Cás-Staidéir Léirscriosadh
Mainneachtain iarraidh léirscriosta a chomhlíonadh a bhain le sonraí leighis
Rinne duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí tar éis do sholáthraí cúram sláinte diúltú don iarraidh léirscriosta uaidh. D’iarr an duine aonair go léirscriosfaí na sonraí stairiúla sláinte uile a shealbhaigh an soláthraí cúram sláinte faoi. Luaigh sé go raibh na sonraí sin mícheart toisc gur bhain siad le mídhiagnóis líomhnaithe.
Mar chuid dá scrúdú ar an ngearán, d’iarr an Coimisiún ar an soláthraí cúram sláinte a lua cén bunús dleathach a bhí aige le taifid sláinte an duine aonair a phróiseáil, go háirithe i ndáil le hAirteagail 6 agus 9 RGCS. Luaigh an soláthraí cúram sláinte go raibh sé ag brath ar Airteagal 6(1)(e) RGCS chun sonraí pearsanta an duine aonair a phróiseáil. Luaitear in Airteagal 6(1)(e) RGCS go mbeidh an phróiseáil dleathach i gcás gur “...gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir”.
I ndáil le hAirteagal 9 RGCS, luaigh an soláthraí cúram sláinte go leanann sé leis na taifid sláinte a phróiseáil faoi Airteagal 9(2)(h) agus (i) RGCS. Luaitear mar a leanas in Airteagal 9(2)(h) RGCS: “is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha leighis choiscthigh nó ceirde...[agus chun] diagnóis leighis...a sholáthar...”. Luaitear mar a leanas in Airteagal 9(2)(i) RGCS: “is gá an phróiseáil a dhéanamh ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí...”.
Thug an duine aonair don soláthraí bunaidh cúram sláinte diagnóis fhrithráiteach a fuair sé ó sholáthraithe eile cúram sláinte. Luaigh an duine aonair gur cruthaíodh leis an diagnóis sin go raibh an diagnóis bhunaidh mícheart. Thug an soláthraí cúram sláinte admháil á rá go bhfuair sé na doiciméid ón duine aonair agus rinne sé athbhreithniú orthu. Thug an soláthraí cúram sláinte faoi deara, áfach, gurb ionann diagnóis leighis agus tuairim a thugtar ag pointe ama ar leith. Sa chás seo, bhain na taifid sláinte le tuairim stairiúil leighis a tugadh nuair a fuair an duine aonair an diagnóis. Dá bhrí sin, ní fhéadfar glacadh le haon tuairim leighis a tugadh ag pointe eile ama mar fhianaise á léiriú go bhfuil tuairim stairiúil leighis mícheart. Mar sin, cé gur féidir go dtiocfaidh athrú ar riocht sláinte le himeacht ama, ní chealóidh sé sin an fíoras gur tharla sé, ag pointe ar leith, gur cuireadh cóireáil ar dhuine aonair in aghaidh tinneas ar leith nó gur tugadh diagnóis áirithe dó.
Dar leis an gCoimisiún, is amhlaidh, chun críocha RGCS, a bheidh sonraí pearsanta míchruinn má tá siad mícheart mar fhíoras. Mar sin féin, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún, níl na sonraí pearsanta – an diagnóis bhunaidh – atá á gcoinneáil ar comhad ag an soláthraí cúram sláinte míchruinn mar fhíoras, toisc gurb ionann iad agus an diagnóis bhunaidh a tugadh ag an bpointe ama sin. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go bhfuil bunús dleathach ag an soláthraí cúram sláinte le leanúint le sonraí sláinte an duine aonair a phróiseáil de réir Airteagal 17(1)(a) RGCS agus gur gá na sonraí pearsanta atá i riocht na diagnóise bunaidh a phróiseáil go fóill i ndáil leis na críocha ar chucu a bailíodh na sonraí pearsanta sin nó a próiseáladh iad ar shlí eile ar dtús. Chinn an Coimisiún freisin gur ghníomhaigh an soláthraí cúram sláinte i gcomhréir le hAirteagal 17(3)(c) RGCS i ndáil le measúnú cuimsitheach leighis agus cóireáil chuimsitheach leighis a thabhairt don duine aonair nuair a dhiúltaigh sé don iarraidh léirscriosta ón duine aonair a chomhlíonadh.
Tar éis don Choimisiún déileáil leis an ngearán, chuir an soláthraí cúram sláinte ráiteas forlíontach le taifead leighis an duine aonair chun go n-áireofaí leis freisin na doiciméid a sholáthair an duine aonair agus chun aon duine a bheadh ag léamh chomhad leighis an duine aonair amach anseo a chur ar an eolas faoi thuairim an duine aonair agus faoin diagnóis fhrithráiteach i ndáil leis an diagnóis leighis.
Nóta: Luaitear in Airteagal 17(1)(a) RGCS go léirscriosfaidh rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta nach bhfuil riachtanach a thuilleadh chun na gcríoch bunaidh. Mar sin féin, eisiaitear le hAirteagal 17(3)(c) RGCS cur i bhfeidhm Airteagal 17(1) in imthosca nach bhfuil an phróiseáil riachtanach a thuilleadh “ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí i gcomhréir le pointe (h) agus le pointe (i) d’Airteagal 9(2) chomh maith le hAirteagal 9(3)”.