Cás-Staidéir Léirscriosadh

 

Iarraidh léirscriosta a bhain le díol réadmhaoine

Chuir ceannaitheoir ionchasach tús le ceannach éascaithe réadmhaoine trí idirghabhálaí eastáit réadaigh. Tamaillín ina dhiaidh sin, tharraing díoltóir na réadmhaoine siar ón díol. Mar chuid den phróiseas ceannaigh, thug an ceannaitheoir ionchasach cóip dá aitheantas, cruthúnas seolta agus mionsonraí bainc don idirghabhálaí eastáit réadaigh. Tar éis an chliste sa phróiseas, d’iarr an ceannaitheoir ionchasach go léirscriosfaí a shonraí pearsanta de bhun Airteagal 17 RGCS. 

Chuir an ceannaitheoir ionchasach an iarraidh léirscriosta sin ar dtús chuig an seoladh ríomhphoist a bhí liostaithe i mbeartas príobháideachta an idirghabhálaí eastáit réadaigh. Seoladh an iarraidh sin ar ais, áfach, toisc nach raibh an seoladh ríomhphoist sin gníomhach. Sheol an ceannaitheoir ionchasach an iarraidh chuig seoladh ríomhphoist príomhúil an idirghabhálaí eastáit réadaigh ansin. 

Ós rud é nach bhfuarthas aon fhreagra ón idirghabhálaí eastáit réadaigh, rinne an duine aonair gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún). Ag teacht sna sála ar idirghabháil an Choimisiúin, rinne an t-idirghabhálaí eastáit réadaigh caidreamh leis an duine aonair maidir leis an iarraidh léirscriosta uaidh. Le linn an phróisis láimhseála gearán, áfach, fuair an Coimisiún amach gur dhiúltaigh an t-idirghabhálaí eastáit réadaigh don iarraidh léirscriosta a chomhlíonadh. Dar leis an idirghabhálaí eastáit réadaigh, bhí sé ag brath ar oibleagáid faoin Acht um Sheirbhísí Maoine (Rialáil), 2011, rud lenar cruthaíodh ceanglas dlíthiúil chun na sonraí a choinneáil ar feadh sé bliana. Tarchuireadh an ní chuig an Údarás Rialála Seirbhísí Maoine le haghaidh soiléire, a chuir in iúl ansin nach gcumhdaítear mionsonraí bainc le foclaíocht an Achta agus go bhféadfaí iad a bhaint de bhun iarraidh léirscriosta. 

Tar éis an deimhnithe sin, rinne an Coimisiún caidreamh leis an idirghabhálaí eastáit réadaigh chun a chinntiú go léirscriosfaí na mionsonraí bainc mar chuid den iarraidh léirscriosta. Chuir an Coimisiún in iúl don cheannaitheoir ionchasach nach léirscriosfaí míreanna áirithe eile sonraí pearsanta, amhail a ainm, a sheoladh agus a mhionsonraí teagmhála, toisc go raibh bunús dleathach ag an idirghabhálaí eastáit réadaigh leis an gceart go ndéanfaí léirscriosadh a shrianadh ar aon dul leis an Acht um Sheirbhísí Maoine (Rialáil), 2011. Chinntigh an Coimisiún freisin gur nuashonraigh an t-idirghabhálaí eastáit réadaigh a bheartas príobháideachta chun an pointe cuí teagmhála a léiriú go cruinn. 

Key Takeaway

  • Ní mór d’eagraíochtaí a chinntiú go bhfuil pointe cuí teagmhála a ndéantar faireachán air i bhfeidhm acu chun cabhrú le cearta cosanta sonraí a fheidhmiú.
  • Ba cheart d’eagraíochtaí a chinntiú freisin go bhfuil aon srianta atá á gcur acu ar chearta a fheidhmiú bailí agus ar aon dul leis an reachtaíocht a bhaineann leis an earnáil ina n-oibríonn siad.