Cás-Staidéir Léirscriosadh
Iarratas ar dhíliostú a rinneadh chuig inneall cuardaigh idirlín
Rinne ábhar sonraí gearán in aghaidh inneall cuardaigh idirlín maidir leis an bhfreagra ón inneall cuardaigh i ndáil lena iarratas ar dhíoliostú. Bhain an gearán le dhá URL a tháinig aníos i ndiaidh ainm an duine aonair a chuardach ar an inneall cuardaigh. Le linn an gearán seo bheith á láimhseáil, chuir an duine aonair URL amháin eile san áireamh a raibh sé ag iarraidh ar an inneall cuardaigh é a dhíoliostú.
Is iad na critéir atá le cur i bhfeidhm ag innill chuardaigh nach mór díoliostú tarlú má tá na torthaí neamhábhartha, uireasach nó iomarcach . Ní mór don inneall cuardaigh beart cothromaithe a dhéanamh de réir an cháis ina n-aimsítear cothromaíocht idir cearta rochtana agus cearta na ndaoine aonair sin a gcuireann torthaí cuardaigh isteach orthu .
Ar dtús, chuaigh an duine aonair i dteagmháil leis an inneall cuardaigh chun díoliostú na URLanna a lorg mar gheall gur áitigh an duine aonair go raibh ábhar clúmhill- teach sna URLanna, agus go raibh sé neamhdhleathach iad a phróiseáil, agus go raibh na URLanna ag cur isteach ar shaol príobháideach agus gairmiúil an duine aonair mar gheall ar an ábhar a bhí iontu . Dhiúltaigh oibritheoir an innill chuardaigh na URLanna a dhíoliostú toisc gur bhain siad le faisnéise maidir le saol gairmiúil an duine aonair agus go raibh leas poiblí i gceist teacht a bheith ar an bhfaisnéis seo .
Chuaigh an DPC i dteagmháil le hoibritheoir an innill chuardaigh maidir lena ndiúltú díliostú a dhéanamh . Bhrait oibritheoir an innill chuardaigh ar leas dlisteanach tríú páirtithe teacht a bheith acu ar an bhfaisnéis sna URLanna . Ní dheachaigh an duine aonair i mbun aon imeachtaí clúmhillte in aghaidh na daoine a d’fhoilsigh an t-ábhar ábhartha ar dtús agus dá bharr sin, níorbh fhéidir cinneadh críochnúil a dhéanamh maidir leis an gceist cé acu a bhí nó nach raibh ábhar sna URLanna clúmhillteach . Mar sin féin, le linn don ghearán bheith á láimhseáil ag an DPC, dhíliostáil oibritheoir an innill chuardaigh na URLanna in Éirinn amháin bunaithe ar argóintí clúmhillte an duine aonair . Lean an duine aonair dá ghearán DPC ag lorg díliostú ar fud na hEorpa agus ní in Éirinn amháin. Chomh maith leis sin, dhíghníomhachtaigh an máistir gréasáin na leathanaigh ghréasáin atá mar bhunús leis an URLanna le linn an gearán seo a láimhseáil .
Luaitear in Airteagal 17(3)(a) den GDPR nach mbeidh feidhm leis an gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad i gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta riachtanach “chun an ceart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a fheidhmiú” . Agus an gearán seo á iniúchadh thug an DPC ar aird go mbaineann an fhaisnéis atá sna leathanaigh gréasáin — ábhar ghearán an duine aonair — lena iompar gnó roimhe seo atá ábhartha dá shaol gnó . Tá an duine aonair gníomhach sa réimse agus gníomhaíocht ghairmiúil céanna i gcónaí . Ghlac an duine aonair lei sin trí áitiú go raibh an t-ábhar ag cur isteach ar a shaol gairmiúil . D’áitigh an duine aonair go raibh an t-ábhar míchruinn toisc go raibh sé clúmhillteach . Thug an DPC ar aird go raibh formhór den ábhar a ndúirt an duine aonair go raibh sé míchruinn ina postáil blag agus tráchtanna ó tríú páirtithe agus gur bhain sé lena ghníomhaíochtaí gairmiúla; agus ar léir gur tuairimí tráchtairí tríú páirtí a bhí iontu . Chinn an DPC dá mba rud é go measfadh tríú páirtí na leathanaigh ghréasáin bheith mar ábhar an ghearáin seo, bheadh sé soiléir gur dúradh na tráchtanna mar ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí agus go mbeidís ina dtuairimí tríú páirtí seachas fíoras dearbhaithe . Ní hé an ról atá ag inneall cuardaigh agus liostú á dhéanamh tuairimí tríú páirtithe a cheistiú nó cinsireacht a dhéanamh orthu seachas sa chás go bhfuil liostú ina chúis leis an inneall cuardaigh bheith ag próiseáil sonraí atá neam- hábhartha, uireasach nó iomarcach . Chinn an DPC, i bhfianaise ról gnó an duine aonair agus a ról sa saol poiblí mar gheall ar a shaol gairmiúil, go bhfuil leas poiblí i gceist le teacht a bheith ar faisnéis maidir lena shaol gairmiúil laistigh den Aontas .
Scríobh an DPC chuig an duine aonair faoi alt 109(5)(b) den Acht 2018 agus caitheadh amach gearán an duine aonair bunaithe ar na gnéithe thuas .