheidhmiú, agus lena chuí atá sé go ndéanfadh sé/sí amhlaidh. A luaithe a bhaineann duine aonair 18 mbliana d’aois amach, faigheann sé/sí rialú iomlán ar a c(h)earta cosanta sonraí féin, lena n-áirítear an cumas chun a iarraidh go léirscriosfaí a s(h)onraí pearsanta. Féadfaidh tuismitheoirí nó caomhnóirí gníomhú thar a c(h)eann trí litir údaráis a thabhairt dóibh, agus is rud é sin ba cheart a chur in iúl don leanbh is aosach anois agus dá t(h)uismitheoir/c(h)aomhnóir araon. Is faoin eagraíocht lena mbaineann atá sé a fhíorú agus a chinntiú ar deireadh go bhfuil aon iarraidh den sórt sin bailí sna himthosca, chun a chinntiú nach nochtfar aon sonraí pearsanta go neamhdhleathach.