Cás-Staidéir Léirscriosadh

 

Iarrataí Rochtana agus Léirscriosta (Pinterest)

Bhain an gearán le míshástacht an duine aonair leis an bhfreagra a thug an Rialaitheoir Sonraí (cuideachta meán sóisialta) ar na hiarrataí rochtana agus léirscriosta a rinne sé de bhun Airteagal 15 GDPR agus Airteagal 17 GDPR faoi seach. Chuir an duine aonair na hiarrataí uaidh isteach tar éis a chuntas a chur ar fionraí, agus é ag iarraidh cóip a fháil dá shonraí pearsanta uile agus a shocrú go scriosfaí na sonraí sin ó chórais an Rialaitheora Sonraí. Cuireadh cuntas an duine aonair ar fionraí mar thoradh ar shárú ar bheartais turscair an Rialaitheora Sonraí. Thug an Rialaitheoir Sonraí freagra uathoibrithe ar na hiarrataí, inar luadh go ndearna sé athbhreithniú ar an gcuntas agus gur chinn sé gan an cuntas a athghníomhachtú toisc gur thug sé gníomhaíocht a sháraigh a bheartas turscair faoi deara. Mar thoradh air sin, ní raibh an duine aonair in ann a shonraí pearsanta a bhí stóráilte ar a chuntas a rochtain a thuilleadh. Mhaígh an duine aonair nach bhféadfadh an fhaisnéis sin bheith ceart toisc gurbh annamh a d’úsáideadh sé a chuntas, agus d’iarr sé freagra níos substaintiúla ar na hiarrataí rochtana agus léirscriosta uaidh.

Rinne an Coimisiún teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí . Leag sé amach na hábhair imní a bhí ag an duine aonair i ndáil leis na hiarrataí rochtana agus léirscriosta uaidh agus d’iarr sé ar an Rialaitheoir Sonraí freagra níos substaintiúla a thabhairt ar na hábhair imní sin . D’iarr an Coimisiún ar an Rialaitheoir Sonraí freisin a shonrú cé acu a tugadh nó nár tugadh deis don duine aonair achomharc a dhéanamh in aghaidh fhionraí a chuntais agus, má tugadh an deis sin dó, cur síos a dhéanamh ar an nós imeachta le haghaidh achomhairc den sórt sin . Thug an Rialaitheoir Sonraí freagra don Choimisiún á rá go ndearna sé imscrúdú ar an ní . Mhínigh sé go dtarlaíonn sé, a luaithe a chuirtear cuntas ar fionraí de dheasca sárú ar an mbeartas turscair, go seoltar gach comhfhreagras go huathoibríoch chuig a fhoireann Oibríochtaí Turscair ansin . Mhínigh an Rialai- theoir Sonraí an próiseas achomhairc agus thug sé faoi deara gur sheol an duine aonair comhfhreagras chuig an bhfoireann Oibríochtaí Turscair i ndáil leis an achomharc in aghaidh na fionraí. Níor thug an fhoireann Oibríochtaí Turscair faoi deara, áfach, go raibh sa chomhfhreagras sin freisin na hiarrataí rochtana agus léirscriosta a rinne an duine aonair . Dá bhrí sin, níor pléadh leo sin sa fhreagra uaithi . Luadh sa fhreagra ón Rialaitheoir Sonraí freisin gur tharla sé, cé gur dhiúltaigh an fhoireann Oibríochtaí Turscair don achomharc a rinne an duine aonair in aghaidh fhionraí a chuntais, go ndearnadh athbhreithniú eile ina dhiaidh sin i bhfianaise a bheartas nuashonraithe turscair . Rinne an Rialaitheoir Sonraí cuntas an duine aonair a athghníomhachtú tar éis an athbhreithnithe sin . Ghlac an Rialaitheoir Sonraí leis go raibh moill ann ar fhreagra a thabhairt don duine aonair agus dheimhnigh sé go ndearna sé bearta chun a chinntiú nach mbeadh aon mhoill eile den sórt sin ann agus freagra á thabhairt aige ar iarrataí amach anseo . Dheimhnigh an Rialaitheoir Sonraí gur thug sé freagra ar na hiarrataí rochtana agus léirscriosta ón duine aonair . Dheimhnigh sé freisin go ndearna sé teagmháil leis an duine aonair chun é a chur ar an eolas faoi na bearta a rinne sé mar fhreagra ar an gcomhfhreagras a fuarthas ón gCoimisiún agus gur thug sé na mínithe atá leagtha amach thuas don duine aonair . Thug an Coimisiún breac-chuntas don duine aonair ar na gníomhartha a rinne an Rialaitheoir Sonraí agus ar na mínithe a thug sé freisin . Dúirt an duine aonair leis an gCoimisiún go raibh sé sásta leis na gníomhartha a rinne an Rialaitheoir Sonraí mar fhreagra ar an gcomh- fhreagras ón gCoimisiún toisc gur chumasaigh siad dó a shonraí a íoslódáil agus a chuntas a scriosadh . Léirítear sa chás-staidéar seo cé chomh minic agus is féidir le nithe simplí — amhail gearán a chur ar aghaidh chuig an aonad mícheart — a éirí ina ngearáin chosanta sonraí mura mbainistítear an ní go cuí nuair a fhaigheann an fhoireann seirbhíse do chustaiméirí an gearán.