Cás-Staidéir Léirscriosadh
Gearán a bhain le mainneachtain fostóra ionchasaigh iarraidh léirscriosta a chomhlíonadh
Bhain an gearán seo leis an mainneachtain líomhnaithe freagra a thabhairt ar iarraidh léirscriosta a rinne duine aonair chuig fostóir ionchasach de bhun Airteagal 17 RGCS.
Tar éis dó an gearán a fháil, chuaigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) i dteagmháil leis an duine aonair agus leis an bhfostóir ionchasach (an rialaitheoir) chun ábhar an ghearáin a shuí agus chun tús a chur leis an bpróiseas réitigh chairdiúil. Tar éis na teagmhála sin, fuair an Coimisiún amach go bhfuair an duine aonair freagra ón rialaitheoir ón uair sin i leith. Dúirt an duine aonair leis an gCoimisiún gur léirscrios an rialaitheoir a shonraí pearsanta. Dúirt sé freisin, áfach, go raibh a chuntas iarratais fós gníomhach ar shuíomh Gréasáin an rialaitheora.
Tar éis dó a dheimhniú go raibh sé sin amhlaidh, rinne an Coimisiún teagmháil leis an rialaitheoir, agus aird an rialaitheora á tarraingt ar an bhfíoras nár léirscriosadh faisnéis maidir leis an gcuntas. Sa fhreagra uaidh, d’admhaigh an rialaitheoir nár scriosadh an fhaisnéis go hiomlán agus chuir sé in iúl gur tharla sé sin mar gheall ar ní teicniúil agus go gcomhlíonfadh sé an iarraidh léirscriosta lom láithreach.
Chuir an rialaitheoir in iúl don Choimisiún ina dhiaidh sin gur chomhlíon sé an iarraidh léirscriosta ina hiomláine ón uair sin i leith tríd an gcuntas a scriosadh. Chuir an rialaitheoir in iúl freisin go ndearna sé teagmháil leis an duine aonair chun an gníomh a rinne sé a dheimhniú agus ghabh sé a leithscéal as an moill ar dhintiúir logála isteach an duine aonair a bhaint dá chórais.