Cás-Staidéir Léirscriosadh
Torthaí innill cuardaigh do chéadainm agus sloinne duine aonair
Rinne duine aonair teagmháil le cuideachta innill cuardaigh chun a iarraidh go mbainfeadh roinnt suíomhanna Gréasáin ailt ina raibh a ainm féin, toisc gur chreid sé nach raibh na hailt sin ábhartha dá shaol ná dá imthosca a thuilleadh. Sa fhreagra uaithi, chuir an eagraíocht innill cuardaigh in iúl don duine aonair nár chomhlíon na hiarrataí uaidh na critéir le haghaidh na hailt a bhaint. Ní raibh an duine aonair sásta leis an bhfreagra sin, agus rinne sé gearán leis an gCoimisiún.
Chuir an Coimisiún tús lena scrúdú ar an ngearán trína fhiafraí den chuideachta cén fáth ar chreid sí nach raibh feidhm ag cearta an duine aonair faoi Airteagal 17 RGCS maidir leis an iarraidh uaidh. Sa fhreagra uaithi, dúirt an chuideachta gurbh é an tuiscint a bhí aici ná gurbh iad naisc chuig ailt a thagann as ainm iomlán an duine aonair a chuardach na haon ailt amháin a cháilíonn dá mbreithniú nuair a dhéantar iarrataí faoi Airteagal 17 RGCS. I bhfocail eile, scarfaidh an t-inneall cuardaigh an chuma uathoibríoch atá ar na URLanna sin nuair a chuardaítearainm iomlán an duine aonair ina liosta torthaí. Mar sin féin, beidh na hailt bhunaidh le feiceáil ar líne go fóill ar na suíomhanna Gréasáin ar ar postáladh iad.
Nuair a rinne an duine aonair an iarraidh uaidh chuig an gcuideachta, liostaigh sé sraith URLanna ina raibh a ainm iomlán (céadainm agus sloinne). Nuair a chuardaigh an eagraíocht ainm iomlán an duine aonair, áfach, ní raibh na URLanna ar shonraigh sé iad le feiceáil sa liosta torthaí. D’fhág sé sin nár tháinig siad faoi raon feidhme Airteagal 17 RGCS. Nuair a chuardaigh sé féin ainm iomlán an duine aonair, ní fhaca an Coimisiún na URLanna a bhí i gceist ach oiread. Mar sin, chinn an Coimisiún nach raibh feidhm ag an gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad faoi Airteagal 17 RGCS sa chás seo.