Cás-Staidéir Léirscriosadh
Coimeád sonraí pearsanta duine atá faoi aois ag Gníomhaireacht Stáit
Sa chás seo, bhí iarratas déanta ag gearánaigh an cháis roimhe seo go scriosfadh gníomhaireacht stáit Éireannach comhad a bhain le heachtra ar scoil ina raibh a leanbh óg páirteach, agus a cuireadh in iúl don ghníomhaireacht sa chéad dul síos. Cé go raibh cinneadh déanta ag an nGníomhaireacht nár ghá tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar an eachtra, dhiúltaigh sí sonraí pearsanta an duine faoi aois a scriosadh — ag tabhairt le fios go gcoimeádtar a leithéid de chomhaid go dtí go mbaineann an duine faoi aois faoi thrácht aois 25 bliana amach.
Rinne an DPC iarratas go dtabharfadh an ghníomhaireacht stáit achoimre ar an mbonn dlí a bhí acu chun sonraí pearsanta an duine faoi aois a choimeád . Sholáthair an ghníomhaireacht an méid sin agus luaigh sí a polasaí coimeádta faoi mar atá dearbhaithe do na gearánaigh, ach níor mheas an DPC go raibh lántréimhse choimeádta infheidhme sna cúinsí ar leith .
Chuir an DPC an dá pháirtí ar an eolas faoin bpróiseas réitigh chairdiúil agus dúirt siad beirt go raibh siad toilteanach tabhairt faoina leithéid . Tar éis do na gearánaigh agus don rialaitheoir teagmháil a dhéanamh lena chéile arís agus arís eile chun an cheist a phlé, dheimhnigh an ghníomhaireacht stáit do na gearánaigh go scriosfaí an comhad ina raibh sonraí pearsanta a linbh le fáil .