Cás-Staidéir Léirscriosadh
Cinneadh Airteagal 60 maidir le Twitter International Company — Iarraidh ar Aitheantas, Iarraidh Léirscriosta
Taisceadh gearán in aghaidh Twitter International Company (“Twitter”) go díreach leis an gCoimisiún an 02 Iúil 2019. Dá réir sin, láimhseáil an Coimisiún an gearán ina cháil mar phríomhúdarás maoirseachta. Líomhain an gearánach gur tharla sé, tar éis a chuntas ar Twitter a chur ar fionraí, gur mhainnigh Twitter an creat ama reachtúil a chomhlíonadh i leith iarraidh léirscriosta a chuir sé faoina bhráid. Líomhain an gearánach freisin gur iarr Twitter cóip dá aitheantas fótagrafach chun go bhféadfadh sé an iarraidh léirscriosta uaidh a chur i ngníomh gan aon bhunús dlí a bheith aige le déanamh amhlaidh. Ar deireadh, líomhain an gearánach gur choinnigh Twitter a shonraí pearsanta tar éis na hiarrata léirscriosta uaidh gan aon bhunús dlí a bheith aige le déanamh amhlaidh.
Cuireadh cuntas Twitter an ghearánaigh ar fionraí toisc gur mheas Twitter gur sháraigh an gearánach a Bheartas Iompair Ghránna . Tar éis do Twitter an cuntas a chur ar fionraí, d’iarr an gearánach go léirscriosfaí a shonraí pearsanta uile, amhail a sheoladh ríomhphoist agus a uimhir theileafóin . Chuir sé roinnt iarrataí difriúla faoi bhráid Twitter á iarraidh air go léirscriosfaí a shonraí . D’iarr Twitter ar an ngearánach cóip dá aitheantas a chur isteach chun a fhíorú gurbh é an sealbhóir cuntais i ndáiríre é. Dhiúltaigh an gearánach do dhéanamh amhlaidh . Ar deireadh, chomhlíon Twitter an iarraidh léirscriosta gan aitheantas fótagrafach an ghearánaigh a fháil .
Ar dtús, d’fhéach an Coimisiún leis an ngearán seo a réiteach go cairdiúil trína phróiseas láimhseála gearán . Níor éirigh leis teacht ar réiteach cairdiúil, áfach, agus osclaíodh fiosrúchán ar an gcás. Ba iad seo a leanas na saincheisteanna lena n-iniúchadh agus lena gcinneadh ag an bhfiosrúchán ón gCoimisiún: (i) cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag Twitter le haitheantas fótagrafach a iarraidh tar éis iarraidh léirscriosta a fháil de bhun Airteagal 17 RGCS; (ii) cé acu a láimhseáil nó nár láimhseáil Twitter an iarraidh léirscriosta sin i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta agus leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018; agus (iii) cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon Twitter ceanglais trédhearcachta Airteagal 12 RGCS . Agus an seasamh uaidh á chosaint, luaigh Twitter go bhfuil ríthábhacht ag baint le haitheantas an iarrthóra a fhíordheimhniú i gcásanna ina n-iarrann páirtí go ndéanfaí léirscriosadh ar a chuntas . Luaigh sé gurb é an t-aon toradh amháin a bhíonn ar na haitheantóirí uathúla a sholáthraítear nuair a chláraítear cuntas (i .e ., seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin) ná ceangal a dhéanamh idir úsáideoir agus cuntas . Ní fhíoraítear leo aitheantas aon sealbhóra cuntais . Luaigh Twitter gurb eol dó gur féidir cuntais ríomhphoist a haiceáil agus gur féidir go bhféachfaidh páirtithe leasmhara eile le cuntas a léirscriosadh, go háirithe i gcás den sórt seo inar cuireadh an cuntas ar fionraí mar gheall ar roinnt sáruithe líomhnaithe ar Bheartas Iompair Ghránna Twitter . Thug an chuideachta le fios go gcoinníonn sí faisnéis bhunúsach faoi shíntiúsóirí ar feadh tréimhse éiginnte, ar aon dul leis an leas dlisteanach atá aici i sábháilteacht agus slándáil a hardáin agus a húsáideoirí a chothabháil .
D’áitigh Twitter freisin nár bhain Airteagal 5(1)(c) le hábhar anseo toisc nár bhailigh sé aon aitheantas ar bith ón ngearánach . Ina ainneoin sin, luaigh sé gur chomhréireach agus riachtanach araon a bhí an iarraidh ar aitheantas fótagrafach sa chás seo. Thug sé le fios go mbíonn leibhéal níos airde fíordheimhniúcháin ag teastáil i gcás nach bhfuil duine logáilte isteach ina chuntas, rud a tharlóidh i gcónaí nuair atá cuntas an duine lena mbaineann ar fionraí.
Ag féachaint don iarraidh léirscriosta ón ngearánach agus don oibleagáid ghaolmhar atá ar an gcuideachta aon iarraidh den sórt sin a phróiseáil ‘gan moill mhíchuí’, leag Twitter amach amlíne an chomhfhreagrais idir é féin agus an gearánach maidir leis an iarraidh léirscriosta . Luaigh Twitter go ndearna an gearánach iarrataí dúblacha agus gur chuir sé sin moill ar phróiseas an scriosta/an léirscriosta . Maidir le coinneáil sonraí, chuir Twitter in iúl don Choimisiún gur choinnigh sé uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an ghearánaigh tar éis an iarraidh rochtana uaidh a chur i gcrích . Luaigh sé go gcoinníonn sé an fhaisnéis theoranta sin ar feadh tréimhse éiginnte tar éis an cuntas a dhíghníomhachtú agus go ndéanann sé amhlaidh de réir na leasanna dlisteanacha atá aige i sábháilteacht agus slándáil a ardáin agus a úsáideoirí a chothabháil. Dhearbhaigh sé gurbh amhlaidh, dá scriosfadh sé seoladh ríomhphoist nó uimhir theileafóin an ghearánaigh óna chórais, go bhféadfadh an gearánach an fhaisnéis sin a úsáid ansin chun cuntas nua a chruthú, cé gur sainaithníodh é agus gur cuireadh ar fionraí go buan é ón ardán de dheasca sáruithe éagsúla ar Bheartas Iompair Ghránna Twitter .
Tar éis dó an fiosrúchán uaidh a chur i gcrích, ghlac an Coimisiún an cinneadh uaidh i ndáil leis an ngearán seo de réir Airteagal 60(7) RGCS an 27 Aibreán 2022 . Chinn an Coimisiún gur sháraigh Twitter International Company, an rialaitheoir sonraí, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí mar a leanas:
- Airteagal 5(1)(c): Sháraigh Twitter prionsabal an íoslagh- daithe sonraí, de bhun Airteagal 5(1)(c) RGCS, nuair a cheangail sé ar an ngearánach a aitheantas a fhíorú trí chóip dá aitheantas fótagrafach a chur isteach .
- Airteagal 6(1): Níor shainaithin Twitter aon bhunús dleathach bailí faoi Airteagal 6(1) RGCS le cóip d’aithe- antas fótagrafach an ghearánaigh a iarraidh chun an iarraidh léirscriosta uaidh a phróiseáil .
- Airteagal 17(1): Sháraigh Twitter Airteagal 17(1) RGCS, toisc go raibh moill mhíchuí ann ar an iarraidh léirscrio- sta ón ngearánach a phróiseáil .
- Airteagal 12(3): Sháraigh Twitter Airteagal 12(3) RGCS trí mhainneachtain fógra a thabhairt don ábhar sonraí laistigh de mhí amháin faoin ngníomh a rinneadh i dta- ca leis an iarraidh léirscriosta uaidh de bhun Airteagal 17 RGCS .
Chinn an Coimisiún go raibh bunús dlí bailí ag Twitter, de réir Airteagal 6(1) (f), le seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin an ghearánaigh a bhí bainteach leis an gcuntas a choinneáil . Chinn sé freisin gurbh amhlaidh, gan dochar don chinneadh uaidh thuas maidir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí i ndáil le haitheantas fótagrafach, gur chomhlíon Twitter prionsabal an íoslaghdaithe sonraí toisc go raibh próiseáil an tseolta ríomhphoist agus na huimhreach teileafóin teoranta don mhéid ba ghá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil .
I bhfianaise mhéid na sáruithe, d’eisigh an Coimisiún iomardú chuig Twitter International Company, de bhun Airteagal 58(2)(b) RGCS . Ina theannta sin, d’ordaigh an Coimisiún do Twitter International Company, de bhun Airteagal 58(2)(d), leasú a dhéanamh ar a bheartais agus a nósanna imeachta inmheánacha le haghaidh iarrataí léirscriosta a láimhseáil chun a chinntiú nach gceanglófaí ar ábhair sonraí a thuilleadh cóip d’aitheantas fótagrafach a sholáthar nuair a dhéanann siad iarrataí léirscriosta sonraí, ach amháin i gcás go bhféadfaidh sé bunús dlí le déanamh amhlaidh a léiriú . D’ordaigh an Coimisiún do Twitter International Company mionsonraí faoina bheartais agus a nósanna imeachta inmheánacha athbhreithnithe a sholáthar dó faoin 30 Meitheamh 2022 . Chomhlíon Twitter an t-ordú sin faoin spriocdháta socraithe .