Cás-Staidéir Léirscriosadh
Sonraí arna gcoinneáil ag banc maidir le hiarratas ar iasacht a tarraingíodh siar
Sa chás seo, rinne an gearánach iarratas ar iasacht chuig banc. Tharraing an gearánach an t-iarratas ar iasacht siar ina dhiaidh sin agus scríobh sé chuig an mbanc á lua go raibh toiliú á tharraingt siar aige i leith aon sonraí pearsanta arna gcoinneáil ag an mbanc a phróiseáil maidir leis an iarratas ar iasacht agus inar iarradh go seolfaí ar ais na doiciméid ar fad ina raibh sonraí pearsanta an ghearánaigh. Mar fhreagra, chuir an banc in iúl don ghearánach gur chuir sé stop le sonraí pearsanta ar fad an ghearánaigh a phróiseáil, seachas na sonraí a coinníodh i dtaifid ar luaigh an banc gur éilíodh air iad a choinneáil agus a phróiseáil faoi Chód um Chosaint Tomhaltóirí Bhanc Ceannais na hÉireann. Ní raibh an gearánach sásta leis an bhfreagra sin, agus d’áitigh sé, ina ghearán chuig an Oifig seo, i gcúinsí ina bhfuair an banc sonraí pearsanta an ghearánaigh ar an mbonn gur thoiligh an gearánach, ní raibh cead ag an mbanc leanúint de na sonraí sin a phróiseáil ar bhunús dlí eile (i.e. próiseáil atá riachtanach d’fhonn oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an banc faoina réir a chomhlíonadh). D’áitigh an gearánach freisin go raibh an phróiseáil leanúnach a rinne an banc ar a shonraí pearsanta le haghaidh críche nach raibh comhoiriúnach leis an gcríoch ar bailíodh na sonraí ina leith ar dtús, de shárú ar an reachtaíocht um chosaint sonraí.
Dheimhnigh an oifig seo gur aithníodh an banc ar an rialai- theoir sonraí ábhartha i ndáil leis an ngearán, ós rud é gur rialaigh an banc sonraí pearsanta a chuir an gearánach ar fáil don bhanc le linn iarratas ar iasacht a dhéanamh . Bhí na sonraí a bhí i gceist ina sonraí pearsanta maidir leis an ngearánach (a chuimsigh, i measc nithe eile, foirm iarratais ar iasacht chomhlánaithe agus doiciméid tacaíochta) toisc go bhféadfaí an gearánach a aithint iontu agus gur bhain na sonraí leis an ngearánach mar dhuine aonair . Dá bhrí sin, bhí an oifig seo sásta gur chóir imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán seo lena chinneadh an raibh sárú ar an reachtaíocht um chosaint sonraí i gceist nó nach raibh .
Le linn imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán seo, rinne an Oifig seo athbhreithniú ar fhoirm iarratais ar iasacht an bhainc, a raibh foráil intí, tríd an bhfoirm a shíniú, gur thug duine cead don bhanc a shonraí pearsanta a stóráil, a úsáid agus a phróiseáil le haghaidh réimse cuspóirí, lena n-áirítear chun iarratais ar chreidmheas nó seirbhísí airgeadais a phróiseáil. Mar sin féin, thug an Oifig seo faoi deara nár áiríodh leis na cuspóirí ar thug an gearánach cead ina leith próiseáil chun críche oibleagáidí dlíthiúla an bhainc i gcoitinne a chomhlíonadh, agus go háirithe, níor áiríodh leis sonraí pearsanta an ghearánaigh a phróiseáil chun críche an Cód um Chosaint Tomhaltóirí a chomhlíon- adh. Dá réir sin, bhreithnigh an oifig seo gur ag an am ar bailíodh sonraí pearsanta an ghearánaigh, nár mhaígh an Banc go rabhthas ag brath ar thoiliú mar an bunús dlí i leith sonraí pearsanta an ghearánaigh a bhailiú agus a phróiseáil d’fhonn cloí lena oibleagáidí dlí . Ina ionad sin, bhreithnigh an oifig seo go bhféadfadh an banc brath mar is ceart ar an mbunús dlí go raibh an phróiseáil riachtanach d’fhonn céimeanna a ghlacadh arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí roimh chonradh a dhéanamh .
Thug an Oifig seo faoi deara, i gcás ina dtarraingítear iarratas siar ina dhiaidh sin nó mura n-éiríonn leis agus nach ndéanann an banc conradh leis an iarratasóir, nach féidir sonraí pearsanta a bhaineann leis an iarratas ar iasacht a choinneáil a thuilleadh ar an mbonn go raibh an phróiseáil riachtanach d’fhonn céimeanna a ghlacadh arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí roimh chonradh a dhéanamh, ós rud é nach bhfuil féidearthacht ann a thuilleadh conradh a dhéanamh leis an ábhar sonraí . Mar sin, d’aithin an banc bunús dlí ar leith chun sonraí pearsanta an ghearánaigh a choinneáil maidir leis an iarratas ar iasacht, is é sin go raibh an phróiseáil seo riachtanach d’fhonn oibleagáid dhlíthiúil a raibh an banc faoina réir a chomhlíonadh .
Thug an Oifig seo faoi deara gur tugadh ar eintitis rialáilte faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí sonraí maidir le “idirbhearta aonair” a choinneáil ar feadh sé bliana i ndiaidh an dáta ar a scoirtear den idirbheart ar leith nó ar é a chur i gcrích. Bhreithnigh an Oifig seo áfach, nach bhfuil iarratas ar iasacht a tharraingítear siar ina dhiaidh sin nó nach n-éiríonn leis ar deireadh thiar ina ‘idirbheart’ chun críche an Chóid um Chosaint Tomhaltóirí.
Thug an Oifig seo faoi deara ina dhiaidh sin gur tugadh ar eintitis rialáilte freisin faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí “na taifid eile ar fad” a choinneáil ar feadh sé bliana ón dáta ar chuir an t-eintiteas rialáilte deireadh le haon táirge nó seirbhís a chur ar fáil don tomhaltóir, lena n-airítear tomhaltóir ionchasach, lena mbaineann . Mar sin féin, níor mheas an Oifig seo go mbaineann na taifid maidir le hiarratas ar iasacht a tharraingítear ina dhiaidh sin le raon an riachtanais seo faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí ach an oiread. Dá réir sin, mheas an Oifig seo, nár ghá don bhanc sonraí pearsanta a bhaineann le hiarratas ar iasacht aistarraingthe an ghearánaigh a choinneáil chun críche cloí lena oibleagáidí faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí, agus bhreithnigh an Oifig nár aithin an banc bunús dlí faoin reachtaíocht um chosaint sonraí chun sonraí pearsanta an ghearánaigh a choinneáil a bhain lena iarratas ar iasacht a choinneáil .