Cás-Staidéir Léirscriosadh

 

Mainneachtain iarraidh léirscriosta a chomhlíonadh a bhain le cuntas cearrbhachais ar líne

D’oscail duine aonair cuntas ar líne le geallghlacadóir agus chuir sé suim airgid i dtaisce sa chuntas. Tar éis dó iarracht a dhéanamh an feidhmchlár (“aip”) a bhaineann leis an tseirbhís a íoslódáil, thuig an duine aonair go tapa nach raibh an aip comhoiriúnach lena fhón póca. An lá dár gcionn, chuir an duine aonair iarraidh léirscriosta faoi bhráid an gheallghlacadóra faoi Airteagal 17 RGCS. Dhiúltaigh an geallghlacadóir don iarraidh léirscriosta a chomhlíonadh, á lua go raibh oibleagáidí dlíthiúla air na sonraí pearsanta a choinneáil toisc go ndearnadh cistí a chur i dtaisce sa chuntas agus a aistarraingt uaidh, rud a d’fhág gur ‘chustaiméir’ é. Bhí an duine aonair míshásta leis an bhfreagra sin toisc nár aontaigh sé gur ‘chustaiméir’ de chuid an gheallghlacadóra é toisc nár chuir sé aon gheall tríd an gcuntas, bíodh sé ar líne nó tríd an aip. 

Ag teacht sna sála ar chaidreamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún), luaigh an geallghlacadóir nach bhféadfadh sé sonraí pearsanta an duine aonair a léirscriosadh toisc go bhfuil sé faoi réir na reachtaíochta Frithsciúrtha Airgid faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta), 2010, rud a tháinig chun bheith infheidhme nuair a cuireadh airgead i dtaisce i gcuntas an duine aonair agus nuair a aistarraingíodh an t-airgead sin. 

Cé go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil air sonraí pearsanta an duine aonair a choinneáil, d’inis an geallghlacadóir don Choimisiún nach gcoinníonn sé ach an méid íosta sonraí is gá chun an oibleagáid dhlíthiúil sin a chomhlíonadh ar aon dul le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí atá leagtha amach in Airteagal 5(1)(c) RGCS. 

Ag teacht sna sála ar an scrúdú uaidh ar an ngearán, chinn an Coimisiún gur thaispeáin an eagraíocht bunús dleathach bailí le coinneáil leanúnach na sonraí pearsanta. Dá ainneoin sin, d’eisigh an Coimisiún moltaí chuig an eagraíocht maidir leis na hoibleagáidí atá uirthi a chinntiú gur dleathach agus cothrom atá an phróiseáil ar fad agus go bhfuil sí trédhearcach maidir lena gníomhaíochtaí próiseála. 

Key Takeaway

  • Faoi RGCS, ní hé amháin nach mór do rialaitheoir sonraí bunús dleathach a bheith aige le sonraí pearsanta duine aonair a fháil, ach ní mór dó freisin bunús dleathach leanúnach a bheith aige le coinneáil na sonraí pearsanta de réir Airteagal 6. Is gá do rialaitheoirí a chinntiú go bhfuil siad trédhearcach agus iad ag próiseáil sonraí pearsanta.
  • Nuair a ghlacann rialaitheoirí sonraí cur chuige réamhghníomhach nuair a fhaigheann siad iarraidh cosanta sonraí, is minic is féidir nithe a réiteach agus seachaint a dhéanamh ar an ngá le páirt a ghlacadh i bpróiseas fada láimhseála gearán.